‘Gan cothrom na féinne’ do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta i mBuiséad 2016

Méadú 2.7% a fógraíodh do chúrsaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileáin i mBúiséad 2016, léiriú eile go bhfuil cúrsaí Gaeilge ‘caite sna fataí lofa’ ag an Rialtas dar le lucht a cháinte

‘Gan cothrom na féinne’ do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta i mBuiséad 2016

McHugh-0016

Níor tugadh “cothrom na féinne” i mBuiséad an lae inniu do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, dar le heagraíochtaí teanga agus polaiteoirí an fhreasúra.

Méadú 2.7% a fógraíodh do chúrsaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileáin i mBúiséad 2016, agus €44.206 milliún a bheidh le caitheamh ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le hais €43.063 milliún i 2015.

San áireamh sa mhéadú sin tá €1.9 milliún d’fhorbairt Theach an Phiarsaigh i Ros Muc mar ionad oidhreachta agus €1 mhilliún atá le caitheamh ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Laghdú 1.8% –  ó €13.444 milliún go €13.201 milliún – a fógraíodh ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge agus beidh mórán an méid céanna de bhuiséad ag Údarás na Gaeltachta an bhliain seo chugainn is a bhí i mbliana aige.

Ardú €25,000 atá i gceist i gcás an Údaráis ó €17.485 milliún go dtí €17.510 milliún.

An soláthar caipitil céanna a bheidh ag an Údarás i 2016 is a tugadh don eagraíocht i mBuiséad 2015. €5.687 milliún a bheidh ar fáil don eagraíocht i 2016 ar mhaithe le forbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht.

D’fháiltigh an tÚdarás tráthnóna roimh ráiteas an Aire Stáit Joe McHugh ina ndúirt sé go raibh sé i gceist aige “tuilleadh maoinithe a lorg don Údarás faoin bpróiseas meastachán athbhreithnithe”.

Fógraíodh €1 mhilliún de chistiú breise don Údarás faoin bpróiseas sin ag deireadh na bliana seo caite.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, go raibh sé “scannalach” go raibh ciorruithe fós á ndéanamh i réimse na Gaeilge agus na Gaeltachta agus nach raibh ach ardú “suarach” fógartha i mbuiséad an Údaráis.

“Cuimhinigh go raibh €1.5 billiún le dáileadh sa Bhuiséad seo agus tá siad ag maíomh as airgead do Theach an Phiarsaigh agus 2016. Is maith ann an t-airgead sin, ach níl cothrom na féinne tugtha do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta sa bhuiséad seo. Is léir sin ón mbealach ar caitheadh leis an Údarás agus an Foras,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Dúirt de Spáinn go bhfágfadh Buiséad an lae inniu agus an gearradh siar ar bhuiséad an Fhorais go háirithe  “go mbeidh pobal iomlán na tíre seo thíos leis, ó thaobh deiseanna úsáidte Gaeilge agus foghlama na teanga de”. Dúirt sé go mbeadh “impleachtaí tromchúiseacha” ag an scéal “ar an obair a chuireann Conradh na Gaeilge agus grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta eile i gcrích i measc an phobail”.

“Tá Seachtain na Gaeilge ar an bhféile idirnáisiúnta Ghaeilge is mó ar domhan mar shampla, ach d’fhéadfaí go mbeadh ciorrú 50% ar bhuiséad na féile sin i measc cuid na n-imeachtaí tromchúiseacha ag teacht ón laghdú maoinithe sa cháinaisnéis seo inniu – níl sé seo ceart ná cóir,” a dúirt Julian de Spáinn.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh, gur léiriú a bhí i mBuiséad an lae inniu “ar easpa measa” an Rialtais ar an nGaeilge agus b’údar suntais dó nárbh fhiú don Aire Caitheachas Poiblí Brendan Howlin fiú tagairt don Ghaeltacht agus figiúirí don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta á bhfógairt sa Dáil tráthnóna aige.

“Tá sé soiléir go bhfuil cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta caite sna fataí lofa ar fad ag an Rialtas seo. Ciorrú le fírinne atá ann ar bhuiséad an Údaráis agus ar bhuiséad an Fhorais ag am a bhfuil méadú ann ar bhuiséid an IDA agus Fiontraíocht Éireann.

“Níl aon cheo ann a chuirfidh borradh faoin bhfostaíocht sna ceantair tuaithe, a mheallfaidh imircigh abhaile ná a thabharfaidh cothromaíocht do chuid de na pobail is measa as sa tír,” a dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

Chuir Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh fáilte roimh an soláthar do ghnóthaí  Gaeilge agus Gaeltachta a fógraíodh inniu.

Chuir sé fáilte go háirithe roimh an airgead breise a fógraíodh don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus do na hoileáin.

“Cinntíonn an leithdháileadh seo go mbeidh sé ar ár gcumas leanúint orainn ag cur ár bpríomhthosaíochtaí i gcrích agus ag seachadadh réimse leathan de sheirbhísí tábhachtacha don phobal,” a dúirt an tAire McHugh.

D’fháiltigh sé chomh maith roimh an allúntas do Theach an Phiarsaigh agus roimh an allúntas de €250,000 atá curtha ar fáil don scéim An Teanga Bheo atá mar chuid de Chlár Comórtha Céad Bliain 2016.

D’fháiltigh Údarás na Gaeltachta roimh an soláthar caipitil €1.9 milliún atá curtha ar fáil d’fhorbairt Teach an Phiarsaigh i Ros Muc mar ionad cuairteoirí.

“Ciallaíonn sé seo anois go mbeidh an pacáiste maoinithe iomlán ar fáil chun an fhorbairt bheartaithe a thabhairt chun críche,” a dúradh i ráiteas ó Údarás na Gaeltachta.

Tá súil ag an Údarás chomh maith go gcuirfear ar fáil dóibh sciar den €1 mhilliún atá curtha ar leataobh chun feidhm a thabhairt don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus tacú leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le Tuairisc.ie go gcaithfí an milliún seo “leis an bpróiseas pleanála teanga ar an talamh”.

“Áirítear anseo tacaíocht d’eagraíochtaí pobail chun cabhrú leo tabhairt faoi phleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú faoi Acht na Gaeltachta 2012 sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge.

“Cuideoidh sé fosta le cur i bhfeidhm tionscadal nuálacha eile, ar a n-áirítear Plean Digiteach don Ghaeilge atá á fhorbairt faoi láthair,” a dúirt urlabhraí na Roinne.

 

Fág freagra ar '‘Gan cothrom na féinne’ do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta i mBuiséad 2016'

  • Donncha Ó Ceallacháin

    Níl an deontas d’ábhair oidí chun freastal ar an nGaeltacht tugtha thar n-ais go fóill. Tá feachtas úr tosnaithe ag na haontais do mhic léinn i gColáiste Mhuire Gan Smál, Coláiste Phádraig agus na cinn eile chun é a fháil thar n-ais ach níl aon fhreagra ag teacht ó Jan O’Sullivan agus ní dócha go dtiocfaidh…. Ba cheart an tréimhse a bhaint nó an deontas a chur amach arís mar tá sé fós ag cur brú ar dhaltaí an E1,400 a íoc….

  • Séamas Mac Coitir

    Táim tinn tuirseach a bheith ag éisteacht leis an mbladhmann chéanna le fada an lá, agus níl faic curtha i gcrích go dtí seo, maidir le slánú na Gaeilge, atá ag meath go tréan!, Níl ann ach bréagchráifeacht, baothchainteanna gan dealramh, agus mórtas thóin gan taca!

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Aontaím go hiomlán le Séamus Mac Coitir. Maith thú!