FÍSEÁN: Ceisteanna Dála freagartha ag Jack Chambers den chéad uair mar Aire Stáit Gaeltachta

Chloígh Aire Stáit nua na Gaeltachta le script réamhullmhaithe sa Dáil ar maidin agus é á cheistiú den chéad uair ó ceapadh é an tseachtain seo caite

Duine ar bith a bhí ag iarraidh éachtaint a fháil sa Dáil ar maidin ar chumas an Aire Stáit nua Gaeltachta Jack Chambers comhrá a bheith aige i nGaeilge beidh siad ag fanacht tamall eile.

Agus ceisteanna á bhfreagairt aige den chéad uair mar Aire Stáit Gaeltachta chloígh an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil lena script réamhullmhaithe, fiú i gcás na gceisteanna leantacha a cuireadh air.

Mhaígh Chambers an tseachtain seo caite go bhfuil sé “réasúnta compordach i mbun comhrá” i nGaeilge mar atá ach go bhfuil faoi “dianchúrsa Gaeilge” a dhéanamh le “teacht isteach” ar an teanga. Bhí “leibhéal maith Gaeilge” aige tráth, a dúirt sé.

Chosain an Taoiseach Micheál Martin a chinneadh duine nach bhfuil líofa sa Ghaeilge a cheapadh ina Aire Stáit Gaeltachta.

Chuir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh ceist ar an Aire Stáit Gaeltachta cén uair a raibh sé i gceist ag an rialtas plean tarrthála a fhoilsiú don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i bhfianaise na paindéime.

Mar fhreagra air sin, léigh an tAire Stáit Gaeltachta eolas amach faoin chiste airgid atá curtha ar fáil cheana féin ag an Rialtas do na coláistí samhraidh agus d’Údarás na Gaeltachta.

In ainneoin iarrachtaí an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, a chuir an cheist chéanna faoi thrí, ní dúirt an tAire Stáit nua don Ghaeltacht an raibh sé i gceist ag an rialtas plean tarrthála don Ghaeltacht a fhoilsiú nó nach raibh.

D’fhreagair an tAire Stáit nua ceist chomh maith faoi hallaí pobail na Gaeltachta atá thíos leis an phaindéim, faoi mhaoiniú Údarás na Gaeltachta agus faoi Rannóg Gaeilge Ollscoil Uladh i gcampas Mhic Aoidh i nDoire.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Ceisteanna Dála freagartha ag Jack Chambers den chéad uair mar Aire Stáit Gaeltachta'

  • Seán Mag Leannáin

    De réir dealraimh ceapadh balbhán bolgchainteora mar Aire na Gaeltachta.

  • Seán Mag Leannáin

    D’éist mé leis arís agus, le bheith féaráilte dó, ní raibh sé ródhona á léamh ach fós féin tá sé áibhéiseach go mbeadh post mór ag teastáil le polaiteoir a spreagadh i dtreo na Gaeilge.

  • Darren Patrick

    €96,189.

  • Pól Ó Braoin

    Is léir nach bhfuil focal Gaeilge i bpluic ár nAire Ghaeltachta. Go bhfóire Dia orainn ach ní tharlódh a leithéid ach anseo abhus…

  • Aisling Ní Dhonnabháin

    Go bhfóire Dia orainn… náireach amach is amach.

  • Mícheál Ó Máirtín

    Cé nach bhfuil Gaeilge iontach ag an Aire nua seo molaim deis a thabhairt dó. Féach ar an méid dul chun cinn a rinne ár n-iarAire Oideachais. Mol an óige agus tiocfaidh sí. Tá Jack Chambers óg agus uaillmhianach. Éireoidh leis dul i ngleic leis an nGaeilge agus muinín in úsáid na teanga a bhaint amach.