‘Amach leat!’ a bhéic m’eagarthóir inmheánach …

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: ná tabhair bata agus bóthar go róluath do mhioncharachtair nach léir a bhfeidhm ar an gcéad fhéachaint

‘Amach leat!’ a bhéic m’eagarthóir inmheánach …

Agus an chéad dréacht den úrscéal atá idir lámha agam faoi láthair á scríobh agam, shleamhnaigh mioncharachtar isteach sa scéal gan choinne. Bhí radharc á scríobh agam i bhfíorthús an leabhair ina gcasann laoch an scéil, saineolaí ar chúrsaí tráchta, agus méara na cathrach ina mbeidh laoch an scéil ag obair ar feadh bliana ar a chéile den chéad uair. Agus an radharc sin á shamhlú agam i m’aigne chonaic mé go raibh beirt ghardaí cosanta pearsanta ag an méara, agus go raibh stoda diamaint i gcluas dhuine den bheirt sin. An chéad rud eile, rinne fear an diamaint teagmháil súl leis an saineolaí tráchta… agus ní ar chúrsaí tráchta a bhí aigne laoch an scéil ar feadh na coda eile den chruinniú leis an méara.

Anois, bhí fadhb agam. 

Cinnte, bhí sé i gceist agam go dtitfeadh laoch an scéil i ngrá le fear eile. Ach níorbh é garda cosanta pearsanta an mhéara an fear sin! Mar bharr ar an donas, ag an bpointe seo sa phlota, ní raibh laoch an scéil tar éis casadh go fóill ar an bhfear a raibh sé ceaptha titim i ngrá leis – an príomhcharachtar eile, fear a shaothraíonn a chuid, go hiomlán neamhoifigiúil, ar charrchlós cois trá. 

‘Faigh réidh le fear an diamaint go beo!’ a dúirt glór ar chúl m’aigne. ‘Sciobfaidh sé an solas ón phríomhcharachtar!’

Glór m’eagarthóra inmheánaigh a bhí ann, ar ndóigh – ach ós rud é gurbh é an chéad dréacht a bhí idir lámha agam ní raibh cead cainte aige siúd go fóill. Beag beann ar an gcáineadh ar chúl m’aigne, shleamhnaigh fear an diamaint isteach i gcúpla radharc eile; bhí sé i láthair uair ar bith dár chas an gúrú tráchta leis an méara, ag cliúsaíocht le laoch mo scéil gan scáth ná náire.

Anois bhí fadhb i bhfad níos mó agam: bhí fophlota sa scéal a bhí fíorchosúil leis an bpríomhphlota. Thosaigh m’eagarthóir inmheánach ag béicíl.

‘Amach! Amach! Bain fear an diabhal diamaint sin amach!’

Ach ní imeodh fear an diamaint in áit ar bith. D’fhan sé ina sheasamh, a chosa i dtaca, a dhá lámh trasna ar a chéile, ag stánadh go drúisiúil isteach i súile laoch an scéil – agus gan oiread agus focal uaidh i rith an scéil ar fad. Cén fheidhm a bhí ag an mboc seo ar chor ar bith?

An tseachtain seo agus mé i mbun eagarthóireachta ar an radharc deireanach ina mbíonn fear an diamaint i láthair, rith sé liom faoi dheireadh cén fheidhm atá leis. Caidreamh grá achrannach a bhíonn idir laoch an scéil agus an príomhcharachtar eile, fear an charrchlóis; ní bheidh críoch shona ina gcinniúint. Bíonn fear an diamaint i láthair arís is arís eile, ag stánadh isteach i súile an tsaineolaí tráchta, chun a mheabhrú dó sin go bhfuil fir eile ann seachas fear an charrchlóis; go mbíonn rogha ag an duine i gcónaí i gcúrsaí an chroí.

Murar léir do scríbhneoir an fheidhm a bhíonn le carachtar ar an toirt, b’fhiú dó gan géilleadh dá eagarthóir inmheánach róluath agus bata agus bóthar a thabhairt don charachtar sin. Cá bhfios nach gcaithfeadh sé amach foshnáithe scéil a thabharfaidh doimhneacht don phríomhshnáithe, agus a thabharfaidh téagar don saothar ar fad ar an gcaoi sin.

Fág freagra ar '‘Amach leat!’ a bhéic m’eagarthóir inmheánach …'