Ciall ceannaithe? A thig ná tit orm…

Cé acu is tábhachtaí – stuaim airgeadais nó mealladh vótaí? Rinne an rialtas an rogha a dhéanann gach rialtas roimh olltoghchán

13/10/2015 Minister for Finance, Michael Noonan TD (centre), and Minister for Public Expenditure and Reform, Brendan Howlin TD, are pictured at the press briefing on the Budget 2016 this evening at Government Buildings. Photo: RollingNews.ie
Pictiúr: RollingNews.ie

Ar ndóigh, dúirt gach duine a labhair thar ceann an rialtais go raibh stuaim i réim ó thus go deireadh agus na beartais a d’fhógair Michael Noonan agus Brendan Howlin Dé Máirt á ndréachtadh. Agus, gan dabht, ní hionann ciall agus mórghlanadh fiacha i gcónaí.

Ach mar is eol dúinn ón gceacht a mhúin gach ar tharla sa tír roimh 2008, ní foláir do rialtas ar bith atá dáiríre faoi chaiteachas agus ioncam fadtéarmach a mheá go stuama (is é sin le rá, fíorbheagán rialtas) srian a chur ar chaiteachas breise.

Mar shampla, thug teacht isteach méadaithe an státchiste i mbliana deis don rialtas íoc as an róchaiteachas €800 a bhfuiltear ag súil leis sa Roinn Sláinte i mbliana. Ach níl socrú ar bith déanta faoi conas a thiocfar ar an méid céanna airgid i 2016 agus amach anseo.

Mar sin féin, ba léir deacrachtaí an fhreasúra. Ní raibh sa bhuiséad, dar le Michael McGrath as Fianna Fáil, ach iarracht ghearrthéarmach chun meas an phobail ar an rialtas a chothú. Níor fhreagair sé an cheist a spreag a ráiteas: cad is féidir leis an bhfreasúra a dhéanamh má neartaíonn meas an phobail ar Fhine Gael agus an Lucht Oibre mar gheall ar na beartais sin?

Cibé imní a chuireann rófhlaithiúlacht an rialtais nó róspreagadh an gheilleagair ar an gComhairle Chomhairlitheach Bhuiséadach, mar shampla, ní mór é líon na dTeachtaí Dala a shíleann go gcaillfidh páirtithe an rialtais mórán vótaí dá bharr.

Ní foláir, áfach, na beartais nár fógraíodh Dé Máirt a chur sa meá agus Buiséad 2016 á bhreithniú. Dúradh roimh ré go bhfógrófaí beartais:

1) Chun teacht i gcabhair ar thionóntaí, agus chun, ar a laghad, “cinnteacht” ó thaobh cíosa a chur chun cinn, agus;

2) Chun dlús a chur le tógáil tithe sa ghearrthéarma agus ina dhiaidh sin, mar leigheas ar an mórghanntanas tithe agus árasán atá ag dul in olcas ó toghadh an rialtas.

Tá teip an rialtais maidir le cúrsaí tithíochta ríshoiléir sna liostaí tithíochta ar fud na tíre. Is léir freisin an chontúirt pholaitiúil d’Fhine Gael agus don Lucht Oibre, tar éis dóibh a bheith i gcumhacht le breis agus ceithre bliana. Bíonn Teachtaí Dála ón dá pháirtí féin ag caint go minic ar an gcur chuige breise gan mhoill a theastaíonn i gcás na tithíochta. Is ionann an chaint sin agus admháil indíreach go bhfuil contúirt ag baint leis an scéal seo don Rialtas. Mura n-éireoidh leis an dá pháirtí teacht ar réiteach faoi chúrsaí cíosa agus tithíochta (agus níl aon ábhar dóchais ann faoi láthair go n-éireoidh), tapóidh páirtithe eile an fhreasúra an deis le hiad a sciúirseáil.

Is beag tairbhe pholaitiúil a bhainfidh ceachtar páirtí as an bplean faoina dtógfaidh NAMA 20,000 teach idir seo agus 2020. Dá fheabhas é, is é a lucht a laghad.

Focal scoir: Cé a rinne an cur síos is géire ar an mBuiséad? Is deacair an cáineadh a rinne colúnaí de chuid an Irish Independent a shárú.

Tar éis don cholúnaí áirithe seo a chur i leith Fhine Gael agus an Lucht Oibre go raibh siad ag maíomh ó 2011 gur Fianna Fail amháin a bhí freagrach as teip an gheilleagair, scríobh sí:

It is a tad ironic now to watch them take the Fianna Fáil ‘recipe’ for re-election and simply supersize it.

Cé a scríobh? Mandy Johnston, a bhí mar Phreas-Rúnaí rialtais ag Bertie Ahern idir 2002 agus 2007. Aithníonn ciaróg…

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon

Fág freagra ar 'Ciall ceannaithe? A thig ná tit orm…'

  • cormac@hotmail.com

    Ceannaíodh sinn, díoladh sinn, ceannófar is díofar aríst eile sinn. Tá mo chuid prionsabal agamsa áfach agus mura dtaitníonn siad leat, bhuel……..tá cinn eile agam freisin. Faigheann daoine an rialtas ata tuillte acu, is fíor sin. Agus is furasta sinn a bhréagnú agus a mhealladh.