Ainm Joe Steve Uí Neachtain curtha le leacht cuimhneacháin ina bhaile dúchais                  

Tá ainm fhathach na Cré Duibhe curtha le leacht i gcuimhne laochra litríochta agus béaloidis a cheantair dhúchais

Ainm Joe Steve Uí Neachtain curtha le leacht cuimhneacháin ina bhaile dúchais                  

Tá ainm an scríbhneora ildánaigh Joe Steve Ó Neachtain, as an Spidéal i gConamara, greanta i gcloch ina áit dúchais. 

Tá a ainm curtha ar leacht i gcuimhne laochra litríochta agus béaloidis an cheantair atá suite ar an Airdín Buí ar an taobh thoir de shráidbhaile an Spidéil.

Is é ainm Joe Steve an ceathrú hainm atá curtha ar chloch eibhir an leachta ó cuireadh é in airde sna 1990idí. Cheana féin bhí an staraí Ruaidhrí Ó Flaitheartaigh (1629-1718) , an scríbhneoir Eoghan Ó Neachtain (1867-1957) agus an t-úrscéalaí is gearrscéalaí Máirtín Ó Cadhain (1906-1970) tugtha chun cuimhne ar an leacht.

 “Duine d’fhathaigh shaol na Gaeilge, na Gaeltachta agus chultúr na hÉireann,” a tugadh ar Joe Steve Ó Neachtain ar an suíomh seo tar éis a bháis in Eanáir 2020. “Bhí a shaol agus a shaothar fréamhaithe sa cheantar as ar fáisceadh é agus inar chaith sé formhór a shaoil,” a dúradh faoi.

Rugadh Joe Steve Ó Neachtain ar an gCré Dhubh, taobh thiar den Spidéal, i 1942 agus i rith a shaoil thuill sé cáil agus meas mar scríbhneoir próis, mar fhile, mar dhrámadóir agus mar aisteoir. Bhí cáil air freisin mar gheall ar na sceitseanna, scoraíochtaí agus agallaimh bheirte a scríobh sé agus a cuireadh ar stáitse ag an Oireachtas go mion minic i gcaitheamh na mblianta. Ba cheannródaí é i nGluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta. 

Sa mbliain 1986 a foilsíodh a chéad leabhar, an cnuasach agallamh beirte agus bailéad Fead Ghlaice, agus is iomaí saothar uaidh a cuireadh i gcló agus a léiríodh ar stáitse ó shin.

Joe Steve Ó Neachtain. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

I measc na saothar sin, tá na cnuasaigh gearrscéalta Cloch Mhóin, Salann Garbh, Idir Neamh is Talamh agus An Diabhal Déanta; na húrscéalta Scread Mhaidine agus Láimh Láidir; na cnuasaigh filíochta De Dhroim Leice, An Dé Deiridh agus Fad Saoil, agus na drámaí In Ainm an Athar, Faoi Dheireadh Thiar agus Níor Mhaith Linn do Thrioblóid.

Bhain sé gradaim agus duaiseanna go leor amach dá shaothair, ina measc Duais Sheáin Uí Éigeartaigh, Gradam Chló Iar-Chonnacht agus Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta. Bhronn Coláiste na hOllscoile, Gaillimh céim oinigh air agus bhí sé ina bhall d’Aosdána. 

Agus ní le saol na Gaeilge amháin a bhain a cháil mar bhí aithne ar an Neachtaineach i measc daoine ar bheagán Gaeilge ar fud na tíre dá pháirt mar Pheadar sa sobaldráma Ros na Rún ar TG4.  

Tá Joe Steve agus a shaothar i mbéal an phobail i gcónaí agus is iomaí gáire a bhaineann an saothar sin as daoine, chomh maith le húdar smaoinimh a thabhairt. Bíonn Raidió na Gaeltachta ag athchraoladh a shárdhráma raidió iBaile an Droichid chuile sheachtain agus d’fhreastail na sluaite ar I gCion ar Joe – seó inar chuir Aisteoirí an Spidéil míreanna as a shaothair ar stáitse – mí an Mhárta seo caite.   

Is iad Comhlacht Forbartha an Spidéil a chinn ainm Joe Steve Uí Neachtain a chur ar an leacht cuimhneacháin tar éis dóibh dul i gcomhairle le muintir Uí Neachtain.

Is é an saor cloiche Paddy O’Toole, as Baile Éamoinn sa Spidéal, a chruthaigh an leacht as cloch eibhir Ros an Mhíl agus a ghrean na hainmneacha air an chéad lá riamh. Agus ba é Paddy a chuir ainm Joe Steve air moch maidin Chéadaoin na seachtaine seo. Tá péint úr curtha freisin ar scríbhinn uilig an leachta a bhí caite de bheagán le himeacht na mblianta.

I bhfoisceacht 10 slat nó mar sin den leacht cuimhneacháin a nochtfar dealbh Dé Sathairn beag de scríbhneoir a rugadh is a tógadh soir an bóthar ón gCré Dhubh, sin é  Máirtín Ó Cadhain as An Cnocán Glas.

Is minic a stopann daoine a bhíonn ag gabháil an bhealaigh lena bhfuil scríofa ar an gcloch eibhir ar an Airdín Buí a léamh. Beidh píosa sa mbreis le léamh acu as seo amach.  

‘Maireann Lorg a Lámh’ atá ráite in íochtar an leachta. Is fíor sin.

Fág freagra ar 'Ainm Joe Steve Uí Neachtain curtha le leacht cuimhneacháin ina bhaile dúchais                  '

  • Ciarán Ó Cualáin

    Le Cion ar Joe is ainm don seó a léirigh Aisteoirí an Spidéil. Mo leithscéal faoin botún sin.

  • Mise Áine

    @Joe Steve

    Scríbhneoir den scoth, duine cineálta cuidiúil, fear uasal.