Bhronn Cumann Sléibhteoireachta na hÉireann (MI) Gradam Lynam, an gradam aitheantais is mó dá bhfuil acu, ar an sléibhteoir aitheanta Gaelach Dermot Somers le déanaí. Tá aithne mhaith ag pobal na Gaeilge ar Somers mar gheall ar na trí leabhar Gaeilge a scríobh sé faoina chuid eachtraíochta – Rince Ar Na Ballaí (2002), Buaic (2006), agus Ar Muir is Ar Sliabh (2009) – agus na cláracha teilifíse a chuir sé i láthair ar TG4 – Cuairt na Cruinne, An Bealach Ó Dheas, agus Turas i mBaol ina measc.
Dúirt Somers le Tuairisc go raibh sé an-bhuíoch as an ngradam a fháil, ach gur chaith sé le gradaim agus le sléibhte ar an gcaoi chéanna – rudaí nach fiú bacadh leo “mura bhfuil do chuid cairde in éineacht leat”.
“Bíonn gradaim cosúil le mullach sléibhe a bhaint amach. Ba chuma liom i gcónaí ar éirigh liom nó nár éirigh liom mullach a bhaint amach, an rud ba thábhachtaí ná an caidreamh a bhí agam leis na daoine a raibh mé in éineacht leo ann. Tá sé agam i mBéarla sa leabhar nua atá foilsithe agam – ‘the company I kept brought the mountain to life’, agus bhí sé sin fíor faoin ngradam freisin,” a dúirt sé.
Tá sé an-bhuíoch de Chumann Sléibhteoireachta na hÉireann as an ngradam a bhronnadh air, a deir sé.
“Bhí orm léacht a thabhairt an oíche ar bronnadh é, agus an rud ba mhó agus ba thábhachtaí faoin oíche ar fad ná go raibh seanchairde liom ann. Bhí slua ann, daoine nach bhfaca mé le blianta fada agus b’in an gradam is mó a bronnadh orm – go raibh seanchairde i láthair an oíche sin agus bhaineamar an-taitneamh as an gcomhluadar agus bhíomar go léir ag athchuimhneamh ar rudaí a rinneamar agus rudaí a tharla san am a caitheadh. Bhí sé dochreidte an líon mór daoine a fheiceáil ag an ócáid.”
Tá Dermot Somers 77 mbliana d’aois anois agus tá breis agus caoga bliain caite aige i mbun sléibhteoireachta agus dreapadóireachta in Éirinn agus i bhfad i bhfad i gcéin. Ba é an chéad Éireannach a dhreap Na hÉadain Thuaidh sna hAlpa – an Matterhorn, Cima Grande di Lavaredo, Petit Dru, Piz Badile, an Eiger, agus Grandes Jorasses – agus bhí sé mar chuid den ‘tascar Éireannach’, mar a thugann sé féin air, a thug aghaidh ar Shliabh Everest in 1993.
“Thosaigh mé ag plé leis an tsléibhteoireacht nuair a bhí mé i m’fhichidí – thart ar 22, nó b’fhéidir 24 nó 25. Nuair a tháinig mé ar an tsléibhteoireacht den chéad uair sna 1960idí agus 1970idí ní raibh cur amach ar bith ag muintir na hÉireann uirthi. Is í an dreapadóireacht carraige [ailleadóireacht] an ghné is mó a thaitin liom, agus is í is mó a thaitníonn liom fós, tá mé fós gafa leis an gcarraigeadóireacht cé nach dtéim níos airde ná na hAlpa anois.
“Bhí mé ag tumadh roimhe sin, bhí mé i gcumann fothoinn nó ‘subaqua’. Bhí mé i gcónaí ag lorg rud éigin a bhí eachtrúil agus suimiúil, rud a raibh baint aige leis an dúlra, an nádúr, agus an timpeallacht. Thaitin cúrsaí fothoinn liom agus bhí mé ag baint an-taitneamh as, ach ansin tháinig mé ar an dreapadóireacht.
“Bhí mé ag siúl sna sléibhte i gCiarraí agus chonaic mé daoine ag dreapadóireacht agus chuir mé suim ann láithreach. Luaigh mé le cuid de na daoine a bhí sa chumann fothoinn agus bhí an tsuim chéanna acusan. Go luath ina dhiaidh sin, bhí mé sna hAlpa ag tosú ar an Ailpíneacht.”
Chaith Somers na blianta fada ag cur feabhais ar na scileanna ailleadóireachta agus sléibhteoireachta a bhí aige agus de réir mar a mhéadaigh ar a thaithí agus a scil bhí sé in ann a aghaidh a thabhairt ar dhúshláin mhóra shaol na sléibhteoireachta.
“D’fhan mé sna hAlpa ar feadh i bhfad agus d’éirigh go maith liom ann. Bhí cleachtadh maith agam, agus d’ardaigh an caighdeán a bhí agam bliain i ndiaidh bliana. Ar deireadh bhí mé in ann na héadain is mó agus is tábhachtaí a bhaint amach – chuir mé an-suim iontu siúd. Faoin mbliain 198- ,bhí cuid mhaith déanta againn, bhí an-taithí agus an-chleachtadh againn ar an Ailpíneacht agus thosaíomar ag gabháil níos faide i gcéin – go dtí na Himiléithe agus na hAindéis.
“Bhaineamar triail as rudaí níos airde. Is í an airde an rud is measa. Caithfidh tú dul i dtaithí uirthi agus caithfidh do chorp dul i dtaithí uirthi le feidhmiú ann. Bhíomar i Neipeal agus sa Tibéid go háirithe agus sa deireadh i 1993 bhí an turas go Everest ann.
“Sléibhteoirí Éireannacha ar fad a bhí ionainn agus theastaigh uainn go n-éireodh le hÉireannaigh Everest a dhreapadh den chéad uair an tslí cheart, nach mbeadh an gradam sin ag dul go duine éigin a d’íoc an-chuid airgid ar dhreapadh tráchtála,” a dúirt Somers.
D’éirigh lena n-iarracht agus leag an tÉireannach Dawson Stelfox a chos ar Mhullach an Domhain ar an 27 Bealtaine 1993. Ba é an t-aon duine den ochtar Éireannach a bhí ar an bhfoireann a bhain barr an tsléibhe amach.
“Cheapfadh daoine go mb’fhéidir go mbeadh díomá orm – bhí ochtar ann ach níor bhain ach duine amháin an mullach amach. Bhíomar ag cabhrú leis. Bhí Dawson iontach láidir agus iontach sciliúil an t-am sin, agus ba eisean a bhain amach an mullach. Theip ar an aimsir ina dhiaidh sin.
“Ní hé go mbíonn gaiscíoch amháin ann agus nach bhfuil an chuid eile go maith – caithfidh an t-ádh a bheith le duine. Bhain Dawson amach é ar son gach éinne eile, an lá dár gcionn bhí an aimsir go dona agus an séasúr thart. Is cuma liom faoin scéal sin ar fad anois, tá sé fágtha i bhfad taobh thiar díom.”
B’fhéidir go gceapfadh daoine gur ‘bua’ nó ‘teip’ a bhíonn i gceist ach ní hea, a deir sé.
“Mura n-éiríonn leat, téann tú ar aghaidh agus déanann tú rud eile – b’fhéidir rud a bhí níos tábhachtaí. Ní hé Everest an sliabh is tábhachtaí ná an sliabh is suimiúla, is é is airde agus sin é. Tá sléibhte eile ann a bhí i bhfad níos suimiúla agus níos tábhachtaí domsa,” a dúirt sé.
Go gairid i ndiaidh do Somers filleadh ar Éirinn tar éis a chuid eachtraíochta sna Himiléithe d’iarr TnaG air cláracha a dhéanamh faoin tsléibhteoireacht. Ar dhuine de na daoine a bhí in éineacht leis an ‘Tascar Éireannach’ bhí John Murray ón gcomhlacht léiriúcháin Crossing The Line. Cuireadh tús ansin leis an gcéad chaibidil eile in eachtraí Somers, caibidil a mhair breis agus cúig bliana déag.
“D’iarr TnaG orainn sraith a dhéanamh i 1995 don stáisiún a bhí le seoladh i 1996. Mhair an obair sin breis agus cúig bliana déag, is deacair cuimhneamh go beacht anois ar an tréimhse. Chuamar chun na hAindéise ar dtús.
“An rud a rinneamar sa chéad sraith sin, ghlacamar daoine éagsúla mar aíonna. Bhí Fiachna ó Braonáin ó na Hothouse Flowers againn, bhí sé iontach. Bhí sé dochreidte na rudaí a rinneamar leis na daoine sin, bhí Audrey Ní Fhearghail ar an Eiger agus bhí Pádraic de Bhaldraithe ar Mount Kenya.
“Bhí sé dochreidte an obair a chuireamar isteach ann, agus na cláracha a d’éirigh linn a dhéanamh – uaireanta in áiteanna iargúlta ar fud an domhain.”
Rinneadh sraitheanna eile in Éirinn faoi na sléibhte agus tugadh faoi thurais ar fud na tíre, ag plé leis an miotaseolaíocht agus leis an stair – dhá rud ar chuir sé suim iontu i gcónaí.
“Bhí sraitheanna éagsúla ann ach an ceann is mó a bhfuil cuimhne ag daoine air ná na turais a rinneamar leis na nomads. Bhí deacracht agam leis an bhfocal ‘fánaithe’ mar ciallaíonn sé duine nach bhfuil mórán céille acu. Ach bhíomar sa Tibéid, san Artach, agus san Afraic leis na nomads tráth a raibh bunús an tsaoil a bhí acu ag imeacht.”
Dúirt sé gurbh iad na turais sin ba mhó a thaitin leis féin, taobh amuigh dá chuid eachtraí pearsanta sléibhteoireachta.
“An ceann is mó ar chuir mé suim ann ná an ceann a rinneadh sa Tibéid le muintir yak. An fáth ar thaitin sé chomh mór sin liom ná go raibh an chlann ar fad – na páistí, na seandaoine, agus na hainmhithe féin mar chuid den turas.
“Téann siad ar fad ag siúl trasna na sléibhte ag tús an gheimhridh agus caitheann siad an geimhreadh ansin i Neipeal in áit atá beagán níos ísle. Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an turas sin go deo.”
Is iad na hAlpa is mó a thaitin leis i gcónaí.
“Tá carraig ann, tá leac oighir ann, tá sliabh ann. Caithfidh tú an-chuid a fhoghlaim agus caithfidh scileanna éagsúla a bheith agat chun iad a dhreapadh. Dá mbeinn ag díriú ar shliabh amháin ar leith, is é an Grandes Jorasses a roghnóinn. Sliabh mór ard agus speir amháin atá eachtrúil agus teicniúil.
“Tugtar ‘Walker Spur’ air ach níor chóir, is dreapadh atá ann! Sin an rud is mó thaitin liom i mo shaol féin – d’admhaigh mé go raibh rud éigin iontach déanta agam.”
Agus é ag smaoineamh ar an gcéad ghlúin eile de shléibhteoirí na hÉireann, deir Somers go bhfuil “atmaisféar álainn ag gabháil leis an tsléibhteoireacht”. Tá meas aige ar an dream óg mar gheall ar an aird a thugann siad don timpeallacht.
“Tá an-chuid sléibhteoirí óga ann anois, tagann siad chuig léachtaí agus buailim leo ar an gcreag. Tá siad an-deas ar fad, buailim le déagóirí agus daoine nach bhfuil mórán níos sine ná sin, agus bíonn siad chomh deas, múinte, béasach, greannmhar – an greann is mó a thaitníonn liom.
“Tá atmaisféar álainn ag gabháil leis an tsléibhteoireacht na laethanta seo. Treibh i bhfolach a bhí ionainn caoga bliain ó shin, ach tá an-chuid daoine ag dreapadh anois. A fhad is atá siad ag baint taitnimh as agus nach ndéanann siad dochar – agus aithním nach bhfuil, bíonn siad ag iarraidh na háiteanna a chaomhnú – tá mé sásta agus tréaslaím leo as an méid sin.”
Thréaslaigh Príomhfheidhmeannach Chumann Sléibhteoireachta na hÉireann Gradam Lynam le Somers féin i ráiteas a d’eisigh an eagraíocht an mhí seo.
Diarmaid Ó Cofaigh
Ar fheabhas! Agallamh iontach, GRMA a Mhaitiú
Pádraig O'hEipicín
Cad é an sliabh ab airde sular thangthas ar sliabh Everest. ???.
Donnchadh Ó Seaghdha, Dromadúin, An Sciobairín, Eire
An shuimiúil ar fad , ta súil agam go mbeidh na cláracha Dermot Somers athchraoilte ar an teilifís arís