Ní bheidh bille toghcháin maidir le vótáil mhuintir na n-oileán rite in am don toghchán uachtaránachta

Deir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív gur údar díomá nach mbeidh muintir na n-oileán ag vótáil ar an lá céanna le gach duine eile i dtoghchán agus reifrinn an fhómhair, ach go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh faoin gceist

Ní bheidh bille toghcháin maidir le vótáil mhuintir na n-oileán rite in am don toghchán uachtaránachta

Tá díomá ar Éamon Ó Cuív nach dtabharfar isteach in am do thoghchán na huachtaránachta an reachtaíocht nua a thabharfadh deis do vótóirí na n-oileán vótáil ar an lá céanna leis an gcuid eile den tír.

Tá leasuithe fós le déanamh ar an mbille, a fhágann nach mbeidh an reachtaíocht rite in am don toghchán uachtaránachta ar an 25 Deireadh Fómhair.

Tá dhá reifreann á mbeartú ag an rialtas don lá céanna le go bhféadfaí leasú a dhéanamh ar airteagal 41.2 a thagraíonn do mhná a bheith sa bhaile agus airteagal 40, a chuireann bac ar ábhar nó caint diamhaslach.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie dúirt an Teachta Dála d’Fhianna Fáil go raibh “díomá air” nach mbeidh an reachtaíocht rite roimh an toghchán agus an dá reifreann san fhómhar ach gur rud maith é go bhfuil an bille céim eile ar aghaidh. 

D’fhoilsigh an Comhchoiste um Thithíocht, Pleanáil agus Rialtas Áitiúil a dTuarascáil maidir le Grinnscrúdú ar an mBille Toghcháin (Leasú) (Uimh. 3), 2014 níos túisce an mhí seo.

Mhol an Coiste go gcuirfí an Bille ar aghaidh go dtí an Tríú Céim agus go gcuirfeadh an té a bheadh ag moladh an Bhille tuairimí an choiste san áireamh agus na leasuithe ar an mbille á moladh aige.

Is é aidhm an bhille deis a thabhairt d’oileánaigh vótáil ar an lá céanna leis an gcuid eile den tír i reifrinn, toghcháin Dála agus uachtaránachta. Faoin mbille seo, dhéanfaí alt 85 den Acht Toghchán 1992 agus alt 42 den Acht Toghchán Uachtaránachta 1993 a leasú, faoina gceadaítear vótáil a reáchtáil ar na hoileáin suas le cúig lá roimh lá na vótála ar an mórthír. 

Faoin mbille seo leasófaí an fhoráil a cheadaíonn do Cheann Comhairimh toghcháin a reáchtáil ar oileáin roimh an gcuid eile den tír, rud a dúradh a cheileann feachtas iomlán toghchánaíochta ar mhuintir na n-oileán.

Thabharfadh an leasú seo cead don Cheann Comhairimh córas iompair a fhostú lena chinntiú go mbeadh na boscaí vótála ag an ionad comhairimh ag a naoi a chlog an mhaidin i ndiaidh lá na vótála.

Is fada é á mhaíomh ag an Teachta Dála Éamon Ó Cuív nach raibh sé ceart ná cothrom go raibh sé níos deacra ag oileánaigh a vóta a chaitheamh ná daoine eile sa tír. Dúirt sé gur minic anois a bhíonn vótáil á reáchtáil ar an Aoine ach go mbeadh ar chuid mhór oileánach dul abhaile ar an Déardaoin chun a vóta a chaitheamh nuair a vótálann an chuid eile den phobal tar éis a lá oibre. Dúradh sé go raibh feabhas mór ar chúrsaí iompair go dtí na hoileáin anois agus iad níos acmhainní ar an aimsir agus nár ghá an vótáil a bheith ar siúl lá nó dhó roimh an gcuid eile den tír.

Tá ráite ag an Teachta Ó Cuív go bhfuil sé i gceist aige roinnt leasuithe a mholadh nuair a thiocfaidh an tuarascáil seo os comhair na Dála. Deirtear sa tuairisc go bhféadfaí é a fhágáil faoin gCeann Comhairimh, faoi Alt 86 den Acht Toghchán, cinneadh a dhéanamh faoi na huaireanta a mbeadh ionaid vótála ar na hoileáin oscailte agus measann Ó Cuív nár mhór é seo a shainiú sa bhille.

Sa vótáil ar an ochtú leasú ar an mBunreacht i mbliana, vótáil oileánaigh i nDún na nGall, i Maigh Eo agus i nGaillimh lá roimh gach duine eile sa tír ach vótáil oileánaigh Chorcaí an lá céanna le gach duine eile.  Idir na hoileáin go léir, beagán le cois 2600 duine a bhí cláraithe le vótáil sa reifreann sin ar na naoi n-oileán déag a bhfuil daoine ina gcónaí orthu.

Mhínigh Ó Cuív don chomhchoiste go raibh thart ar 3000 duine ina gcónaí ar an hoileáin agus nach ionann an próiseas vótála ar aon oileán faoi láthair. Vótálann oileánaigh Chorcaí ar an lá céanna leis an bpobal ar an mórthír ach vótálann oileánaigh eile an lá roimhe sin. Is faoin gCeann Comhairimh i ngach toghcheantar an cinneadh sin faoi láthair.

Fág freagra ar 'Ní bheidh bille toghcháin maidir le vótáil mhuintir na n-oileán rite in am don toghchán uachtaránachta'