AGALLAIMH: Imreoirí na hÉireann lán le muinín tar éis an chomhscóir

Tá imreoirí na hÉireann ar labhair Tuairisc.ie leo sásta go bhfuil smacht fós acu ar á gcinniúint agus iad meáite ar throid go bun an angair

Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer
Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer

Pointe ar cheart dúinn a bheith sásta leis nó deis ar dhá phointe ligthe le sruth?

Sin í an cheist a chuir Tuairisc.ie ar imreoirí na hÉireann tar éis an chomhscóir i gcoinne na Polainne.

An téama ba choitianta acu ná “gur fúinne atá sé fós” cé acu an bhfuil nó nach bhfuil aon ní cóir i ndán dúinn sna babhtaí cáilithe.

Táimid fós ann, cé gur sa cheathrú háit atáimid.

Ach an bua ‘morálta’ eile a bhí ann d’fhoireann na hÉireann nó an céim chun tosaigh dáiríre é? Agus bua ag an nGearmáin (2-0 i gcoinnena Seoirsia) agus ag Albain (6-1 i gcoinne Giobráltar), is fúinne atá sé, cinnte, ach le trí phointe idir na ceithre foirne ag barr an tábla, beidh coimhlint ghéar go deireadh ann.

“Is cinnte go bhfuil smacht againn fós ar ár gcinniúint,” a dúirt Shane Long. “An comhscór, is toradh fíorthábhachtach é sin dúinn. Dá mba rud é gur chailleamar na trí phointe, bheimis sé phointe chun deiridh orthu. Is mór an bhearna í sin.

“Ach is fúinne atá sé léim tharstu anois. Nílimid ag brath ar thorthaí eile. Táimid muiníneach go bhfuil na himreoirí againn atá maith go leor chun an comórtas craoibhe a bhaint amach. Caithfimid dul amach anois agus an méid sin a chruthú.”

Ach fad is a bhí Long ag suí ar an mbinse, is beag a léirigh foireann na hÉireann den mhuinín chéanna. D’fhéadfaí a áiteamh gurb iad na Polannaigh ba chúis lena gclis féin. Bhí nach mór uair a’ chloig le dul fós nuair a chúlaigh siad siar. Seans dá bhfanfaidís ar an ionsaí, go mbeadh rás na nÉireannach rite.

Buíochas le Dia go raibh foireann idirnáisiúnta na Polainne chomh diúltach sin ó thaobh meoin de gur chrom siad ar an bhfarasbarr cúil a bhí acu a chosaint agus an uair a’ chloig sin fágtha.

Dar le cúl báire Aston Villa Shay Given go dtabharfaidh an cúl comhscóir déanach spreagadh nach beag do na himreoirí roimh na cluichí móra atá le teacht.

“Beidh muinín againn asainn féin ag dul chun na Polainne, go háirithe tar éis an taispeántais a thugamar uainn sa dara leath. Foireann mhaith atá iontu ach is féidir an ceann is fearr a fháil orthu. Má éiríonn linn brú a chur orthu ó thús sa Pholainn, is féidir linn fadhbanna a chruthú dóibh.

“Bhí an taispeántas sa dara leath sásúil agus má éiríonn linn déanamh amhlaidh sa chluiche i gcoinne na hAlban, tharlódh nach mbeadh aon locht againn amach anseo ar an bpointe a fuaireamar aréir…Measaim gur pointe tábhachtach a bheas ann.”

Gach seans go mbeidh an ceart aige, bealach amháin nó bealach eile.

Ba bheag gaisce a rinne Robbie Keane le linn an chluiche aréir, ach i ndiaidh na himeartha bhí sé dóchasach leis faoina bhfuil i ndán don bhfoireann.

“Tabharfaidh sé [cúl Shane Long] muinín dúinn agus sinn ag breathnú chun tosaigh ar an gcluiche i gcoinne na hAlban. Ta fhios againn gur féidir linn an beart a dhéanamh agus go mbeimid ag troid go bun an angair chun rud éigin fónta a dhéanamh i ngach cluiche.”

Fág freagra ar 'AGALLAIMH: Imreoirí na hÉireann lán le muinín tar éis an chomhscóir'