‘Acht Shéamuis Jaimsie’ molta mar ainm ar reachtaíocht nua i gcuimhne ar ‘Ambasadóir Árann’

Cuireadh inniu ar Inis Mór, Árainn, Séamus Jaimsie Ó Flaithearta, duine de na hÁrannaigh ab aitheanta agus ba ghníomhaí i measc an phobail lena linn

‘Acht Shéamuis Jaimsie’ molta mar ainm ar reachtaíocht nua i gcuimhne ar ‘Ambasadóir Árann’

Séamus Jaimsie Ó Flaithearta. Pictiúr: TG4

Tá molta ag iar-aire Gaeltachta go dtabharfaí ‘Acht Shéamuis Jaimsie’ ar reachtaíocht nua a cheadódh do mhuintir na n-oileán vótáil ar an lá céanna leis an gcuid eile den tír.

Is mar chomhartha ómóis do Shéamus Jaimsie Ó Flaithearta, an fear pobail aitheanta as Fearann an Choirce, Inis Mór a bhásaigh an tseachtain seo in aois a 74 bliain, a mhol an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go dtabharfaí ‘Acht Shéamuis Jaimsie’ ar an reachtaíocht nua atá á cur tríd Tithe an Oireachtais faoi láthair.

Ag labhairt dó ag Aifreann sochraide Shéamuis Jaimsie ar Inis Mór inniu, dúirt Ó Cuív gur comóradh cuí ar an ngníomhaí pobail a bheadh ann an reachtaíocht a ainmniú ina dhiaidh toisc go raibh an feachtas maidir le ceart vótóirí an oileáin ar cheann den iliomad feachtas a raibh baint mhór ag Séamus Jaimsie Ó Flaithearta leis i gcaitheamh a shaoil.

Bhí Séamus Jaimsie Ó Flaithearta ar dhuine de na hÁrannaigh ab aitheanta agus ba ghníomhaí i measc an phobail lena linn. Is beag feachtas ar mhaithe le forbairt Inis Mór nach raibh lámh aige ann agus bhíodh sé le cloisteáil go minic ar Raidió na Gaeltachta ag tabhairt na scéalta is déanaí ó oileáin Árann agus ag cur síos ar an saol iontu.

“Ambasadóir Inis Mór” a thug an t-iarchraoltóir Seosamh Ó Cuaig ar Shéamus Jaimsie inniu ag Aifreann a shochraide.

Fear oileáin agus Gaeltachta go smior ab ea é a thug tréimhsí i bhfeighil ar thithe solais éagsúla faoin gcósta agus bhunaigh sé gnóthaí dúchasacha éagsúla ar Inis Mór.

Bhí baint mhór aige le mórán gnéithe d’fhorbairt Inis Mór agus de shaol an oileáin. Bhí sé lárnach san fheachtas do sheirbhís dóiteáin ar an oileán agus nuair a d’éirigh leis an bhfeachtas sin sna 1990idí thug sé blianta fada mar oibrí deonach leis an tseirbhís dóiteáin. Chaith sé blianta fada freisin mar oibrí deonach le bád tarrthála an oileáin agus is iomaí sin gábh farraige a chuir sé de ag teacht i gcabhair ar dhaoine eile.

I 1990 bhronn Institiúid na mBád Tarrthála gradam ar leith ar Shéamus agus beirt eile as a misneach nuair a tharrtháil siad beirt tumadóirí amach ó Dhúlainn agus é ina stoirm dhearg i 1989.

Maireann a mhac Noel agus a bhean siúd Sinéad, a pháirtí Mary, a dheartháireacha Máirtín agus Michael, chomh maith le gaolta eile agus cairde leis.

Fág freagra ar '‘Acht Shéamuis Jaimsie’ molta mar ainm ar reachtaíocht nua i gcuimhne ar ‘Ambasadóir Árann’'