Aistear Lúnasa as Gaillimh le triúr ban a thabharfadh ardú croí duit

Níorbh ionann cúlra na mban a casadh orainn ar an traein ag dul go Baile Átha Cliath ach bhí scéal acu go léir

Aistear Lúnasa as Gaillimh le triúr ban a thabharfadh ardú croí duit

Ní raibh aird uirthi i nuacht, ná i nuachtáin na maidine. Ach bhí fuadar fúithi ag obair go maith, luath. Feisteas óstáin uirthi agus í réitithe go slachtmhar. Ní raibh Laura le n-aithneachtáil ó dhuine ar bith eile den fhoireann. Tuige a mbeadh? Fuireadh oraibh!

Óstán i gContae an Dúin. As ceantar Chnoc an Mhargaidh i gContae Ard Mhacha í Laura. Tosaíonn sí a cuid oibre san óstán ag a seacht ar maidin – ach tosaíonn a cuid oibre níos luaithe ná sin.

“Bím ar bóthar ag a ceathair ar maidin,” a deir Laura linn. “Bíonn na céadta bó le bleán.”

Téann Laura, agus cúntóir léi, ag bleán i dtosach ar an bhfeilm is lú den phéire atá ar a cúram; 300 bó bhainne atá ansin. Dualgas réidh go maith é sin i gcomórtas leis an dara cruóg. 800 bó bhainne atá ag an bhfeilméara sin.

Athraíonn sí feisteas ina dhiaidh sin; tá sé in am a haghaidh a thabhairt ar an óstán.

Obair níos fusa ar bhealach ach obair níos casta ar bhealaí eile; ocht n-uaire an chloig dhe sin.

Ar ais anois i dtreo theorainn Ard Mhacha ach níl baol ar bith go bhfuil an lá oibre críochnaithe; tá na beithígh le bleán aríst.

Ansin a cuid caiple féin. Ní féidir léi drannadh leis an leaba nó go mbeidh chuile bheithíoch curtha chun suain.

“Ceithre huaire an chloig codlata, go hiondúil,” a deir Amy. Na laethanta a mbíonn sí saor ó obair an óstáin féin, bíonn neart eile ar a haire. Caitear na beithígh a bhleán chuile lá agus ansin tá aire le tabhairt dá cuid caiple féin. Bhí sí ag seó in Inis Ceithleann an lá roimhe sin. Fuair sé ribín an dara háit faoi dhó. Tuige a bhfuil sí chomh géar uirthi féin? “Ba mhaith liom tuilleadh caiple agus tuilleadh talún a bheith agam.”

Níorbh ionann cúlra na mban a casadh orainn ar an traein ag dul go Baile Átha Cliath agus saol Laura. Tíortha i gcéin, séirse anseo agus séirse ansiúd. Ach tá ancaire caite aice i gCúl an tSúdaire i gcontae Laoise – baile dúchais – agus stiúideo aice ag cur oiliúna ar dhaoine in óráidíocht agus i labhairt go poiblí.

Nach bhfuil dúshlán an-mhór tarraingthe aice uirthi féin i mbaile tuaithe? Scairt bhreá chroíúil gháire! Ach feiceann sí an taobh eile den scéal.

“Tá mé á shaothrú faoi láthair,” a deir Sarah. Ag an bpointe sin, bhí sí ar a bealach go Baile Átha Cliath. Déanann sí lá sa tseachtain ansin mar threoraí do ghrúpaí agus do dhaoine a bhfuil fonn orthu tuilleadh a fháil amach faoin gcathair. “Teastaíonn an lá sin,” arsa Sarah, “le téagar éigean a choinneáil sa sparán.” Ach tá a hintinn leagtha ar an obair is ansa léi, í sásta cúram eile a tharraingt uirthi féin leis an bpríomhghnó a choinneáil beo agus a fhorbairt ina bhaile dúchais.

Tá cáilíochtaí aice in earnáil na cumarsáide, an chur i láthair agus na poiblíochta. “B’fhéidir gur duine atá ag labhairt ar bhainis atá ag iarraidh comhairle; duine atá ag déanamh cur I láthair ag ócáid ghnó; duine atá ag teagasc nó a leithéid nó duine nó grúpa a bheadh ag iarraidh cúrsa ginearálta, níos fadtréimhsí.”

Aontaíonn sí nach ionann caint mhaith agus cumarsáid mhaith. Cé hé an duine ab fhearr a chuala sise a bhí in ann a dhul i gcion ar dhaoine lena chuid cainte? “Martin Luther King – gan ionsaí a dhéanamh ar dhaoine eile ach a leagan amach féin a chur i láthair sa gcaoi agus gur airigh tú an fhírinne ag ropadh amach óna chroí.” D’airigh sí trácht freisin ar Ronald Reagan – an ‘Great Communicator’ – ach dúirt sí nach raibh sí chomh heolach faoi. Ach ní caint uilig é ag Sarah.

Canúint Bhaile Átha Cliath, a deir muid le Lindsay. “Níl neart ar bith agam air,”a d’fhreagair sí go gealgháireach. Céard a thug aníos í go contae na Dúin? “An traein!” a deir sí de gháire.

Ach tá an scéal níos casta ná trup, trup na traenach.

Bhí sí ag obair i mBaile Átha Cliath ach bhí costas lóistín lasta. Ní raibh sé inrásta aici coinneáil leis an gcostas sin. Ba as An tIúr a máthair; shocraigh sí ar mhalairt muráite. €550 sa mí atá sí a íoc ar theach cónaithe sa mbaile mór sin ach go bhfuil costas tacsaí de bhreis agus £100 sa tseachtain uirthi – €22 chuig an obair agus €22 ar an aistear abhaile. Nach bhfuil sí geall le bheith chomh buailte céanna ag costais mhaireachtála?

“Níl,” arsa Lindsay. “Tá gnó beag agam ag an teach ag níochán éadaí do dhaoine ar fud na háite; déanaim séirse eile ar obair mhaisiúcháin idir phéinteáil ingní, agus dualgais mar sin.”

Níl duine ar bith den triúr ban seo ag caitheamh anuas ar an gComhairle Contae áitiúil; níl siad ag caitheamh anuas ar an Rialtas ó thuaidh no ó dheas. Níl siad ag caitheamh anuas ar an saol ná ar an aimsir. Creideann siad gur leosan an lá seo, agus an oíche, más gá.

Aistear Lúnasa as Gaillimh go Droichead na Banna agus scéalta ó dhaoine ar an mbealach; daoine a thabharfadh ardú croí duit, ar chaon taobh den teorainn.

Déarfá leat féin gur daoine iad a mbeadh Meiriceá ag feiliúint dóibh leis an dearfacht, an fuinneamh agus an gníomh.

Is fearrde Éire – ar chaon taobh den teorainn – go bhfuil an triúr seo, agus a macasamhail, fanta ar an taobh seo den Atlantach.

Fág freagra ar 'Aistear Lúnasa as Gaillimh le triúr ban a thabharfadh ardú croí duit'