‘All human life’ sa halla beag Gaeltachta ar imeall an Atlantaigh

Tá cuntas ar na ‘showbands siúlacha’ agus imeachtaí i Halla Charna i gConamara san aimsir a caitheadh in irisleabhar Iorras Aithneach i mbliana

‘All human life’ sa halla beag Gaeltachta ar imeall an Atlantaigh

‘All human life is there.’ Sin é an mana a bhíodh ag nuachtán ar mhór é a cháil scaitheamh den saol. Ba mhór an gaisce é sin. Ach ar a bhealach ait féin b’fhéidir go bhfuil an cine daonna, agus amaidí an chórais stáit, léirithe i scéal in Iorras Aithneach 2023. Na ‘showbands siúlacha’ agus imeachtaí i Halla Charna i gConamara san aimsir a caitheadh atá faoi chaibidil i leabhar bliantúil an cheantair sin. Lig chugaibh an scéal.

Fear agus a bhean chéile a tháinig isteach go hIonad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna an samhradh seo caite. Shílfeá go raibh an fear, go háirithe, an-tógtha leis an áit. Bhreathnaigh sé ina thimpeall agus bhreathnaigh sé ina thimpeall faoi dhó; rinne sé ceird dó. Chuile áit agus chuile orlach.

“He is remembering,” a deir a bhean. Bhí freisin. Chas sé ceol i Halla Charna 52 bliain ó shin. Ar an spota ceannann céanna atá Ionad Cuimhneacháin na nImirceach tógtha. Seán Mannion agus a bhean, Alice as Maigh Eo, a bhí istigh againn.

An ‘Hawaiian Showband’ an t-ainm a bhí ar an mbanna. Chuir sé chugainn fógra as eagrán den Evening Press a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair, 1971. In imeacht ocht n-oíche as a chéile bhí na ‘Hawaiians’ in ocht n-ionad éagsúil sa mBreatain agus in Éirinn. Thosaíodar amach i Kilburn i Londain agus chríochnaigh siad an turas sin i Halla Pobail Charna i gConamara (Kilburn, an Gresham i Londain, an tArd-Rí i Manchester, Corcaigh, an Caisleán Riabhach, Doire agus sa deireadh – Carna, Conamara.)

Ach cén chaoi ar tháinig banna a raibh an oiread sin deiseanna ceoil acu go Carna? Risteárd Mac Donnchadha as Cill Chiaráin a chuir ar an eolas mé. Bhíodh Risteárd i dteannta an tsagairt sa gceantar ag eagrú damhsaí – ‘impresario’ agus é ina fhear óg. “Bhíodar ann,” arsa Risteárd liom, “na Hawaiians. Bhí go leor bannaí ann.”. Bhí go deimhin. Is cosúil, an uair sin féin agus roinnt lagan ag teacht ar ré na Showbands go raibh na céadta acu fós fanta sa tír.

Ach dúisíonn scéal scéal eile. “Inseoidh mé ceann maith dhuit faoin saol sin uilig,” a deir Risteárd.

Sé Risteárd a théadh chuig an gCúirt leis an iarratas ar an gceadúnas damhsa. Scaitheamh sula raibh am an cheadúnais sroichte, tháinig bean isteach chucu sa siopa i gCill Chiaráin. “Níor aithnigh mé í, agus bhí roinnt iontais orm nár aithnigh mar go raibh eolas agam ar mhórán chuile chustaiméir a thagadh chugainn. Leis an scéal fada a ghiortú cheannaigh sí builín aráin. Pé ar bith scéal é, d’imigh sí léi.”

Ach ar ais chuig an gceadúnas damhsa agus dualgaisí fiontraíochta Risteáird.

I Halla Charna a bhíodh an Chúirt ar siúl – san áit chéanna a mbeadh na ‘Hawaiians’ ag ceol dá n-éireodh leis an iarratas. Ní raibh aon trioblóid ag baint leis sin. Ach bhí toghairm eile faighte ag Risteárd le haghaidh na Cúirte céanna! Cuireadh ina leith go raibh praghas an bhuilín leathphingin ró-ard ina shiopa i gCill Chiaráin! Cigire ón Roinn Stáit – i ngan fhios do Risteárd – a bhí freagrach as praghsanna a bhí sa mbean anaithnid a shiúil isteach chuige tamall roimhe sin sa siopa i gCill Chiaráin.

Ghlaoigh Cléireach na Cúirte ar Risteárd aríst agus cúis ina leith an iarraidh seo: leathphingin le cois a bhaint amach ar bhuilín! “Ó by dad,” arsa an Breitheamh, “fear an cheadúnais damhsa amuigh os mo chomhair aríst!” D’éist an Breitheamh an cás agus dúirt gur thuig sé an cás. Bhíodh siopa grósaera ag a mhuintir roimhe agus b’fhéidir go mbeadh athrú ar phraghsanna anois agus aríst. Scaoileadh le Risteárd gan ciontú ná foláireamh. Shuigh sé síos. Ní raibh sé ach cúpla nóiméad ina dhiaidh sin nó gur glaodh ar shiopadóir eile as Conamara agus cúis curtha ina leith gur bhain sé amach leathphingin le cois an phraghais ceart ar bhuilín.

Ó tharla Risteárd a bheith saor ón gcúis chéanna roimhe sin bhíothas ag súil go mbeadh an dara duine slán ó mhairg chomh maith – agus bhí. Thuig an Breitheamh an saol agus cúrsaí siopadóireachta.

D’imigh Risteárd abhaile agus a cheadúnas damhsa ina phóca aige agus é slán ó chúis na leathphingine a bhí tugtha ag an Stát ina aghaidh.

D’imigh an siopadóir eile abhaile é féin agus eisean slán ó mhairg.

An bhean a cheannaigh na builíní, bhí sise sa gCúirt agus í tagtha as ceannáras na Roinne ar chúis na leathphingine. Chuaigh sí ar ais ina carr agus ar ais gan pingin ná leathphingin a bheith buaite aici.

Théis na n-athruithe uilig atá ar an saol sna blianta ó shin, is diabhlaí gur mórán mar a chéile atá an saol ag an gcóras stáit fós.

Cúis dlí ar scáth leathphingine agus gan tada ag an stát as sa deireadh ach costas breise. Is beag nach gcuirfeadh sé na Binsí Fiosrúcháin i gcuimhne dhuit!

Ó, agus mo chuimhne, agus an Nollaig buailte orainn, nach dteastóidh ábhar léitheoireachta ó dhaoine agus tá neart eile scéalta agus neart eolais sa leabhar bliantúil Iorras Aithneach 2023.

Agus mo chuimhne, agus mo dhearmad, bhí buntáiste ar obair Risteáird Mhic Dhonnchadha sa gCúirt an lá sin – ní fearacht an státseirbhísigh as Baile Átha Cliath é: tháinig an Hawaiian Showband go Halla Charna ar an 17 Deireadh Fómhair 1971.

Cé a déarfadh nach raibh “all human life” sa halla beag ar imeall an Atlantaigh?

Fág freagra ar '‘All human life’ sa halla beag Gaeltachta ar imeall an Atlantaigh'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Scéal deas Máirtín. Cén áit ar féidir liom Cóip den iris Iorras Aithneach 2023 a fháil?. Táim thíos I gCiarraí.

  • Mairtín O Catháin

    Is maith liom gur thaithnigh an scéal leat, a Mhichíl. Is i nGaeltacht Chonamara amháin a
    bhíonn an leabhar bliantuil ar fail. Seo e a dhéanfaidh me – coinneoidh me cóip den leabhar duit o tharla gur chuir tréas air.
    Bheadh fáil orm in Ionad na nImirceach i gCarna i gConamara. Ta an leabhar geall le bheith díolta amach abhus anseo.
    Tá súil agam gur bhain sibh uilig, a léitheoirí,
    sult agus spraoi as an scéal.
    Mairtín Ó Catháin.