Céard í an chuimhne is mó a bheidh agat ar 2025?
Tá an t-ádh dearg orm go bhfuil neart cuimhní den scoth agam ó 2025, ach tá mé ag ceapadh gurb í an chuimhne is mó atá agam ná nuair a bhuaigh mé comórtas Steip ag an Oireachtas. Ní hé an bua is mó atá i mo chuimhne, ach an cineáltas a léiríodh dom agus an scléip a bhí agam i measc mo phobail agus mo chairde ina dhiaidh.
Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2025?
Go bhfuair roinnt dlúthchairde liom geallta i rith na bliana.
Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2025?
Fulaingt na ndaoine atá faoi chois. Fulaingt mhuintir na Palaistíne.
Cén tír nó áit speisialta ar thug tú cuairt air i mbliana?
Chaith mé cúpla seachtain san Albain Nua (Nova Scotia) i gCeanada mar chuid de scéim darb ainm ‘Siar agus Aniar’, a bhí eagraithe ag Údarás na Gaeltachta. Chas muid le pobail dhifriúla a bhí ag cur chun cinn a dteanga agus a gcultúir féin. Chaith mé mí sa tSeapáin níos deireanaí sa mbliain mar chuid den World Expo in Osaka. Bhí taispeántais cheoil agus damhsa ar siúl i bPailliún na hÉireann agus chas muid do lucht féachana iontach chuile lá, an chuid is mó acu nach raibh riamh in Éirinn nó roinnt acu nár chuala ceol traidisiúnta cheana.
Ó thaobh cúrsaí cultúir agus siamsaíochta de, cad iad na cláracha, leabhair nó podchraoltaí is mó a chuaigh i bhfeidhm ort i mbliana?
Ó thaobh ceol nuachumtha de, chaith mé go leor ama ag éisteacht le Joshua Burnside, Sam Amidon, Angie Mc Mahon agus le deireanas, le halbam nua atá eisithe ag Barry Kerr.
Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú i mbliana?
An tábhacht atá le pobal
Ar éirigh leat déanamh de réir aon rún a bhí agat ag tús na bliana?
D’éirigh liom taisteal chuig na háiteanna a raibh an-spéis agam iontu
Fág freagra ar '‘Ní hé an bua is mó atá i mo chuimhne, ach an cineáltas a léiríodh dom’'