Tá imní léirithe ag an Roinn Oideachais faoi thorthaí foghlama na ndaltaí sa Ghaeilge i scoileanna Béarla.
Cé go léiríonn tuarascáil nua go raibh teagasc na Gaeilge i mbunscoileanna Gaeltachta agus gaelscoileanna “go maith ar an iomlán” le blianta beaga anuas, deir Harold Hislop, Príomhchigire na Roinne Oideachais, gur “ábhar mór imní” atá i dtorthaí foghlama daltaí a bhí ag foghlaim na Gaeilge i mbunscoileanna Béarla an stáit.
D’fhoilsigh an Roinn Oideachais Tuarascáil an Phríomhchigire 2016-2020 inniu agus cur síos déanta inti ar chaighdeán an tsoláthair oideachais i scoileanna agus in ionaid oideachais eile in Éirinn ó Mheán Fómhair 2016 go Nollaig 2020. Tá an tuarascáil bunaithe ar nach mór 10,000 cigireacht a rinneadh le linn na gceithre bliana sin, chomh maith le hobair chomhairleach agus thaighde.
Dar le húdair na tuarascála, cé go raibh cáilíocht foghlama na scoláirí sa Ghaeilge go maith nó go han-mhaith i bhformhór na scoileanna, bhí sí i bhfad níb ísle ná na caighdeáin a baineadh amach i gcroí-ábhair eile. Mar shampla in iarbhunscoileanna an stáit, bhí an fhoghlaim go maith nó go han-mhaith i 76% de chigireachtaí na Gaeilge, i gcomparáid le 87% de chigireachtaí an Bhéarla agus 91% de chigireachtaí na Matamaitice.
I gcás na mbunscoileanna Béarla, chinn cigirí go bhféadfaí caighdeán foghlama na ndaltaí sa Ghaeilge a fheabhsú i gcás suas le 33% de na ceachtanna a ndearnadh cigireacht orthu idir 2016 agus 2020.
Deirtear sa tuarascáil go bhfuil gá le níos mó deiseanna a thabhairt do scoláirí chun an Ghaeilge a úsáid le linn na gceachtanna “trí thascanna agus gníomhaíochtaí taitneamhacha, cruthaitheacha agus spreagúla”. Deirtear go bhfuil sé seo ríthábhachtach chun an teanga a shealbhú go héifeachtúil.
Measadh chomh maith go bhféadfaí úsáid níos mó a bhaint as an teicneolaíocht dhigiteach chun foghlaim na Gaeilge a chur chun cinn sa seomra ranga.
Moltar teagasc na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge sa tuarascáil.
Deirtear go bhfacthas “infheistíocht agus forbairt shuntasach san oideachas Gaeltachta” sa tréimhse lena mbaineann an tuarascáil.
Tá An Polasaí don Oideachas Gaeltachta á chur i bhfeidhm ó 2017 agus é mar aidhm aige a chinntiú go soláthraítear oideachas d’ardchaighdeán trí Ghaeilge i scoileanna na Gaeltachta chun tacú le húsáid na Gaeilge mar phríomhtheanga phobal na Gaeltachta.
Deirtear sa tuarascáil gur spreagadh daltaí i scoileanna Gaeltachta le Gaeilge a labhairt “trí thionscnaimh scoilbhunaithe a úsáid agus, go ginearálta, léirigh siad líofacht agus muinín”.
Maidir le Gaelscoileanna, deirtear gur léirigh na daltaí ina bhformhór “meon dearfach i leith na teanga” agus “leibhéal cuí líofachta”.
Deirtear nach mór na gealltanais atá tugtha ag an Rialtas maidir le tacaíocht a chur ar fáil don oideachas Gaeltachta agus don Ghaelscolaíocht lasmuigh den Ghaeltacht a chomhlíonadh.
Aithnítear chomh maith go bhfuil obair ar bun faoi láthair chun polasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a réiteach. Má éiríonn leis sin, deirtear go bhféadfadh an córas oideachais “céim an-suntasach a ghlacadh maidir le húsáid agus beocht na Gaeilge a neartú”.
“Údar misnigh” é freisin, dar le lucht na tuarascála, an “méadú mall ach réidh” atá tagtha ar líon na ndaltaí iarbhunscoile atá ag tabhairt faoin nGaeilge ag an ardleibhéal don Ardteist. In 2020, rinne beagnach 50% de scoláirí na Sraithe Sinsearaí Gaeilge Ardleibhéil, ardú ó 42.6% in 2016. Léirítear freisin go bhfuil líon na ndaltaí a thugann faoin mbonnleibhéil sa tSraith Shinsearach ag laghdú de réir a chéile.
Fág freagra ar '‘Ábhar mór imní’ iad torthaí foghlama Gaeilge daltaí i scoileanna Béarla – an Roinn Oideachais'