Ag cur do thuairisce… (na scéalta is mó a léadh ar Tuairisc.ie le seachtain anuas)

Colún plé agus eolais dár léitheoirí…

Quotations 2


Le teacht ar Tuairisc.ie…

Bíodh súil in airde agaibh mar is gnáth le roinnt scéalta agus colúin shuimiúla eile ar Tuairisc.ie sna laethanta amach romhainn agus leithéidí Phóilín Uí Chiaráin, Cathal Mac Coille, Mártan Ó Ciardha, Seosamh Ó Cuaig, John Allen, agus Alex Hijmans i mbun pinn againn.

Ná bíodh aon leisce oraibh teagmháil a dhéanamh linn faoi aon ghné d’obair Tuairisc.ie ag nuacht@tuairisc.ie nó ar FacebookTwitter. Scaipigí an scéal, le bhur dtoil! 


Na scéalta is mó a léadh ar Tuairisc.ie an tseachtain seo

Béarlachas is ea ‘fear dubh’ agus 4 mhícheartú choitianta eile


Gan cothrom na féinne’ do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta i mBuiséad 2016


Méadú suntasach ar líon na bhfocal Gaeilge ag Joe McHugh agus ceachtanna Gaeilge eile an bhuiséid


Cúrsa céime nua i gCumarsáid agus Gaeilge le bheith ar phríomhchampas OÉG


Dhá chonradh nua ar fiú €3.48 milliún iad sínithe ag Aer Arann Islands le Roinn na Gaeltachta


A ndúirt siad…

Pé ní mar gheall ar fhuascailt mhíorúilteach a bheith aimsithe ag Michael Noonan ar fhadhb an ‘boom, bust’, is cosúil go bhfuil réiteach fadtéarmach aimsithe aige i gcás na Gaeilge agus na Gaeltachta – ‘bust, bust’.”

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Shamhlaigh mé iad amach anseo ar chlár cainte, leithéidí Oprah Comhrá, agus iad i mbun faoistine. “Agus an mbíodh sí ag cailleadh an block go minic?’ a d’fhiafrófaí díobh i gcogar. Tharraingeodh an Cailín Mór Beag amach an ciarsúr is ghlanfadh deoirín as corr a súl sula dtabharfadh sí a freagra stadach. ‘Bhíodh, bhíodh.’ 

Bridget Bhreathnach

Cibé imní a chuireann rófhlaithiúlacht an rialtais nó róspreagadh an gheilleagair ar an gComhairle Chomhairlitheach Bhuiséadach, mar shampla, ní mór é líon na dTeachtaí Dala a shíleann go gcaillfidh páirtithe an rialtais mórán vótaí dá bharr.

Cathal Mac Coille

Is againn atá an stát is lárnaí an taobh seo den Chóiré Thuaidh. Ní fiú trácht ar a bhfuil de chumhacht ag na comhairlí áitiúla. Chaith mé deich mbliana ar Chomhairle Contae na Gaillimhe agus chonaic mé é sin lá i ndiaidh lae. Cumann díospóireachta a bhí ionainn an chuid ba mhó den am.

Seosamh Ó Cuaig

Bhí Cearnóg Shaftesbury ar imeall theas na cathrach plódaithe le daoine óga, ag ceol, ag ól, ag rince agus sceitimíní orthu. Nílim chomh soineanta go ndéarfainn gur chruthúnas é go bhfuil deireadh le seicteachas ná seanfhaltanais ach ba léiriú é go bhfuil sé ar chumas daoine a bheith dearfach in éindigh nuair atá údar acu.

Póilín Ní Chiaráin

D’éirigh mé féin ábhairín soiniciúil agus tuirseach den seanfhocal nuair a bhíos féin ag gabháil don mhúinteoireacht go lánaimseartha. Bhíodh an iomad drochmhúinteoirí, polaiteoirí, craoltóirí srl á úsáid. Ba iad na múinteoirí leisciúla ba mhó a théadh i muinín an mholta.

Mícheál Ó Ruairc

Cén diabhal castróvaics atá ort?

Breandán M Mac Gearailt


Físeán na seachtaine…


Pictiúr na seachtaine

Paul O'Connell celebrates 7/2/2009


Sin é ár gcion-na an babhta seo.

Kevin Hickey 

Thar ceann fhoireann Tuairisc.ie