Áit i measc na Náisiún a theastaigh ó cheannairí an Éirí Amach…

Agus muid ag comóradh 1916, tá sé tráthúil féachaint siar ar conas a d’éirigh leis an dtír seo an áit atá aici inniu sa saol idirnáisiúnta a bhaint amach…

Fogra 1916 strap

Mapa Europe 1916

Ní saoirse amháin ach ‘uaisliú’ sean-náisiún na hÉireann i measc náisiúin an domhain an aidhm a chuir ceannairí an Éirí Amach rompu i bhForógra na Poblachta. Anois, céad blian caite agus muid ag comóradh 1916, tá sé tráthúil féachaint siar ar conas a d’éirigh leis an dtír seo an áit atá aici inniu sa saol idirnáisiúnta a bhaint amach.

Bhí breith dheacair ag an Stát nua a saolaíodh sna blianta corraithe tar éis an Éirí Amach agus bhí bearna leathan idir fís na réabhlóide agus an réaltacht a tháinig: deighilt nua ar an oileán; saoirse theoranta mar bhallstát den Chomhlathas Briotanach, ar mhacasamhail Cheanada seachas mar phoblacht iomlán neamhspleách; an Stát nua lag ó thaobh geilleagair agus tionscail dhe; conspóid fós faoina dhlisteanacht tar éis cogaidh chathartha shearbh.

I gcúrsaí idirnáisiúnta, chuir an chéad rialtas roimhe mar aidhm cur leis an chineál neamhspleáchais a bhí faighte ag an Stát nua, mar bhall den Chomhlathas, faoi Chonradh 1921; agus gaolmhar leis sin, aitheantas a fháil dó sa saol idirnáisiúnta mar stát a bhí réidh chun a chion féin a dhéanamh leis an tsíocháin dhomhanda a chur ar aghaidh.

Maidir leis an chéad ghné den aidhm sin, d’oibrigh an rialtas úd i gcomhar le Ceanada ag cruinnithe den Chomhlathas ins na fichidí chun go nglacfaí le sainmhíniú níos leithne ar an neamhspleáchas a bhí ag dul le ballraíocht san eagraíocht. D’éirigh leo: de réir Reacht Westminster a ritheadh sa bhliain 1931 glacadh leis go foirmiúil go mba chomhthionól deonach de stáit chomhionanna é an Comhlathas, agus go raibh Parlaimintí na mBallstát iomlán neamhspleách. Mar chomhartha eile neamhspleáchais d’oscail an rialtas leagáid chun labhairt ar son an Stáit i Washington, in áit an cúram sin a fhágáil faoi Ambasáid na Breataine.

Nuair a tháinig Eamon de Valera i gcumhacht i 1932 bhí an aidhm chéanna aige – cur le neamhspleáchas an Stáit – ach roghnaigh sé bóthar eile chun dul sa treo céanna. Diaidh ar ndiaidh chuir sé na ceangail fhoirmiúla leis an mBreatain a bhí mar bhac ar neamhspleáchas an Stáit ar ceal. Leis an reifreann ar an Bhunreacht sa bhliain 1937 chuir sé bunús nua – toil mhuintir na hÉireann – faoin Stát. Poblacht ab ea Éire anois i ngach slí ach amháin ina hainm foirmiúil.

Maidir le ról na tíre sa saol idirnáisiúnta – cé gur theip ar an gcéad Dáil i 1919 aitheantas a fháil ag Comhdháil Síochána Versailles ó na cumhachtaí móra a bhunaigh Conradh na Náisiún, chinn an Saorstát suíochán a lorg ins an eagraíocht nua agus glacadh leis mar Bhallstát i 1923. Thuig an rialtas sin, agus rialtas de Valera a lean é ins na tríochaidí, cé chomh tábhachtach is atá an tsíocháin agus réim an dlí i gcúrsaí idirnáisiúnta do thíortha beaga. Rinne Airí agus taidhleoirí na tíre a ndícheall chun an cuspóir sin a chur ar aghaidh sa Ghinéiv. Thug de Valera féin óráid chumasach i bhfabhar phrionsabal Chúnant an Chonartha agus é ina Uachtarán ar an gComhairle sa bhliain 1932.

Theip ar an eagraíocht ag deireadh na dtríochaidí agus thosnaigh an Dara Cogadh Domhanda. Bhí Éire lag ag an am agus gríosach an chogaidh chathartha beo fós sa tír. Chinn an Rialtas go mbeadh Éire neodrach. Ní ghlacfadh sí páirt sa chogadh ach amháin sa chás go mbeadh sí féin faoi ionsaí – an polasaí céanna a lean Meiriceá agus roinnt mhaith tíortha eile ag an am. Chuir sé sin as go mór don Phríomh-Aire Churchill. Tá sé soiléir anois, áfach, go raibh neodracht na hÉireann claonta go mór i bhfabhar na Breataine agus na gComhghuaillithe eile, rud nár tuigeadh ag an am.

Sa bhliain 1948, faoin Chomhrialtas, ritheadh Acht a rá go mba Phoblacht í Éire. Bhí conspóid dá bharr maidir lena stádas i leith an Chomhlathais, ach thángthas ar réiteach a d’fhág nach ball í den Chomhlathas ach fós nach tír iasachta í de réir dlí na Breataine. Inniu, ar ndóigh, le síocháin sa Tuaisceart táimid tosnaithe ar ré nua sa chaidreamh idir an dá thír.

Cuireadh eagraoícht nua síochána ar bun ag deireadh an chogaidh i 1945. Bhí de Valera amhrasach faoi ar dtús ach thuig sé go mba cheart don tír a cion féin a dhéanamh ar son na síochána agus an dlí idirnáisiúnta san eagraíocht nua, mar a bhí déanta aici cheana i gConradh na Náisiún. Le tacaíocht ón Dáil chuir sé iarratas ar bhallraíocht isteach chuig na Náisiúin Aontaithe ach cuireadh bac leis mar gur vótáil an tAontas Sóivéadach ina choinne ar an Chomhairle Slándála.  Mar sin, ní bhfuair Éire suíochán mar Bhallstát san eagraíocht go dtí 1955.

Iad siúd atá páirteach in achrann, ní ghlacann siad go fonnmhar leis an té a fhanann ar an taobhlíne. B’amhlaidh don tír seo i dtús na gcaogadaí – bhí sí ar leithlis cuid mhaith i gcúrsaí idirnáisiúnta, cé go raibh sí páirteach i mbunú Chomhairle na hEorpa. Ach anois mar Bhallstát ins na Náisiúin Aontaithe, faoin Aire Prionsias MacAogáin, bhí deis nua aici bheith gníomhach i gcúrsaí idirnáisiúnta. Ba rún uaidh, ar ghlac an Comhthionól leis d’aonghuth, a spreag na mórchumhachtaí chun Conradh in aghaidh iomadú núicléach a shíniú i 1968. Mar Bhallstát anois le seasca bliain tá ardmheas tuillte ag an tír seo: í gníomhach i réimsí na gcearta daonna agus na forbartha idirnáisiúnta; tofa trí huaire mar bhall den Chomhairle Slándála; agus cáil dá réir tuillte aici, go háirithe ag Óglaigh na hÉireann, as a seirbhís leis na Fórsaí Síochánaíochta.

Sa bhliain 1961 d’iarr Rialtas Lemass go nglacfaí leis an tír seo mar Bhallstát den Chomhphobal Eorpach. D’éirigh leis an iarratas faoi dheireadh sa bhliain 1973. Céim chinniúnach ab ea í ó thaobh leas na tíre dhe – go háirithe maidir le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta, agus stádas na tíre sa saol idirnáisiúnta. Cúig huaire ó shin i reifrinn ar Chonarthaí nua, in ainneoin ráitis ó am go ham faoin mbaol dár neodracht, cheadaigh an pobal don Stát dul ar aghaidh i dtreo lánchomhtháthú na hEorpa. Is cosúil go dtuigeann an pobal gurb é is brí le ‘flaitheas’ tír ar bith sa domhan atá inniu ann ná go mbeadh suíochán aici ag an mbord ag a bhfuil cinneadh maidir lena leas le déanamh.

Logo 1916 wide

Fág freagra ar 'Áit i measc na Náisiún a theastaigh ó cheannairí an Éirí Amach…'

  • Cormac

    Ba cheart altanna le Noel Dorr a fhoillsiu go rialta! Ta se seo ar fheabhas.

  • alan

    Ach ní luaitear an costas ós meán a ghaibh agus a ghabhann leis an ‘forbairt eacnamaíoch agus shóisialta’ sin.
    An í tuairim an údair nach bhféadfaí an fhorbairt chéanna sin nó forbairt níos fearr a bheith déanta ar bhonn neamhspleách dála mar a rinne an Ioruadh, an Íoslainn etc i bhfianaise na n-acmhainní iontacha nádúrtha atá againn agus ar ghlac fórsaí caipitúla trasnáisiúnta forlámhas orthu le deonú an Stáit?
    ‘Is cosúil go dtuigeann an pobal gurb é is brí le ‘flaitheas’ tír ar bith sa domhan atá inniu ann ná go mbeadh suíochán aici ag an mbord ag a bhfuil cinneadh maidir lena leas le déanamh’ …..is tábhachtaí go mór agus go fada inniúlacht, ionraiceas agus crógacht na ndaoine a bheadh sa suíochán sin ag an mbord sin nach chun leasa na tíre a dhéantar cinneadh i gcónaí.