‘Amaidí’ a mhaíomh go bhfuil an Teastas Covid ‘balanced’ ó thaobh na Gaeilge agus an Bhéarla

Ba chóir don Aire Sláinte gníomh a dhéanamh chun cothrom na Féinne a thabhairt don Ghaeilge ar Theastas Digiteach COVID an AE, a deir Conradh na Gaeilge

‘Amaidí’ a mhaíomh go bhfuil an Teastas Covid ‘balanced’ ó thaobh na Gaeilge agus an Bhéarla

Tá Conradh na Gaeilge ag impí ar an Aire Sláinte, Stephen Donnelly, gníomh a dhéanamh chun cothrom na Féinne a thabhairt don Ghaeilge ar an Teastas Digiteach Covid.

Rinne an eagraíocht teanga cáineadh géar ar an dearcadh a léirigh státseirbhísigh shinsearacha i leith chás na Gaeilge ar Theastas Digiteach COVID an AE.

Pléadh ag cruinniú de Chomhchoiste Sláinte an Oireachtais an tseachtain seo an phraiseach a rinneadh d’ainmneacha Gaeilge agus den aistriúchán ar na teastais ar deimhniú é go bhfuil an vacsaín faighte ag duine.

Nuair a chuir an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee na státseirbhísigh faoi bhrú maidir le cás na Gaeilge ar an teastas, dúirt Muiris O’Connor, Rúnaí Cúnta sa Roinn Sláinte, go mbeadh sé “místuama” é a athrú anois mar go raibh sé in úsáid ar fud na hEorpa.

Nuair a dúradh leis gur sárú ar an reachtaíocht a bhí ann gan an t-eolas go léir ar an teastas a bheith aistrithe go Gaeilge agus nach raibh aon chiall le cuid den mhéid a aistríodh, dúirt an Rúnaí Cúnta sa Roinn Sláinte go bhféachfaí “ar cad a d’fhéadfaí a dhéanamh” ach go mbeadh “go leor ceisteanna” ann faoi aon leasú a dhéanamh.

Mhaígh sé go raibh “a balance of Irish and English” ar an teastas.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur amaidí a bhí sa mhaíomh sin agus gur chóir don Aire Sláinte tabhairt ar na státseirbhísigh an scéal a chur ina cheart.

“Síleann muid gur ráiteas amaideach a bhí ann a rá go bhfuil na Deimhnithe Digiteacha ‘balanced’ ó thaobh na Gaeilge agus an Bhéarla de. Tá i bhfad níos mó Béarla orthu agus tá an Ghaeilge míchruinn orthu. Is fíricí iad sin.

“Rud “an-bhaolach” do chur chun cinn na Gaeilge sa státchóras é má cheaptar go bhfuil a leithéid d’easpa “cothromaíochta” don Ghaeilge inghlactha,” arsa Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

“Ba chóir don Aire Sláinte seasamh isteach agus gníomhú lena chinntiú go mbeidh aon Deimhniú Digiteach eile a eiseofar iomlán dátheangach agus an t-aistriúchán cruinn orthu.

“Ba chóir dó chomh maith a chinntiú go n-eiseofar na deimhnithe lochtacha arís go huathoibríoch leis na sínte fada in ainmneacha daoine orthu go cruinn.”

Mura ndéantar sin, dúirt De Spáinn gur chóir glacadh láithreach le héileamh an tSeanadóra Lorraine Clifford-Lee go mbunófaí líne chabhrach ar leith do dhaoine a ndearnadh praiseach dá n-ainmneacha toisc iad a bheith i nGaeilge.

Chuir an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil ar a súile do na státseirbhísigh ag cruinniú na seachtaine seo gurb í an bhrí a bhainfí as cuid áirithe den aistriúchán Gaeilge ná go raibh Covid-19 ar an té a raibh an teastas aige seachas go raibh vacsaín faighte aige ina aghaidh.

‘Galar a ghnóthaigh an duine seo (SARS-CoV-2 nó ceann dá leaganacha)’ an Ghaeilge a cuireadh ar an teastas ar ‘Disease or agent targeted: COVID-19 (SARS-CoV or one of its variants)’.

Fág freagra ar '‘Amaidí’ a mhaíomh go bhfuil an Teastas Covid ‘balanced’ ó thaobh na Gaeilge agus an Bhéarla'

  • máire

    níor chóir go mbeadh cothromaíocht i gceist. ba chóir go mbeadh teastas as Gaeilge ar fáil.