Cúrsa céime nua i gCumarsáid agus Gaeilge le bheith ar phríomhchampas OÉG

Ar champas na cathrach a bheidh mic léinn chumarsáide lonnaithe ó Mheán Fómhair 2016 ar aghaidh ach caithfidh siad an tríú bliain ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara

NUIG_DSC00304-770x4491-770x449

Is ar phríomhchampas Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a bheidh an chéim nua i gCumarsáid agus Gaeilge lonnaithe ó Mheán Fómhair 2016 amach.

Caithfidh mic léinn na céime sin an tríú bliain den chúrsa in Ionad na hOllscoile ar an gCeathrú Rua, ach múinfear modúil na mblianta eile (bliain a haon, a dó agus a ceathair) i nGaillimh. Is i gcomhpháirt le Roinn na Gaeilge san Ollscoil a dhéanfaidh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge an chéim nua seo a thairiscint.

Cúrsa ceithre bliana atá sa chéim seo ach tá rogha á tairiscint do mhic léinn chomh maith staidéar a dhéanamh ar Léann na Cumarsáide mar ábhar roghnach as féin mar chuid den chéim ghinearálta sna Dána in imeacht trí bliana.

Tabharfaidh sé seo deis do mhic léinn staidéar a dhéanamh ar go leor ábhar eile ina theannta, ina measc, an Ghaeilge féin, Béarla, Fraincis, Stair, Léann an Aistriúcháin, Iodáilis, Spáinnis, Teicneolaíocht na Faisnéise, Síceolaíocht agus Léann na Socheolaíochta agus na Polaitíochta.

Fágann an tsolúbthacht seo go mbeidh deiseanna fostaíochta ag céimithe cumarsáide i dtionscal na meán agus in earnáil na Gaeilge, ach go bhféadfaidh siad dul le múinteoireacht freisin más é sin a rogha i ndeireadh báire.

Tá Roinn na Gaeilge ar an roinn is mó i Scoil na dTeangacha in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus is iondúil go mbeadh thart ar 500 mac léinn ag déanamh staidéir ar an teanga ag leibhéil éagsúla ann.

Ina measc siúd, tá mic léinn an BComm. Tabharfaidh siad sin a n-aghaidh ar an gCeathrú Rua an fómhar seo chugainn agus déanfar socruithe oibre dóibh in earrach 2017, mar a mbeidh siad ag obair in áiteanna a bhfuil an Ghaeilge á labhairt.

Tá sé i gceist go mbeadh suas le 150 mac léinn páirteach sa Seimeastar Gaeltachta in aghaidh na bliana in Ionaid na hOllscoile sa Ghaeltacht faoin mbliain 2020.

“Forbairt thráthúil é seo ar Léann na Cumarsáide in OÉ Gaillimh, agus cuideoidh meascán den iniúchadh acadúil agus den oiliúint phraiticiúil san iriseoireacht, sa léiriú teilifíse agus raidió, sa chraoltóireacht, sna hilmheáin agus i réimse ábhar eile, cuideoidh sé lenár gcuid mac léinn barrthaitneamh a thabhairt don chúrsa úr,” a dúirt Riarthóir Léann na Cumarsáide, Uinsionn Mac Dubhghaill.

“Clár acadúil téagartha é seo a chuirfidh sároiliúint ar mhic léinn i Léann na Cumarsáide agus sa Ghaeilge. Beidh scoth na ndeiseanna fostaíochta acu dá bharr agus cuirfidh muid fáilte roimh mhic léinn a bhfuil spéis acu sa gcruthaitheacht agus in ardscileanna teanga,” a dúirt Dónall Ó Braonáin, Príomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Fág freagra ar 'Cúrsa céime nua i gCumarsáid agus Gaeilge le bheith ar phríomhchampas OÉG'

  • Concubhar

    Sin an craiceann is fearr á chur ar an drochscéal go mbeidh buille eile arís á thabhairt don Acadamh Ollscolaíochta…..

    • Fearn

      Abair é, a Chonchubhair.

      Ba mhaith liom fháil amach an mó cúrsa agus modúil atá trí Ghaeilge sa choláiste sin anois

  • Pádhraic Beag

    Chuile mhaidin bíonn flít cailíní agus lads óga as Conamara a’ ghul isteach ag an gcoláiste chun cúrsaí Béarla a dhéanamh. Tá siad a’ ghul go Bleá Cliath agus Sasana freisin agus cuma leo ach an cúrsa is fearr a fháil. Má tá cúrsa maith ann trí Ghaeilge i nGaillimh seans go roghnóidh cúpla duine acu é a dhéanamh má tá suim acu ann. Ach cuir ceist acu ar mhaith leo dul ar chúrsa ar an gCeathrú Rua agus gheobhaidh tú freagra sciopthaí go leor. Tá lá an ‘riservation’ thart a mhac.