Naomh Bríd v Daingean Uí Chúis – Páirc an Chrócaigh, 3.40pm (Beo ar TG4)
Is beag seans nach dtuigeann imreoirí Dhaingean Uí Chúis cé chomh mór is atá an deis atá rompu i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna ach aon duine nár smaoinigh faoi, tugadh meabhrú maith dóibh siar an bóthar le seachtain anuas. Mura raibh fir an bhaile spreagtha ag an deis craobh na hÉireann a bhuachan, tá cúis bhreise anois acu. Ní bheidh siad ag iarraidh an ceiliúradh uile a fhágáil ag an dream thiar, seaimpíní chraobh idirmheánach na hÉireann.
Orthu féin agus ar Naomh Bríd Ros Comáin amháin a bheidh an Daingean dírithe tráthnóna, áfach. Tá aistear dochreidte curtha díobh ag an gcumann chun an lá seo a bhaint amach – craobh an chontae buaite den chéad uair le beagnach ceithre scór bliain, craobh an chúige buaite leis an gcic deireanach agus aiséirí ó na mairbh déanta i gcluiche leathcheannais na hÉireann – ach tá céim amháin eile le tógáil go fóill.
Is iad seaimpíní Ros Comáin agus Chonnacht rogha na n-údar sa gcluiche ceannais agus taithí go leor ag Naomh Bríd. Bhí siad i bPáirc an Chrócaigh ar an lá seo cúpla bliain ó shin agus bhí an chuma ar an scéal an lá céanna gur ag dul trasna na Sionainne a bheadh Corn Andy Merrigan nó go ndearna An Gleann teacht aniar sna nóiméid dheireanacha chun croí Naomh Bríd a bhriseadh.
Tá fir Ros Comáin ag iarraidh an scéal sin a chur ina cheart anois agus cuma láidir orthu sa bhfeachtas go dtí seo. Fuair siad an ceann is fearr ar sheaimpíní Mhaigh Eo agus na Gaillimhe – Stiofánaigh Bhéal an Átha agus Maigh Cuilinn – chun craobh Chonnacht a bhuachan roimh an Nollaig agus cé nárbh í an choimhlint idir iad agus An Bhoth ó Mhuineachán an cluiche leathcheannais ab fhearr a bhí riamh ann, bhí misneach, mianach agus miotal Naomh Bríd le feiceáil sa bhua ceithre phointe.
Tá imreoirí acu ar fud na páirce a d’imir do Ros Comáin, ó Robbie Dolan sa líne lánchúil, Ruaidhrí Fallon agus Brian Stack sa líne leathchúil, Eddie Nolan i lár páirce go dtí an naoscaire Ben O’Carroll sa líne lántosaithe.
Tá Conor Hand agus Bobby Nugent sa líne leatosaithe breá ábalta na scóranna dhá phointe a aimsiú chomh maith agus tá taithí go leor ag Naomh Bríd ar an mbinse freisin, an t-iarimreoir contae Senan Kilbride ina measc.
Tá aithne ag cách ar réaltaí móra an Daingin, go háirithe Paul Geaney agus Tom O’Sullivan. Is é Geaney a spreag an Daingean i gcluiche ceannais an chontae agus tionchar ollmhór aige ar chúrsaí i gcoinne Bhaile Buadáin i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann. Bhí an Daingean deich bpointe chun deiridh ag pointe amháin sa dara leath ach rinne Geaney, a tugadh isteach ag leath ama, agus Tom O’Sullivan gaisce chun an taoide a chasadh.
Beidh an uile dhuine ag teastáil chun an beart a dhéanamh inniu, áfach. Ní dhéantar an méid céanna cainte faoi mhuintir Uí Chonchúir sna cúlaithe is a dhéantar faoi mhuintir Uí Ghéibheannaigh sna tosaithe ach tá jabanna móra le déanamh ag Brian, Pádraig agus Aidan, mar aon le Conor Flannery agus Tom Leo O’Sullivan, chun srian a chur ar thosaithe Naomh Bríd.
Beirt Chonchúrach eile, Billy agus Mark, atá i lár na páirce agus is mór ag an Daingean taithí agus cumas an fhir atá fillte ón Astráil.
In ainneoin go bhfuil gortú ag cur as dá cholpa, beifear ag súil le Paul Geaney a fheiceáil ón tús inniu ach beidh cabhair ag teastáil óna chol ceathracha, Niall, Dylan agus Conor. Ní bheidh aon lá níos fearr ag Tadhg Browne ná Matthew Flaherty a lorg a fhágáil ar an gcluiche ach an oiread agus beidh taithí leithéidí Mikey Geaney agus Cathal Bambury ag teastáil níos déanaí, más ag tosú ar an mbinse a bheidh siadsan.
Táthar ann a cheapann gurb iad Naomh Bríd a mhúsclóidh an Daingean as a n-aislingeacht ach cá bhfios nach bhfuil beagán draíochta fós i scéal iontach bhliain na caide in iarthar Chiarraí.
Fág freagra ar 'An uile dhuine ag teastáil ón Daingean chun críoch iontach a chur le bliain na caide'