Achainí déanta ag lucht feachtais go gcuirfí ceist na tithíochta sa Ghaeltacht i gclár rialtais

Deir an grúpa Bánú gur ‘fadhb teanga’ í an fhadhb tithíochta sa Ghaeltacht agus go bhfuil sí ‘ag cur todhchaí na Gaeltachta i mbaol’

Achainí déanta ag lucht feachtais go gcuirfí ceist na tithíochta sa Ghaeltacht i gclár rialtais

Tá iarrtha ag an ngrúpa feachtais Bánú ar an gcúigear Teachtaí Dála nua a toghadh i nGaillimh Thiar ag deireadh na míosa seo caite “a dtionchar a úsáid” lena chinntiú go dtabharfar “an chumhacht agus an maoiniú riachtanach” d’Údarás na Gaeltachta le tithíocht a sholáthar do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht.

Sheol an grúpa litir chuig Mairéad Farrell (SF), Catherine Connolly (NS), John Connolly (FF), Noel Grealish (NS), agus Hildegarde Naughton (FG) inar iarradh orthu a dtionchar a úsáid “chomh fada agus is féidir” le go mbeidh ceist na tithíochta Gaeltachta ar chlár oibre an rialtais nua. Maítear sa litir gur “fadhb teanga” í an fhadhb tithíochta sa Ghaeltacht agus go bhfuil sí “ag cur todhchaí na Gaeltachta i mbaol”.

“Tá an chéad ghlúin eile tuismitheoirí le Gaeilge á brú amach as na ceantracha ina bhfuil an teanga á labhairt go nádúrtha leis na cianta mar theanga phobail,” a dúradh sa litir.

Luaitear freisin an chumhacht atá ag Roinn na Gaeltachta faoi Mhír 9 d’Acht Tithíochta na Gaeltachta 2001 “deontais a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht” le tithe a thógáil nó a fheabhsú. Cuireadh deireadh leis na deontais sin in 2009 mar gheall ar an ngéarchéim eacnamaíochta sa tír agus níor tugadh ar ais ó shin iad.

“Tá Bánú ag iarraidh coinne a dhéanamh leis an gcúigear Teachtaí Dála sa bhliain nua féachaint céard iad na bealaí is fearr don rialtas nua le réiteach a fháil ar an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht, ar mhaithe le hinmharthanacht na Gaeltachta mar phobal teanga sa todhchaí,” a dúirt urlabhraí de chuid an ghrúpa.

Thug na páirtithe móra polaitíochta go léir gealltanais éagsúla faoi cheist na tithíochta sa Ghaeltacht le linn an fheachtais olltoghcháin an mhí seo caite. Rinne Conradh na Gaeilge suirbhé i measc na bpáirtithe. Gheall páirtithe an fhreasúra dheireanaigh go léir go dtabharfaí cumhachtaí breise tithíochta agus pleanála d’Údarás na Gaeltachta agus dúirt Fianna Fáil go mbeidís sásta an moladh sin a mheas.

Níos túisce i mbliana, tháinig Bánú agus Conradh na Gaeilge le chéile leis an bhfeachtas náisiúnta ‘Tinteán’ a sheoladh le plé le ceist na tithíochta Gaeltachta ar bhonn náisiúnta.

Fág freagra ar 'Achainí déanta ag lucht feachtais go gcuirfí ceist na tithíochta sa Ghaeltacht i gclár rialtais'