Mugadh magadh faoi na ceantair tuaithe sa stát is lárnaí an taobh seo den Chóiré Thuaidh…

€30 milliún in imeacht sé bliana agus é le roinnt ar 31 comhairle áitiúil? Ní ghearrfaí na driseacha ar thaobh an bhóthair leis…

23/9/2015 Taoiseach Enda Kenny TD is pictured checking his wellies getting ready for the Portwest National Welly Competition in aid of EMBRACE Farm at the National Ploughing Championships 2015 in Ratheniska, Co Laois. Photo: RollingNews.ie
An Taoiseach Enda Kenny TD ag an gComórtas Náisiúnta Treabhadóireachta Pictiúr: RollingNews.ie

Tá €30 milliún de dheontas ceadaithe ag an rialtas le forbairt bhreise a dhéanamh ar Pháirc Uí Chaoimh i gCorcaigh. Níl mise ina dhiaidh orthu. Is maith an aghaidh orthu é. Ach nach comhtharlú ceart  críochnaithe é gurb ionann an tsuim airgid sin agus an méid atá sa gciste a cheadaigh an rialtas le gairid leis na ceantair tuaithe  ar fad a fhorbairt?

Masla ceart a bhí sa bhfógra sin a rinneadh le linn na gcomórtas treabhadóireachta. Fastaím, brille bhreaille agus mugadh magadh in éineacht a bhí ann.

Cuimhnigh i gceart air: €30 milliún in imeacht sé bliana agus é le roinnt ar 31 comhairle áitiúil ar fud na Poblachta. Ní ghearrfaí na driseacha ar thaobh an bhóthair leis, gan trácht ar rud ar bith eile a dhéanamh.

Fear mór brilléise é an Teachta Dála Mattie McGrath ach bhí an ceart ar fad aige nuair a mheabhraigh sé gurbh ionann é agus €50 milliún níos lú ná an méid a chaith Uisce Éireann ar chomhairleoirí.

Idir an dá linn, bhí an tAire Alan Kelly ag maíomh gur céim mhór chun cinn i dTiobraid Árann a bheadh sa scéim. “A massive boost to the county,” a dúirt sé.

Le tuilleadh cantail a chur orainn, fógraíodh thart ar an am céanna go raibh €11 mhilliún le caitheamh ar linn snámha i gCaisleán an Bharraigh. Bhí an-ghaisce ag an Taoiseasch agus ag Michael Ring as an bhfógra sin.

Aríst, ní bheinn ina dhiaidh ar mhuintir Chaisleán an Bharraigh deis snámha a bheith acu ach léiríonn sé go soiléir an cineál airgid a theastaíonn le rud fiúntach ar bith a dhéanamh in áit ar bith.

Is furasta dóibh, ar ndóigh, a bheith ag déanamh ceap magaidh de chás na tuaithe mar nach bhfuil glór láidir eagraithe ar bith ag cur ar son na tuaithe.

Is againn atá an stát is lárnaí an taobh seo den Chóiré Thuaidh. Ní fiú trácht ar a bhfuil de chumhacht ag na comhairlí áitiúla.

Chaith mé deich mbliana ar Chomhairle Contae na Gaillimhe agus chonaic mé é sin lá i ndiaidh lae. Cumann díospóireachta a bhí ionainn an chuid ba mhó den am.

Bhí mé ar Údarás Réigiúnach an Iarthair freisin. Ba é an cás céanna é. Ní raibh cumhacht ná airgead againn. An t-aon chúis a raibh an eagraíocht ann ar chor ar bith go raibh an rialtas a bhí i gcumhacht an uair sin ag iarraidh a chur ina luí ar a gcuid máistrí san Eoraip go raibh córas réigiúnach ag an tír seo.

Mar, ar ndóigh, ‘sé an gnáthrud i dtíortha na hEorpa go bhfuil córas maith rialtais áitiúil acu.

Lá amháin, mhol mé ag cruinniu d’Údarás Réigiúnach an Iarthair gur cheart dúinn  éirí as an gcur i gcéill, bualadh suas go dtí an chearnóg i dTuaim agus a fhógairt don saol mór go n-éireodh muid as ar fad  mura bhfaigheadh muid freagrachtaí cearta agus airgead lena gcomhlíonadh.

Ba bheag nár cuireadh fios ar bhuachaillí na gcótaí geala le mé a thabhairt go dtí an t-ospidéal meabhairghalair. Bhí spros beag costais taistil le tarraingt agus, ar aon nós, ba deis a bhí sna cruinnithe ag daoine a bhí ag iarraidh a dhul níos faide sa bpolaitíocht. Tharraingeoidís aird orthu féin le hóráidí foclacha nach raibh meáchan cleite iontu dháiríre.

Is léir don dall, ar ndóigh – agus is maith a thuigeann na polaiteoirí é – gur fánach an imní a chuireann na cúrsaí seo ar an ngnáthphobal tríd is tríd.

Roinnt blianta ó shin, bhí eagraíocht ag na heaspaig le hiarthar na hÉireann a chur chun cinn. Iarradh orm féin a dhul ar an Late Late Show leis an scéal a phlé. Dúradh liom nach mbeinn ar an bpainéal ach gealladh dhom go bhfaighinn cead cainte go cinnte as an lucht éisteachta.

Bhí an tEaspag John Kirby as Cluain Fearta ar an gclár. Mhol mise obair na n-easpag ach dúirt mé go gcúlóidís nuair a thiocfadh an crú ar an tairne, go gcuirfeadh an rialtas an dallamullóg orthu sa deireadh. Sin mar a tharla gan mórán achair mar gur chuir an rialtas Coimisiún gan bhrí ar bun leis an ngaoth a bhaint as a gcuid seolta.

Chosain an tEaspag Kirby a gcuid oibre go dúthrachtach. Thosaigh díospóireacht eadrainn agus ba léir nach raibh fonn ar bith ar Ghay Byrne an díospóireacht sin a ghearradh.

I ndiaidh an chláir, tugadh isteach i seomra muid a raibh braon tae agus cúpla deoch eile le fáil ann.

Ar theacht isteach an doras dhó, tháinig Gay Byrne anall chugam féin. “That was excellent television,” ar seisean, “thank you very much.”

Bhí mise chomh bródúil le cat a mbeadh póca air. B’fhada liom go raibh mé sa mbaile go bhfeicfinn cé chomh mór agus a spreag mé an pobal.

Dhá fhreagairt a fuair mé. “Shílfeá, a Joe” a dúirt duine amháin, “nach raibh carabhat ar bith ort.”

Ceist níos doimhne fós a chuir an dara duine orm: “An bhfuil a fhios agat an rud sin ‘one for everyone in the audience’”, a d’fhiafraigh sé, “an raibh aon chaoi ar na rudaí a fuair sibh?”

Nach shin é do dhóthain de chruthú?

Fág freagra ar 'Mugadh magadh faoi na ceantair tuaithe sa stát is lárnaí an taobh seo den Chóiré Thuaidh…'

  • seán

    An b’iad na daoine iad féin seachas na caoire a bhíonn le cloisteáil mar sin againn agus gach baa baa acu faoin tuath? Beidh orm cluas agus rinn níos géire a chur orm féin agus mé ar mo chamachuaird an chéad uair eile. An ndeir tú gur gamaill agus baileabhair ar fad atá fanta faoin tuath mar sin agus nach bhfuil seasamh a gcoda ná cnámh droma iontu agus go bhfuil na sméara mullaigh ar fad bailithe leo i gcéin? Agus gur focaeirí ar fad iad an cinseal i mBleá (Baa?) Cliath? Nach iad caoire – sorraí- muintir na hÉireann, idir chathróirí agus thuathánaigh, a thugann barántas dipeála agus lomtha don chinseal céanna arís is arís eile?Tá sciúradh intinne déanta orthu ag na meáin deir tú agus iad faoi gheasa ag XFuctor agus Backenders? Cén diabhal castróvaics atá ort? Thugamar nach mór bliain ag gabháil do chúrsa san aistriúchán i gCarna agus ní raibh fhios agaibh focál mar gheall air! Gan aon duine ón áit ar an gcúrsa agus gan fiosracht dá laghad agaibh ann ná ionainn. Sinn ‘ár bpúcaí i measc púcaí.

  • cormac

    ‘Tá €30 milliún de dheontas ceadaithe ag an rialtas le forbairt bhreise a dhéanamh ar Pháirc Uí Chaoimh i gCorcaigh. Níl mise ina dhiaidh orthu. Is maith an aghaidh orthu é.’
    Diomailt airgid is ea cuid mhaith de sin. Is Corcaíoch mé agus ní theastaíonn an réabadh seo ar fad dáiríre, bíonn an staid leathfholamh i gcónaí fiú do na cluichí idirchontae. Tá aghaidh siar/ aniar ar an bpáirc fós féin seachas aghaidh ó dheas/ó thuaidh a bheith uirthi faoi mar atá sna mórpháirceanna eile. Níor tapaíodh an deis chun an bhunfhadhb sin a réiteach. Ach ta codanna den phlean le moladh agus áiseanna nua ceaptha a bheidh dírithe ar chaothúlacht mhuintir na Cathrach mar is sna cathracha atá an dlús daonra agus is chun foíllíochta agus áineasa í an tuath agus ……….a maireann ann! Cad eile?B’fhé’ anois le cD go dtabharfadh Gé Burn spot ar an gclár sin aige do Joe, mar atá, The Meaning of Life? (rúibricí na beatha d’réir Marx?)

  • alan

    ‘Mar, ar ndóigh, ‘sé an gnáthrud i dtíortha na hEorpa go bhfuil córas maith rialtais áitiúil acu.’
    Na cantúin san Eilbhéis mar shampla bunaithe ar chóras iomlan daonlathach, réigiúnach agus ionadaíoch. Agus is tír ilteangach ghustalach stóinsithe í. Bhí a leithéid anseo in Éirinn tráth .i. an tuath agus ‘rí ar gach tuath’ a bhí freagrach don Ardrí i dTeamhair (áit a ndearnadh scrios air). An-phíosa ó Joe, teastaíonn a leithéid de Bhricriu ar na saolta seo.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Cé mhéad duine as an áit ar chuir sibh sibh féin in aithne dhóibh?