Airgead breise do choláistí samhraidh le moladh i dtuarascáil nua do Thithe an Oireachtais

I measc na moltaí a bheidh sa tuarascáil, molfar go dtabharfaí an deontas caipitíochta ar ais agus go dtabharfaí airgead breise do na mná tí

Airgead breise do choláistí samhraidh le moladh i dtuarascáil nua do Thithe an Oireachtais

Tá tuarascáil faoi chás na gcoláistí samhraidh Gaeltachta á réiteach ag Coiste Gaeilge an Oireachtais agus í le cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais sna seachtainí atá amach romhainn.

Molfar sa tuarascáil gur cheart airgead breise a chur ar fáil d’earnáil na gcoláistí samhraidh agus ciorruithe a cuireadh i bhfeidhm thart ar dheich mbliana ó shin a chur ar ceal.

I measc na moltaí a bheidh sa tuarascáil, molfar go dtabharfaí ar ais an deontas caipitíochta a thugadh an Roinn Oideachais do na coláistí samhraidh. Deontas €52 in aghaidh an scoláire a bhí i gceist sular cuireadh deireadh leis in 2008. Measadh ag an am gur cailliúint de €1.25 milliún a bhí ann do na coláistí samhraidh.

Agus iad ag éileamh go dtabharfaí ar ais an deontas, dúirt CONCOS, grúpa ionadaíochta na gcoláistí samhraidh, go dtabharfadh an deontas ról lárnach don Roinn Oideachais in imeachtaí na gcoláistí arís, ról nach ann dó i gceart anois, dar leo.

Molfar sa tuarascáil freisin gur cheart ardú a dhéanamh ar an airgead a chuirtear ar fáil do na mná tí, deontas laethúil na dTeaghlach Gaeltachta. €10 san oíche in aghaidh an scoláire a fhaigheann na mná tí ach tuigtear go bhfuil sé i gceist ag an gcoiste ráta €10.50 a mholadh, an ráta a bhí ann sula ndearnadh ciorrú air le linn an chúlaithe eacnamaíochta.

Dúirt bainisteoir Chomharchumann Chorca Dhuibhne, Páidí Ó Sé, go raibh sé in am dul siar ar na ciorruithe a rinneadh ar dheontas na mban tí.

“Níl aon ardú tagtha ar aon airgead do mhná tí ó 2012. Beidh deich mbliana ann an bhliain seo chugainn: in 2012, gearradh é. Nílim ach ag iarraidh go dtabharfar an t-airgead ar ais a bhíodh ann,” a dúirt Ó Sé agus é ag labhairt ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inné.

“Chuir bean téacs chugainn, ‘An bhfuil a fhios agat cén praghas atá ar Weetabix anois?’ a dúirt sí liom. Dúirt sí go raibh €8 orthu anois agus nach rabhadar ach €5 in 2006 nó 2007 nó 2010, agus bíonn an Weetabix acu ar fad.”

Tá na coláistí samhraidh féin fós ag fanacht ar chúiteamh a fháil ón Rialtas mar gheall ar chur ar ceal na gcúrsaí i mbliana de dheasca na paindéime, ach dúirt Ó Sé go bhfuil sé in am tosú ag ullmhú do chúrsaí 2022 agus gur gá na dúshláin a bheidh i gceist a phlé le Roinn na Gaeltachta anois.

“Ba cheart go mbeadh cruinnithe ann anois idir na mná tí, Roinn na Gaeltachta agus na coláistí chun go mbeadh mionrudaí, tithe a chóiriú, aontaithe eadrainn ar fad chun go mbeimis ullamh don mbliain seo chugainn.”

Tuigtear freisin go mbeidh moladh sa tuarascáil go mbunófaí Coiste Stiúrtha Náisiúnta, le hionadaithe ó Chomhairle Náisiúnta na gColáistí Samhraidh, ó eagraíochtaí oideachais, ó Roinn na Gaeltachta agus ón Roinn Oideachais. Dhéanfadh an coiste monatóireacht ar chaighdeán na gcúrsaí a chuireann na coláistí ar fáil ó thaobh an oideachais de. D’fhéadfadh sé a bheith mar sprioc ag an gcoiste seo gearrchúrsaí oiliúna a chur ar fáil d’oibrithe na gcoláistí, amhail múinteoirí agus cinnirí.

Tá tuarascáil nua an Choiste Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge bunaithe ar chruinniú a bhí ag baill an choiste le dreamanna éagsúla atá ag plé le hearnáil na gcoláistí samhraidh Gaeltachta.

Agus iad os comhair an choiste níos luaithe i mbliana, rinne CONCOS agus Gael Linn cáineadh ar na ciorruithe a chuir an Rialtas i bhfeidhm san earnáil le linn an chúlaithe eacnamaíochta.

Beidh roinnt moltaí sa tuarascáil dírithe ar níos mó scoláirí a mhealladh i dtreo na gcoláistí samhraidh trí fheachtas fógraíochta a chur ar bun agus níos mó scoláireachtaí a chur ar fáil.

Suas le scór moladh ar fad a bheidh mar chuid den tuarascáil, atá fós le haontú ag baill an choiste. Tuigtear go gcuirfear bailchríoch uirthi ag cruinniú príobháideach de chuid an choiste a bheidh ar siúl an tseachtain seo chugainn. Cuirfear faoi bhráid Thithe an Oireachtais ansin í agus déanfar an tuarascáil a phlé sa Dáil amach anseo.

Fág freagra ar 'Airgead breise do choláistí samhraidh le moladh i dtuarascáil nua do Thithe an Oireachtais'

  • Aedraen Ó Dubhghaill

    Más fíor an méid atá á rá ag an alt, táthar ag glacadh leis nach bhfuil múinteoirí ag fáil an oiliúint chuí sna coláistí oiliúna/ullmhúcháin leis an nGaeilge a theagasc.