Béarlachas is ea ‘fear dubh’ agus 4 mhícheartú choitianta eile

FRIOTAL: Seachain iad siúd a bhíonn ag cumadh rialacha as a stuaim féin nach bhfuil de bhunús leo ach claonta canúna nó roghanna stíle

Cartún4-770x385

Tá an Ghaeilge casta go leor, shílfeá, gan daoine a bheith ag cumadh rialacha as a stuaim féin. Ach is cosúil go bhfuil dúil againn i ndúch dearg; tá fóraim ar líne breac le nótaí tráchta ag crosadh ar fhoghlaimeoirí seo nó siúd a rá agus gan de bhunús leis an lochtú, go rómhinic, ach claonta canúna nó roghanna stíle. Seo thíos cúig cinn de na mícheartúcháin is coitianta.

1. Béarlachas is ea ‘fear dubh’. ‘Fear gorm’ ba cheart a rá.

Is ea, tá ‘fear dubh’ cosúil le Béarla, ach ní leor é sin lena dhamnú. Ná níl bun ná barr le tráchtaireacht den chineál seo, ó chara na mac léinn, Wikipedia:

‘The word for a black man in the Irish language is fear gorm, which literally means “blue man”. This is because the phrase “fear dubh” literally, “black man” was already in use meaning the devil before black people were known in Ireland.’

Tráchtairí eile, maíonn siad gurb ionann ‘fear dubh’ agus duine a bhfuil gruaig dhubh air. Is fíor dóibh an méid sin, ach tá a leithéid de rud ann agus comhthéacs. Scríobh Seosamh Mac Grianna i dtaobh Marcus Garvey gurbh é a bhí uaidh ná ‘fir dhubha an domhain a thabhairt ar ghualainn a chéile.’ Is duine dúr a thuigfeadh as sin gur ceardchumann diabhal nó cónaidhm daoine dubhfholtacha a bhí sé ag iarraidh a chur ar bun (fiú má tá sé thar am Cumann Cearta Sibhialta na nDaoine Rua a bhunú).

2. Úsáidtear ‘uaine’ le cur síos ar dhath saorga agus ‘glas’ le cur síos ar dhath nádúrtha.

Rugadh agus tógadh mise in aice le Port Stíobhaird i gContae Dhoire, baile a dtugtar ‘Port na Binne Uaine’ air fosta. Ní heol dom gur péinteáladh féar na binne riamh.

3. Is ionann ‘go dtí’ agus ‘chomh fada le’

De réir na comhairle seo, is ionann ‘Chuaigh mé go dtí an siopa’ agus ‘Chuaigh mé chomh fada leis an siopa gan dul isteach ann.’ Más fíor é sin, bheadh I went to the shop chomh lochtach céanna. Ós ag trácht ar ‘go dtí’ atáimid, tháinig mé ar an treoir luachmhar seo ar shuíomh teagaisc: ‘sometimes go dtí is used instead of do, and means physical movement by legs.’ Anois!

4. ‘Cathair Átha Cliath’ ba cheart a scríobh seachas ‘Cathair Bhaile Átha Cliath’.

An míniú a fuair mé air seo ná gur leagan míloighciúil é The city of the town… Dar ndóigh, is amhlaidh atá ‘baile’ ina chuid dhílis d’ainm na cathrach; ní bhítear ag cuimhneamh níos mó ar an phróiseas trínar cuireadh ‘baile’ le ‘Áth Cliath.’ Tá aiste údarásach curtha ar fáil ag foireann www.logainm.ie mar gheall air seo:

Áit ar bith ar mhair an Ghaeilge mar theanga bheo an phobail, is í an fhoirm Baile Átha Cliath, nó leagan ciorraithe ar nós Bleá Cliath, a úsáideadh i gcónaí mar ainm na príomhchathrach.

5. ‘Sráid Ó Conaill’ ba cheart a scríobh seachas ‘Sráid Uí Chonaill’.

Tá nós sa Ghaeilge gan ainmneacha pearsanta a infhilleadh nuair is teideal oinigh atá i gceist, mar shampla ‘Coláiste Ó Direáin’. Rud eile a mhaíomh go bhfuil débhríocht in ainmneacha infhillte mar ‘Áras Mháirtín Uí Chadhain’ ar shlí go gceapfadh daoine gur leis an Chadhnach an t-áras. ‘Sráid Uí Chonaill’ a mhol an Coimisiún Logainmneacha sa leabhrán  Sráidainmneacha: Treoirlínte.

-Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

Fág freagra ar 'Béarlachas is ea ‘fear dubh’ agus 4 mhícheartú choitianta eile'

  • Eoin P.

    An-suimiúil ach cén fáth gur fhág tú wikipedia mar a bhí? Má chuireann tú an t-eolas ar fáil dom ceartóidh mé é. Ní fiú bheith á lochtú mura bhfuil tú sásta a cheartú. Léiríodh arís is arís eile go bhfuil an-fhiúntas ag baint leis mar shuíomh agus é inchurtha leis na ciclipéidí móra ó thaobh chaighdeán an ábhair agus á sárú go mór ó thaobh líon alt.

  • Tomás Ó Murchú

    Ghlaodh muintir an Bhlascaoid fir ghorma ar lucht na mbád tárthála toisc cótaí aidhil gorma a bheith orthu.

  • John

    Is nos an-choitianta e ‘cine gorm’ agus ‘fear gorm’ a usaid. Ni micheartu e. Tuiscint is ea i go gcloinn daoine lei. Thiar i gConamara deir daoine oga ‘gruaig ghorm’ le ‘gruaig dhubh’ a chur in iul.