A shuíochán slán ag the Right Honourable Pat Jimmy Den Rua MP

Aithne mhór ar an bhFeisire McFadden, dlúthchara leis an Iar-Phríomh-Aire, Tony Blair, i gceantar an Fhál Charraigh i nGaeltacht Thír Chonaill

A shuíochán slán ag the Right Honourable Pat Jimmy Den Rua MP

McFadden

Toghfar arís fear de bhunadh Ghaeltacht Thír Chonaill ina bhall de pharlaimint Westminster do thoghcheantar Wolverhampton Thoir Theas in olltoghchán na Breataine inniu, dar leis na tráchtairí polaitíochta agus geallghlacadóirí araon.

Tá Pat McFadden, dlúthchara leis an Iar-Phríomh-Aire, Tony Blair, chomh fada sin chun cinn ar na hiarrthóirí eile sa rás nach bhfaighfí de bhrabús ach £1 amháin ó gheallghlacadóirí ansin ar gheall £100 gur aige a bheas an suíochán arís.

Tá aithne mhór ar an bhFeisire McFadden i gceantar an Fháil Charraigh i nGaeltacht Thír Chonaill – is mac é le beirt de mhuintir na háite – Jimmy Den Rua Mac Pháidin (nach maireann) agus a bhean chéile Annie, arbh as an Dún Mhór iad beirt.  Cainteoirí dúchais Gaeilge ab ea an bheirt tuismitheoirí a d’fhreastail sna 1930idí agus 1940idí ar Scoil Náisiúnta Mhín Doire, scoil bheag Gaeltachta atá dúnta anois; thug siad a n-aghaidheanna ina dhiaidh sin ar Ghlaschú na hAlban, áit ar rugadh agus a tógadh Pat McFadden agus baill eile an teaghlaigh.

Tá teach na muintire fós ag an teaghlach ansin agus tugann siad cuairteanna rialta ar an áit. Is i reilig an Fháil Charraigh atá athair an Fheisire McFadden curtha.

Mar thaighdeoir do Donald Dewar – an chéad duine a ceapadh mar Chéad Aire na hAlban – a thosaigh Pat McFadden sa saol polaitiúil. D’oibrigh sé mar chomhairleoir ag John Smith le linn dósan a bheith ina cheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre. Ina dhiaidh sin, cheap Tony Blair mar chomhairleoir speisialta é agus d’fhan sé i mbun na hoibre sin go dtí gur toghadh é féin chun na parlaiminte sa mbliain 2005 do thoghcheantar Wolverhampton Thoir Theas. Fuair se ardú céime chuig post mar Aire Stáit an bhliain ina dhiaidh sin agus mhair sé i mbun na hoibre sin go dtí gur theip ar Rialtas Gordon Brown in olltoghchán na bliana 2010.

Cé gur chaith Pat McFadden seal ghairid ina bhall de bhinse tosaigh an Lucht Oibre ina dhiaidh sin, níor athcheap Ed Miliband é agus is mar chúlbhinseoir de chuid an Lucht Oibre a fheidhmíonn sé anois.

Níl aon bhaol ar a shuíochán parlaiminteach a chailliúint, dar leis an Birmingham Post, a mhaíonn go bhfuil sé ‘in safe hands, according to bookies who make him 100/1 on to secure it again’.    

Sa mbliain 2011, chraol TG4 clár faisnéise, a léirigh Breandán Delap, faoi shaol agus faoi shaothar an Fheisire Pat McFadden dar teideal The Right Honourable Pat Jimmy Den Rua MP.

Fág freagra ar 'A shuíochán slán ag the Right Honourable Pat Jimmy Den Rua MP'