Samhlaím na páistí amach anseo ar chlár cainte, leithéidí Oprah nó Comhrá, agus iad i mbun faoistine…

AG TÓGÁIL CLAINNE: Níor thuig ár gcolúnaí go dtí an lá eile gur mheas na leanaí go raibh cónaí orthu faoi dheachtóireacht dhian, chrua

maxresdefault

‘Ná cuir é sin i do bhéal, nó caillfidh Mamaí an block!’ a dúirt an Cailín Mór Beag leis an mbabaí agus uafás ina glór. Bhí sí ag cur comhairle ar a deartháirín beag maidir le seasamh na dtréan faoi dheachtóireacht neamhtrócaireach. Níor tharraing a comhairle rómhaith leis an íomhá atá agam díom féin mar dhuine réasúnta, tuisceanach, fiú.

Bhreathnaigh mé anonn ar choirneál na mbréagán go bhfeicfinn cén seoid a mheas sí a tharringeodh racht an tíoránaigh. Píosa beag lego ar chruth bláth a bhí ann agus é ar an méid díreach ceart don duine atá bliain go leith d’aois agus a dtaitníonn leis rudaí a chur siar ina bhéal. Bhí mé ionann is cinnte go raibh na píosaí beaga sin bailithe agus curtha i bhfolach agam cheana. Ba léir nach ndearna mé jab sách maith.

Níl a fhios agam ar thuig a deartháirín go baileach cé chomh dáiríre is a bhí sí lena cuid comhairle. D’imigh sé ar ais chuig an gcarnán ag lorg píosa eile a bhí sách beag le cur siar in éindí leis an gcéad phíosa. ‘Beidh Mamaí an-oibrithe!’ a mheabhraigh sí dhó, ach ba chuma leis, bhí a chlár oibre fhéin aige agus bhí sé dhul cloí leis.

‘Tabhair dhom é sin amach as do bhéal,’ a d’iarr mé air. D’éirigh sé aníos dhá thóin de phreab is thosaigh ag lámhacán, ag déanamh ninety i dtreo an halla agus gliondar air. Níor chabhródh an eachtra seo le m’fheachtas do ghradam ‘Mamaí na Bliana’.

Níor thuig mé roimhe sin gur mheas siad go raibh cónaí orthu faoi dheachtóireacht dhian, chrua. Más tada é, cheap mé gur mé fhéin a bhí i mo chónaí faoi dheachtóireacht agus go raibh triúr deachtóirí beaga míthrócaireacha ag éileamh orm.

Shamhlaigh mé iad amach anseo ar chlár cainte, leithéidí Oprah Comhrá, agus iad i mbun faoistine. “Agus an mbíodh sí ag cailleadh an block go minic?’ a d’fhiafrófaí díobh i gcogar. Tharraingeodh an Cailín Mór Beag amach an ciarsúr is ghlanfadh deoirín as corr a súl sula dtabharfadh sí a freagra stadach. ‘Bhíodh, bhíodh.’

An raibh aon fhuascailt i ndán dom, nó an raibh sé rómhall?

Chuaigh mé díreach chuig tobar an eolais. ‘Meas tú an mbím róchrua oraibh?’ a d’fhiafraigh mé de Bheainín na Naíonáin Bheaga agus mo chroí i mo bhéal. Mo mhuirnín, mo stóirín, mo leainín bán…

Bhreathnaigh sí orm agus chuimhnigh sí uirthi féin.

Sa deireadh, labhair an saoi. ‘Ara, bíonn tú ag tabhairt amach scaití,’ a dúirt sí, ‘ach tá tú alright.’

Fág freagra ar 'Samhlaím na páistí amach anseo ar chlár cainte, leithéidí Oprah nó Comhrá, agus iad i mbun faoistine…'

  • Fearn

    “Níor chabhródh an eachtra seo le m’fheachtas do ghradam ‘Mamaí na Bliana’.”

    Sin ceann maith :-)