Mol an óige agus tiocfaidh siad – seanráiteas lom gan éifeacht

Nuair a bhí sé óg agus idéalach, bhí ár gcolúnaí i ngrá le seanfhocal áirithe ach tá sé éirithe soiniciúil agus tuirseach den seanfhocal céanna

 

11/10/2012. Taoiseach opens new extension at Loreto Balbriggan. Taoiseach and Fine Gael leader Enda Kenny 'high fives' pupils at the opening of a new extension at Loreto Secondary School in Balbriggan this afternoon. Photo: Laura Hutton/RollingNews.ie
Pictiúr: Laura Hutton/RollingNews.ie

Tráth dá raibh, bhíos i ngrá leis an seanfhocal áirithe seo: ‘mol an óige agus tiocfaidh sí’. Mar mhúinteoir óg, bhíodh sé mar mhana agam féin chun daltaí a spreagadh agus a mhisniú. Chreideas ann. Chreideas go ndearna an síormholadh maitheas d’anam agus do spiorad na n-óg. Chreideas an dóigh chéanna go raibh fírinne ag gabháil le heireaball an tseanfhocail áirithe seo: ‘cáin an óige agus titfidh sí’.

Ar an ábhar sin, staonas d’aon ghnó de bheith ag cáineadh na n-óg. Bhíos óg agus idéalach mé féin sna luathbhlianta múinteoireachta sin. Aislingeach. Ach ansin, de réir a chéile, thosnaíos ag ceistiú fírinne an tseanfhocail atá faoi chaibidil agam. An ndéanann moladh maitheas don óige? Ar an lámh eile, an ndéanann cáineadh dochar don óige?

Ba bheag moladh a bhíodh ann maidir leis an aos óg go dtí leathchéad bliain ó shin, d’fhéadfaí a rá.

Bhíodh an cáineadh i bhfad ní ba choitianta san aois seo caite, go dtí deireadh na seascaidí ar aon chaoi. Earra gann ba ea moladh na laethanta úd. Bheadh ort éacht a chur i gcrích sula molfaí tú agus fiú ansin bheadh maolú ar an moladh i gceist mar agúisín i gcónaí. Rud éigin ar nós: ‘Maith an fear. Bhí sé sin go diail ar fad. Beimid ag súil le rudaí móra uait amach anseo.’ Ionas nach mbeadh cloigeann ataithe agat!

Níos minice ná riamh, ní bhíodh moladh ná cáineadh i gceist maidir le gníomhartha gaile is gaisce na n-óg sa bhaile, ar scoil ná sa tsochaí. Deineadh talamh slán de go bhféadfadh daoine óga éachtaí móra a chur i gcrích le linn dóibh bheith i mbarr a maitheasa.

D’éirigh mé féin ábhairín soiniciúil agus tuirseach den seanfhocal nuair a bhíos féin ag gabháil don mhúinteoireacht go lánaimseartha. Bhíodh an iomad drochmhúinteoirí, polaiteoirí, craoltóirí srl á úsáid. Ba iad na múinteoirí leisciúla ba mhó a théadh i muinín an mholta. Bealach éasca a bhí ann dóibh a ndualgaisí i leith a gcuid daltaí a sheachaint.

Bheadh na tuairiscí scoile lán de bhréagmholtaí plámásacha ag múinteoirí nach ndéanfadh tada ar a son sa seomra ranga.

D’fhás cultúr de short áirithe suas i dtaobh a bheith ag moladh daoine óga. Bhí kudos le fáil as bheith ‘óigemholtach’. Bhí sé faiseanta agus ceartpholaitiúil a bheith ag marú na hóige le moladh, más maith leat. Aimsir toghcháin, d’fheicfí polaiteoirí agus iad cíocrach chun bheith i ngrianghrafanna i dteannta daoine óga. An bhfuil ní ar bith ar domhan níos measa ná gamal de pholaiteoir agus é ag dul i muinín na mbos fada (high fives) agus é/í a bheith ag iarraidh a bheith supercool i láthair na n-óg? Mar an gcéanna le daoine sna meáin chumarsáide, iad ag satailt ar a chéile chun a bheith cool agus óigemholtach agus mór leis an óige, mar dhea.

Béalchráifeacht agus fimíneacht dhéistineach. Iad ag iarraidh teacht i dtír ar an óige ar mhaithe leo féin is gan tada á dhéanamh acu chun fadhbanna na n-óg a réiteach. Ach, ar ndóigh, iad an-cháiréiseach maidir lena rogha de dhaoine óga. Ní gach duine óg a mholfaidís, na fimínigh chéanna go minic. Dhéanfaidís scagadh cúramach ar na baill den óige a roghnóidís le haghaidh an ardmholta: daoine óga ón uasalaicme nó ón meánaicme go hiondúil; daoine óga a raibh teann ar a gcúl; daoine óga ar éirigh leo gaisce nó éacht mór a chur i gcrích ar nós 600 pointe a bhaint amach i Scrúdú na hArdteistiméireachta; daoine óga a fuair gradaim nó aitheantas de chineál éigin i gcúrsaí spóirt nó ceoil nó i gcomórtais éagsúla. Daoine óga faoi bhuntáiste, más maith leat.

Ach níl moladh ar bith de dhíth ar na daoine óga seo. Tá siad molta fiú dá mbeidís ina dtost. Tá siad molta go hard na spéire. Tá siad rómholta. Tá siad báite le moladh ó bhí siad in aois linbh. A rian sin orthu cuid mhaith acu. Iad ina bhféinspéisithe sotalacha, leithleacha, loitithe, ardnósacha, tréithe a bheidh acu ar feadh a saoil. Iad truaillithe ag an rómholadh.

Ar an dtaobh eile den scéal, tá céatadán mór den óige nach moltar in aon chor. Iad siúd ón ísealaicme nach bhfuil teann ar a gcúl; iad siúd nár éirigh leo mórán a bhaint amach i Scrúdú na hArdteistiméireachta ná gaisce nó éacht a chur i gcrích ná aitheantas de chineál ar bith i gcúrsaí spóirt a aimsiú ach oiread. Daoine óga faoi mhíbhuntáiste.

Iad siúd na daoine a bhfuil an moladh de dhíth orthu. Daoine nach bhfuair ach cáineadh agus díspeagadh lena mbeo. Iad siúd na daoine óga go mba chóir do na múinteoirí leisciúla, na polaiteoirí falsa, na gamaill sna meáin chumarsáide a bheith ag díriú a n-aird orthu is a bheith ag iarraidh iad a spreagadh.

Is iad siúd an dream a bhfuil na fadhbanna acu, an dream a bhfuil poist agus ardú meanman ag teastáil go géar uathu chun a bhféinmhuinín agus a bhféinmheas a fhorbairt. Moladh fiúntach. Moladh fónta ó dhaoine nach fimínigh nó caimiléirí iad. Gníomh a theastaíonn. Bearta seachas briathra.

Faoi láthair, mar shampla beag amháin, tá an céatadán is airde de dhaoine óga atá dífhostaithe, breis agus 24%, nó duine óg as gach ceathrar, le fáil in Éirinn. Táim lánchinnte gurbh fhearr leis an gceatadán sin post a fháil ina dtír dhúchais seachas bréagmholadh plámásach. Gníomhartha fónta seachas focail fholmha a theastaíonn. Gan gníomhartha fónta taobh thiar de, is beag maitheas atá sa seanfhocal áirithe seo, dar liom. Níl ann ach ráiteas lom gan éifeacht.

Fág freagra ar 'Mol an óige agus tiocfaidh siad – seanráiteas lom gan éifeacht'

  • Siobhán

    Aontaím go huile is go hiomlán leis an méid a deir tú anseo. Chaith mé bhliain ag múineadh i scoil DEIS le haghaidh mo chuid cleachtadh múinteoireachta, agus táim ag tnúth go mór le fileadh ar ais ar an scoil sin, nó scoil eile dá leithéad. Chaith mé an bhliain ar fad ag obair le daltaí ná raibh aon moladh á fhail acu, agus nuair a bhfuair siad moladh, bhfeicfá ar a naghaidh go ndearna sé móran difríocht dóibh, fiú rud beag ar nós ‘maith thú’, ‘an-jab’, ‘sár obair’ …