Cosaint déanta ag an Taoiseach ar cheapachán Jack Chambers ina Aire Stáit Gaeltachta

Tá imní léirithe ag polaiteoirí faoin scéala go gcaithfidh aire stáit nua na Gaeltachta tabhairt faoi ‘dhianchúrsa Gaeilge’ chun ‘teacht isteach’ ar an teanga

Cosaint déanta ag an Taoiseach ar cheapachán Jack Chambers ina Aire Stáit Gaeltachta

Tá cosaint déanta ag an Taoiseach ar a chinneadh Jack Chambers a cheapadh ina Aire Stáit Gaeltachta.

imní mhór léirithe ag polaiteoirí de chuid an fhreasúra faoin scéala go gcaithfidh aire stáit nua na Gaeltachta tabhairt faoi “dhianchúrsa Gaeilge” chun “teacht isteach” ar an teanga.

Dúirt Micheál Martin inniu gur “fear cumasach” a bhí i Chambers agus go raibh lánmhuinín aige as go ndéanfadh sé leas na Gaeltachta agus na teanga ina phost nua.

Ag labhairt dó le Nuacht TG4, dúirt an Taoiseach go bhféadfaí “glacadh leis” go mbeidh an rialtas nua “an-ghníomhach” maidir le cur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta. Thug sé le fios go gcinnteodh sé féin, an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta, Catherine Martin, agus an tAire Stáit Jack Chambers an méid sin.

Ceapadh Jack Chambers, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil as Baile Átha Cliath Thiar, ina Phríomh-Aoire agus aire stáit Gaeltachta agus spóirt inné.

Deir Aire Stáit nua na Gaeltachta go bhfuil faoi “dianchúrsa Gaeilge” a dhéanamh le feabhas a chur ar a chuid Gaeilge sna seachtainí amach romhainn.

Deir Chambers go bhfuil sé “réasúnta compordach i mbun comhrá” i nGaeilge mar atá ach go bhfuil faoi an cúrsa a dhéanamh le “teacht isteach” ar an teanga. Bhí “leibhéal maith Gaeilge” aige tráth, a dúirt sé.

Dúirt Catherine Connolly, an Teachta Dála Neamhspleách do Ghaillimh Thiar, gur chuir ceapachán Chambers agus an tslí ar fógraíodh a cheapachán “fearg” uirthi.

“Bhí sé soiléir gur athsmaoineamh a bhí i gceist le cúraimí na Gaeltachta a leagan ar an Aire Stáit nua. Ní chothaíonn sé muinín ionam go bhfuil an rialtas nua dáiríre faoin nGaeilge agus faoin ngéarchéim sa Ghaeltacht.

“Tá mé thar a bheith buartha faoin gcur i gcéill atá ar siúl ó thaobh na Gaeilge. Dúradh linn gur roghnaíodh Dara Calleary mar Aire Stáit na Gaeltachta mar gur duine é a bhfuil Gaeilge aige agus fís aige don teanga. Inné, níor luadh aon rud den chineál sin,” arsa Catherine Connolly.

Dar le Dónall Ó Cnáimhsí, an tOifigeach Pleanála Teanga do cheantar Ghaoth Dobhair, gurb “údar mór imní agus frustrachais” an scéal.

“Tá mé cinnte gur Teachta Dála óg cumasach éirimiúil é Jack Chambers, a dhéanfaidh ionadaíocht mhaith ar mhuintir a dháilcheantair féin i mBaile Cliath Thiar chomh maith.

“Ach cén t-ábhar dóchais atá ina cheapachán do mhuintir na Gaeltachta? Ar leag sé cois ariamh inár measc, nó an ndúirt sé focal riamh ar ár son, an bhfuil fhios aige gurbh ann do phobal labhartha na Gaeilge?

“Tá imní orm nach bhfuil againn anse0 arís leis an chinneadh seo ach léiriú eile ar sheasamh na Gaeilge i gclár oibre an rialtais seo. Easpa suime, easpa físe agus mar sin easpa gnímh agus easpa dul chun cinn,” arsa Dónall Ó Cnáimhsí.

Chuir plean an aire stáit cúrsaí Gaeilge a dhéanamh i gcuimhne do dhaoine an chonspóid mhór a bhí ann nuair a cheap Enda Kenny an Teachta Dála de chuid Fhine Gael Joe McHugh ina aire stáit i Roinn na Gaeltachta in 2014.

D’fhógair Enda Kenny, a bhí ina Thaoiseach ag an am, go rachadh McHugh ar “aistear teanga” le linn dó a bheith ina aire stáit don Ghaeltacht agus chláraigh McHugh láithreach do chúrsa le hOideas Gael.

Cothrom an lae seo sé bliana ó shin, ar an 16 Iúil 2014, bhí agóid ag Conradh na Gaeilge i gcoinne cheapachán McHugh toisc nach raibh Gaeilge líofa aige, agóid inar ghlac Micheál Martin páirt ann.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge an tseachtain seo go raibh sé tábhachtach go mbeadh an té a bheadh freagrach as cúraimí na Gaeltachta agus na Gaeilge in ann feidhmiú trí mheán na Gaeilge agus nach mbeadh ar an duine sin a bheith ag foghlaim faoi na fadhbanna a bhaineann leis an teanga ar feadh bliain nó dhó.

Dúirt sé gur “tús maith” a bhí ann go raibh Jack Chambers in ann comhrá a dhéanamh i nGaeilge.

Fág freagra ar 'Cosaint déanta ag an Taoiseach ar cheapachán Jack Chambers ina Aire Stáit Gaeltachta'

  • Pól Ó Braoin

    Tá sé ar nós príomh-aire na Spáinne a bheith ceaptha sa bpost agus gan focal Spáinnise ina phluic. Ní gá a thaispeáint cá seasann an Ghaeilge i measc an dream seo FF FG agus fág na Glasaigh mar atá in ainm Dé. Is cuing ar mhuineál an rialtais seo an ghaeltacht agus lucht labhartha na Gaeilge agus muid ag iarraidh ár gcearta sibhialta Gaeilge in aghaidh an bhéarla éigeantaigh sa tír seo, agus ní thiocfaidh deireadh leis an scéal sin go dtí go mbíonn an rialtas ar thug muid ar gcuid vótaí dó i gcumhacht.

  • Gabriel Rosenstock

    B’fhearr liom féin ‘i bhfeidhmeannas’ seachas ‘i gcumhacht’ a rá. Ní ceart mórán cumhachta a thabhairt dóibh. Is é an Béarla teanga na cumhachta, is cuma cé a bheidh ‘i gcumhacht’.