Aire Stáit na Gaeltachta le tabhairt faoina chéad agallamh Gaeilge ó ceapadh é

Tá Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers ar a chéad chuairt oifigiúil ar an nGaeltacht inniu

Aire Stáit na Gaeltachta le tabhairt faoina chéad agallamh Gaeilge ó ceapadh é

Tá a chéad agallamh leis na meáin Ghaeilge beartaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers ó ceapadh é nach mór dhá mhí ó shin.

Déanfaidh an tAire Stáit an t-agallamh sin i gConamara le linn a chéad chuairte oifigiúil ar an nGaeltacht.

Nuair a ceapadh Chambers i mí Iúil, léirigh polaiteoirí an fhreasúra imní mhór faoin scéala go gcaithfeadh Aire Stáit nua na Gaeltachta tabhairt faoi “dhianchúrsa Gaeilge” chun “teacht isteach” ar an teanga.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur “fear cumasach” a bhí i Chambers agus go raibh lánmhuinín aige as go ndéanfadh sé leas na Gaeltachta agus na teanga ina phost nua.

Nuair a ceapadh é, dúirt Chambers go bhfuil sé “réasúnta compordach i mbun comhrá” i nGaeilge agus go raibh “leibhéal maith Gaeilge” aige tráth.

Diúltaíodh do na hiarratais ar fad atá déanta ag Tuairisc.ie ar agallamh Gaeilge nó dátheangach leis an Aire Stáit Gaeltachta go dtí seo, ach dheimhnigh urlabhraí de chuid Roinn na Gaeltachta do Tuairisc.ie aréir go raibh agallamh beartaithe ag Chambers leis na meáin chraolta fad is a bheadh sé i gConamara.

I bhfreagra ar cheist scríofa Dála an tseachtain seo, thug Chambers “cuairt ghairid” ar a chéad turas ar cheannáras Roinn na Gaeltachta sna Forbacha. Dúirt sé go raibh sé “ag súil go mór le cuairt a thabhairt ar gach ceantar Gaeltachta san am atá le teacht, na hoileáin Ghaeltachta ina measc.”

Dúirt urlabhraí Roinn na Gaeltachta le Tuairisc.ie go mbeadh an tAire Stáit i mbun cruinnithe ar feadh an lae inniu.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly mí ó shin gur “cúis imní” di nach raibh aon “ráiteas poiblí” faoin nGaeilge ná faoin nGaeltacht déanta ag an Aire Stáit Gaeltachta leis na meáin go dtí seo.

“Ba cheart go mbeadh an tAire atá i mbun chúraimí na Gaeltachta ar fáil le hagallaimh a dhéanamh leis na meáin.

“Bliain chinniúnach atá inti don Ghaeltacht agus don Ghaeilge mar gheall ar an ngéarchéim atá sa Ghaeltacht agus an phráinn a bhaineann le foilsiú an bhille teanga. Tá gá le tuiscint a fháil ar sheasamh an Aire Gaeltachta ar na ceisteanna seo,” a dúirt Catherine Connolly.

Agus ceisteanna á bhfreagairt aige den chéad uair mar Aire Stáit Gaeltachta i mí Iúil, chloígh Jack Chambers lena script réamhullmhaithe, fiú i gcás na gceisteanna leantacha a cuireadh air.

Fág freagra ar 'Aire Stáit na Gaeltachta le tabhairt faoina chéad agallamh Gaeilge ó ceapadh é'