Dhá chonradh nua ar fiú €3.48 milliún iad sínithe ag Aer Arann Islands le Roinn na Gaeltachta

Conradh bliana, ar fiú €1.62m é, sínithe ag an Roinn leis an gcomhlacht Aer Arann Islands chun aersheirbhís a chur ar fáil d’Oileáin Árann agus conradh eile 4 bliana, ar fiú €1.86 milliún é, sínithe leis an gcomhlacht céanna chun seirbhísí bainistíochta aeradróim a chur ar fáil

aerarann15-0063

Tá conradh bliana, ar fiú €1.62m é, sínithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta leis an gcomhlacht Aer Arann Islands chun seirbhís aeir a chur ar fáil d’Oileáin Árann.

Ba é Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, a thug le fios ar maidin go bhfuil síneadh bliana curtha ag a Roinn leis an gconradh atá ag Galway Aviation Services Ltd, ainm trádála Aer Arann Islands, chun an tseirbhís aeir a chur ar fáil.

Maireann an conradh ón 1 Deireadh Fómhair 2015 go dtí an 30 Meán Fómhair 2016.

Idir an dá linn, d’fhógair an tAire McHugh go bhfuil conradh eile ceithre bliana aontaithe idir a Roinn agus Galway Aviation Services Ltd chun seirbhísí bainistíochta aeradróim a chur ar fáil ag na haeradróim ar Oileáin Árann, ag an gCloigeann agus ar Inis Bó Finne, Co. na Gaillimhe. Mairfidh an conradh seo, ar fiú €1.86 milliún é, ón 1 Deireadh Fómhair 2015 go dtí an 30 Meán Fómhair 2019.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, ar an 25 Meán Fómhair go raibh deireadh curtha aige leis an bpróiseas tairisceana maidir leis an gconradh do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann.

Dúirt an tAire an lá sin go rachadh Roinn na Gaeltachta “i mbun comhráití” le Aer Arann Islands d’fhonn teacht ar chomhaontú leo maidir le seirbhís aeir a chur ar fáil do na hoileáin fad is atá an próiseas tairisceana nua á chur i gcrích.

Is ar an 26 Lúnasa a d’fhógair an tAire McHugh gurb iad Executive Helicopters Limited a roghnaíodh le seirbhís aeir a chur ar fáil do mhuintir Árann.

Ó rinne an tAire an fógra sin, tá feachtas ar bun ag muintir Árann chun go leanfaí leis an tseirbhís eitleáin ó Aerfort na Minne in Indreabhán go hÁrainn mar mhalairt ar an seirbhís héileacaptair as an gCarn Mór i nGaillimh a bhí beartaithe ag Executive Helicopters Ltd.

Theastaigh ó mhuintir Árann go dtarraingeofaí siar an tairiscint a bhí déanta leis an gcomhlacht héileacaptair agus go dtosófaí ar phróiseas úrnua tairisceana don aersheirbhís go hÁrainn.

Dé Máirt seo caite chuir Aer Arann Islands stop san Ard-Chúirt leis an dúshlán dlí a bhí á thabhairt acu maidir leis an bpróiseas tairisceana d’aersheirbhís.

Níor chuir Roinn na Gaeltachta tús riamh leis an bpróiseas idirbheartaíochta maidir le conradh a aontú leis an gcomhlacht ar éirigh leo sa phróiseas tairisceana, is iadsan Executive Helicopters Ltd.

Tá ráite ag Executive Helicopters Ltd. go raibh ‘an-díomá’ orthu faoin gcinneadh deireadh a chur leis an bpróiseas tairisceana agus gan conradh a aontú leosan.

Tá ráite ag an gcomhlacht héileacaptair freisin go bhfuil an scéal á bhreithniú acu agus tuairiscítear go bhfuil comhairle dlí faighte acu.

 

Fág freagra ar 'Dhá chonradh nua ar fiú €3.48 milliún iad sínithe ag Aer Arann Islands le Roinn na Gaeltachta'