Aisling na nÉireannach le tástáil ag Alban

Coimhlint chrua fhisiciúil agus fhíochmhar a bheas ann ach beidh an bua ag na hÉireannaigh ar Albain

Aisling na nÉireannach le tástáil ag Alban

Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Babhta 1 Éire V Alba: Domhnach 22ú Meán Fómhair

Tá sé chomh maith duit a rá go bhfuil foireann agus lucht leanta rugbaí na hÉireann ag fanacht leis an lá seo le ceithre bliana. Cothrom an ama seo in 2015 thug an Airgintín greadadh d’Éirinn, 43 i gcoinne 20 pointe, toradh a chuir deireadh le haisling na nGael babhtaí leathcheannais Chorn an Domhain a bhaint amach den chéad uair ó bunaíodh an comórtas sa mbliain 1987.

Idir sin agus seo, d’éirigh le foireann idirnáisiúnta na tíre seo stádas nua a bhaint amach i rugbaí an domhain. Ní hamháin gur éirigh leo an lámh in uachtar a fháil faoi dhó ar na hAll Blacks agus Grand Slam a bhuachtáil ach anois agus an 9ú Corn Domhanda ina thús is iad atá ar bharr thábla fhoirne rugbaí an domhain. Tá neart cainte á déanamh faoin stádas sin mar uimhir a haon ar domhan a bheith ag foireann na hÉireann faoi láthair agus is deacair teacht ar mhórán nach gceapann go bhfuil an córas measúnachta lochtach. Dar le mórán thiar sa gceathrú nó sa gcúigiú háit ba cheart an fhoireann sin againne a áireamh. 

Mar sin féin is iad na hÉireannaigh atá ar barr agus iad chun cinn ar churaidh an domhain an Nua-Shéalainn, a bhuaigh an dá chomórtas domhanda deireanach, in 2011 agus 2015, Sasana atá sa tríú háit agus an Afraic Theas atá sa gceathrú háit. Is cinnte go bhfuil brú ann féin ag

baint le stádas na hÉireann.

I ngrúpa A atá na hÉireannaigh, le hAlbain, an Rúis, An tSeapáin agus Samó. Beidh áit sna babhtaí ceathrú ceannais i ndán do pé ar bith cé na foirne a bheas sa gcéad agus sa dara háit sa ngrúpa.

Is fiú a lua ag an tráth seo gur éirigh leis na hÉireannaigh babhtaí ceathrú ceannais an chomórtais seo a bhaint amach faoi sheacht go dtí seo (in 1987, 1991, 1995, 1999, 2003, 2011 agus 2015). Theip orthu sna réamhbhabhtaí in 2007 nuair a imríodh an comórtas sa bhFrainc. 

Fiú agus na babhtaí ceathrú ceannais bainte amach acu gach aon uair eile, níor éirigh leo an babhta leathcheannais a bhaint amach fós. Ní cúis mhór mhórtais é sin d’fhoireann atá ar bharr thábla rugbaí an domhain. Go deimhin, fiú agus an stádas stairiúil sin acu, is deacair teacht ar mhórán daoine nach bhfuil imní orthu gurb é an toradh céanna atá i ndán dóibh sa gcomórtas seo. 

Feicfidh muid linn, ach caithfidh siad áit sna cluichí ceathrú ceannais a chinntiú arís ar dtús.

Cuirfear tús lena n-aistear sa tSeapáin inniu agus iad ag cur chun páirce i gcoinne na hAlban in Yokohama. Is iad na hÉireannaigh rogha na coitiantachta chun cáiliú i ngrúpa A agus Albain an dara rogha.

Sa seachtú háit i rangú rugbaí an domhain atá Albain faoi láthair agus an buntáiste ag foireann na hÉireann, cheapfá. Ní hamháin sin, bhí Albain ar cheann de na foirne a bhfuair Éire an ceann is fearr orthu i gcomórtas na Sé Náisiún i mbliana. 

Cé gurb iad na hÉireannaigh rogha na coitiantachta don chluiche seo, is cúis imní an méid dá gcuid imreoirí céad rogha a bhí ar liosta an dochtúra i rith na seachtaine seo. Cinnte tá dóthain daoine le tabhairt isteach ag Joe Schmidt chun an bua a chinntiú ach ní maith a bheith ag réiteach do chluiche atá chomh tábhachtach leis an gceann seo agus ceisteanna fos faoi leithéidí Rob Kearney, Robbie Henshaw agus Keith Earls.

Chomh maith leis sin is ábhar imní an chaoi ar imir na hÉireannaigh sna cluichí ullmhúcháin agus is cinnte go mbeidh Albain ag iarraidh teacht i dtír ar na laigí a tháinig chun solais sna cluichí sin.

Mar sin féin. tá mise chun seasamh le Joe Schmidt. Coimhlint chrua fhisiciúil agus fhíochmhar a bheas ann ach beidh an bua ag na hÉireannaigh, bua a chinnteoidh gurb iad  a bheas ar bharr ghrúpa A.

Céard is fiú a bheith ag caint faoi na babhtaí leathcheannais má theipeann orainn an chéad dúshlán a shárú?

Fág freagra ar 'Aisling na nÉireannach le tástáil ag Alban'