AN POD GAEILGE: ‘Ich bin ein Gaeltachter!’ – an misneach do chách a bhaineann le gaiscí peile Chorca Dhuibhne

  I dteannta chriú An Pod Gaeilge an tseachtain seo tá beirt chraoltóirí ó Chorca Dhuibhne Dara Ó Cinnéide agus Sláine Ní Chathalláin agus iad ag cur síos ar an áthas agus an mórtas cine, áite agus teanga a bhain le bua Chumann Caide na Gaeltachta i gcluiche ceannais idirmheánach na hÉireann Dé Domhnaigh seo […]

AN POD GAEILGE: ‘Ich bin ein Gaeltachter!’ – an misneach do chách a bhaineann le gaiscí peile Chorca Dhuibhne

 

I dteannta chriú An Pod Gaeilge an tseachtain seo tá beirt chraoltóirí ó Chorca Dhuibhne Dara Ó Cinnéide agus Sláine Ní Chathalláin agus iad ag cur síos ar an áthas agus an mórtas cine, áite agus teanga a bhain le bua Chumann Caide na Gaeltachta i gcluiche ceannais idirmheánach na hÉireann Dé Domhnaigh seo caite.

Pléitear an t-ardú croí a bhain leis an ngaisce do mhuintir Chorca Dhuibhne agus don Ghaeltacht trí chéile. Labhraítear chomh maith faoin ardán náisiúnta a thug an fhoireann peile don Ghaeltacht agus faoin lorg buan a d’fhéadfaidís a fhágáil ar chúrsaí teanga agus pobail sa cheantar.

Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

Fág freagra ar 'AN POD GAEILGE: ‘Ich bin ein Gaeltachter!’ – an misneach do chách a bhaineann le gaiscí peile Chorca Dhuibhne'