Aitheantas oifigiúil tugtha ag Trump d’Iarúsailéim mar phríomhchathair Iosrael

Thug Uachtarán Mheiriceá an chluas bhodhar do lucht iarrtha na guaime tráthnóna agus dhein ráiteas atá bunoscionn leis an bpolasaí atá ag Meiriceá i leith an Mheánoirthir le nach mór 70 bliain

Aitheantas oifigiúil tugtha ag Trump d’Iarúsailéim mar phríomhchathair Iosrael

Tá aitheantas oifigiúil tugtha ag Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá d’Iarúsailéim mar phríomhchathair Iosrael, in ainneoin achainí ceannairí ar fud an domhain gan déanamh amhlaidh.

“It is time to officially recognize Jerusalem as the capital of Israel,” a dúirt Trump sa Teach Bán tráthnóna.

Tá ráiteas Trump bunoscionn leis an bpolasaí atá ag Meiriceá i leith an Mheánoirthir le nach mór seachtó bliain anuas.

I measc na ndaoine a d’impigh ar Trump gan an ráiteas a dhéanamh ar eagla go ndéanfaí dochar mór do phróiseas na síochána sa Mheánoirthear agus go séidfí faoin bhforéigean sa cheantar, bhí an Pápa Proinsias. Dúirt an Pápa nach bhféadfadh sé gan labhairt amach faoin imní mhór a bhí air agus go raibh súil aige go mbeadh an lá leis an “gaois agus an stuaim” chun go seachnófaí a thuilleadh teannais i ndomhan atá lán le coimhlintí cheana, ach thug Trump an chluas bhodhar do lucht iarrtha na guaime.

Gheall Donald Trump le linn a fheachtais uachtaránachta anuraidh go dtabharfadh sé aitheantas oifigiúil d’Iarúsailéim mar phríomhchathair Iosrael agus go mbogfadh sé ambasáid Mheiriceá ann.

Cháin ceannairí na dtíortha Arabacha agus ceannairí san Eoraip cinneadh Trump, ach d’fháiltigh roinnt grúpaí Giúdacha roimhe.

Tá Iarúsailéim ar cheann de na cathracha is ársa agus is mó a bhfuil aighneas ina taobh ar domhan agus féachann formhór an tsaoil uirthi mar chríocha gafa.

Is in iarthar Iarúsailéim atá rialtas Iosrael suite ach dar leis na Palaistínigh is in oirthear na cathrach a bheadh príomhchathair an stáit nua atá á lorg acu. Fágann oidhreacht Mhoslamach, Ghiúdach agus Chríostaí na cathrach go bhfuil tábhacht agus íogaireacht ar leith ag baint léi, ní hamháin i gcúrsaí creidimh ach i gcúrsaí polaitíochta chomh maith.

Fág freagra ar 'Aitheantas oifigiúil tugtha ag Trump d’Iarúsailéim mar phríomhchathair Iosrael'