Seanscéal agus meirg air anois is ea ceist an aistriúcháin don fhile Gaeilge. Bíonn tuairimí éagsúla ag filí maidir lena saothar agus mórtheanga an Bhéarla. Ní cheadaíonn Biddy Jenkinson an t-aistriúchán go Béarla den chuid is mó (ach ní chuireann sí bac ar theangacha eile) ar mhaithe lena seasamh féin i leith na teanga a chosaint. Tá an chuid is mó d’fhilíocht Nuala Ní Dhomhnaill aistrithe go Béarla (i measc teangacha eile) ag mórfhilí. Déanann Doireann Ní Ghríofa agus Gearóid Mac Lochlainn a gcuid aistriúchán féin (nó scríobhann siad sa dá theanga in éineacht).
Ní lia file ná faisean!
Ceist í seo a bhfuilim féin i ngleic léi le tamall anuas, go háirithe ó d’fhoilsigh Barzaz mo chéad chnuasach filíochta, Solas Geimhridh agus Dánta Eile, anuraidh. Ar leibhéal pearsanta, bheadh sé go deas leaganacha Béarla a dhéanamh de na dánta toisc go gcuireann mo chairde is mo ghaolta ceisteanna orm faoi go seo go minic. ‘Could you do a bilingual edition, so I can read it ?’ ‘If you have any translations will you send them on to me?’
Is fíor a rá go gcuireann mo rogha teanga bac ar cheangal a dhéanamh le mo mhuintir agus le mo chairde, ó thaobh na filíochta de. Níl Gaeilge acu. Ní féidir leo an chuid sin díom a thuiscint. Ar an lámh eile, ar cheart domsa freastal air sin nó ar cheart daofa tabhairt faoi fhoghlaim na teanga?
Ní drochrud amach is amach é an easpa ceangail seo, ar ndóigh. Bíonn príobháideachas nach beag i gceist leis an Ghaeilge freisin. B’fhéidir go mbuailfeadh taom croí daoine áirithe dá léifeadh siad dánta de mo chuid!
Ar leibhéal gairmiúil, seans maith go meallfadh aistriúcháin Bhéarla an rud ar a dtugtar ‘aird’ nó ‘iomrá’ i mo threo: tuilleadh léitheoirí, tuilleadh leabhar, tuilleadh féilte, tuilleadh airgid, fiú? Ní hé go gcruinníonn na filí Béarla stór as cuimse. Ach an oiread leis na filí Gaeilge, bíonn go leor acu ag brath ar mhaoiniú stáit nó ar an dara post – múinteoireacht, léachtóireacht, iriseoireacht, foilsitheoireacht, srl – chun a mbeatha a shaothrú.
Ach is dócha go bhfaigheann filí an Bhéarla tuilleadh measa ón mhórphobal. Go ndéantar a saothar a léamh ar bhonn níos leithne. Go bhfoilsítear léirmheasanna sna nuachtáin mhóra. Is cinnte go bhfuil níos mó iomrá ar Nuala Ní Dhomhnaill ná mar atá ar Bhiddy Jenkinson, cé gurb ionann iad ó thaobh caighdeáin de, dar liom féin, agus iomrá tuillte acu beirt.
Uaireanta téann ráitis daoine i bhfeidhm ort mar scríbhneoir Gaeilge. ‘Sounds nice but I don’t know what you were saying because I did Kerry Irish for the Leaving Cert,’ a dúirt Béarlóir béasach liom uair amháin.
Uaireanta bíonn fonn ort tiontú i dtreo na n-aistriúchán le nach gcaithfidh tú éisteacht lena leithéid arís.
Bíodh seo mar atá, tá sé tugtha fá deara agam le déanaí nach ionann ‘aistriúchán Béarla’ agus ‘meas ar do shaothar’.
Iarradh orm le déanaí dánta, maille le haistriúcháin, a chur ar fáil do dhá iris. Ní dheachaigh mé féin i dteagmháil leis na hirisí seo ag tairiscint mo shaothar daofa; tháinig siadsan ar thóir mo dhánta.
I gcás iris A bhí eagrán speisialta le cur amach acu, dírithe ar fhilí na Gaeilge. D’aontaigh mé go gcuirfinn dhá dhán ar fáil agus go ndéanfainn féin na haistriúcháin, toisc go raibh m’aistritheoir, Ellen Corbett, gnóthach leis an obair d’iris B – tuilleadh faoi sin ar ball. Chaith mé am ag aistriú na ndánta. Chuir mé na dánta agus na haistriúcháin ar fáil d’iris A agus níor chuala mé focal ar ais. Seans go raibh an t-eagarthóir gnóthach? Rinne mé dearmad faoi go dtí gur tháinig an t-eagrán speisialta amach. Ní raibh mo chuid dánta i measc na saothar. Chuir mé ceist ar an eagarthóir – an é nach raibh na dánta sásúil?
Focal ar ais ní bhfuair mé go fóill. I ndiaidh dom am a chaitheamh ag aistriú na ndánta go Béarla, tar éis d’iris A iad a iarraidh, ní bhfuair mé fiú diúltú ón eagarthóir. (Ní drochrud é an diúltú. Is iomaí diúltú a fhaigheann scríbhneoir). Ach d’iarr siad na dánta agus na haistriúcháin uaim agus i ndiaidh dom an obair a dhéanamh agus a chur ar aghaidh (roimh an spriocdháta!) níor chuala mé gíog astu.
Maidir le hIris B, chuaigh siad i dteagmháil liom ag iarraidh dánta agus aistriúcháin Bhéarla uaim freisin. Iris mhór idirnáisiúnta a bhí i gceist anseo. Bhí 20 leathanach de dhánta de dhíth, mar aon le píosaí dírbheathaisnéise, aiste ghiortach ón aistritheoir, litir chlúdaigh, agus araile.
D’iarr mé ar mo chara, Ellen Corbett, cuidiú liom leis na haistriúcháin sa chás seo, toisc gur aistritheoir í. D’oibrigh sí ar na haistriúcháin ar feadh míosa agus í ag plé le taighde dochtúireachta ag an am céanna. Chuir sí na haistriúcháin agus aiste faoin ‘turas aistriúcháin’ le chéile, agus chuir muid achan rud ar aghaidh chuig iris B.
Gealladh dúinn go mbeadh cinneadh againn i ndiaidh míosa. I ndiaidh dhá mhí chuir muid ceist ar an iris faoin mhoill. Cuireadh muid ó dhoras agus dúradh linn go raibh ‘athstruchtúrú inmheánach’ ar siúl.
I ndiaidh cúig mhí chuir muid an cheist arís. Sa ríomhphost a fuair muid ar ais diúltaíodh dár n-iarratas gan cúis mhaith – seans nach raibh na dánta ‘experimental’ go leor, dar leis an teagmhálaí, nach raibh baint acu féin leis an phróiseas eagarthóireachta. D’iarr muid aiseolas ó Iris B ar na dánta agus ar na haistriúcháin. Ní bhfuair muid freagra ó shin.
Arís, ní éirím binbeach mar gheall ar dhiúltú. Faighim diúltú go minic ó irisí agus ó chomórtais – bheadh fearg go minic orm dá gcuirfeadh achan dhiúltú in aer mé.
Meas, nó easpa measa, atá i gceist anseo. Meas do scríbhneoir ar bith a phléann le mionteanga agus a bhfuil de chúram orthu a saothar féin a ‘aistriú’ go minic ar mhaithe le freastal ar léitheoirí na mórtheanga. Meas don am a chaitheann an scríbhneoir agus an t-aistritheoir i mbun aistriúcháin. Meas don cheird – d’am agus d’ealaín an scríbhneora.
I mo chás-sa, ní tubaiste amach is amach é. Tá mise agus Ellen ag plé le PhD i láthair na huaire agus tá teacht isteach againn ó mhaoiniú taighde. Ní raibh muid ag brath ar an íocaíocht ná ar an phoiblíocht chun bia a chur ar thábla. Ach tá ciall cheannaithe agam anois. Níor léirigh Iris A ná B meas dá laghad ar mo shaothar ná ar obair m’aistritheora. Níl sé de chúram ar fhilí Béarla cur suas lena leithéid de dhrochmheas.
Níl freagra cinnte agam ar cheist an aistriúcháin. Nílim cinnte cad a dhéanfaidh mé sa todhchaí sa chás go léireofaí suim i gcnuasach dátheangach a fhoilsiú. Ach ní chuirfidh mise aistriúcháin Bhéarla ar fáil d’iris ar bith anois – ach amháin sa chás go bhfuil eagarthóir Gaeilge acu a bhíonn ag tabhairt aire don phróiseas.
A scríbhneoirí Gaeilge – cosnaígí sibh féin, bhur n-am agus bhur bhfuinneamh, orthu siúd a d’úsáidfeadh bhur saothar ar mhaithe le ‘showcase’ a dhéanamh ar ‘Irish-language literature’.
Colette nì ghallchòir
Casta
Séamus K
Alt spéisiúil. Is maith an rud é, den chuid is mó, dánta nó scéalta a aistriú go dtí teanga eile ach caithfear a bheith cúramach i gcás mionteangacha. Bíonn brú ar fhilí Gaeilge a gcuid dánta a chur ar fáil i mBéarla ach más rud é gur cur amú ama agus fuinnimh é ní fiú bacadh leis.
De réir mar a thuigimse féin, is annamh go bhfoilsítear dánta i nGaeilge na hAlban gan leaganacha as Béarla taobh leo. Ní dóigh liom gur sláintiúil a leithéid don fhilíocht. Más é an leagan Béarla an toradh deiridh ar an bpróiseas i gcónaí, nach féidir na dánta a chumadh i mBéarla ón chéad lá? Cut out the middle man, mar a dearfá.
Thaitin an abairt sin ón mBéarlóir anaithnid, áfach – ‘Sounds nice but I don’t know what you were saying because I did Kerry Irish for the Leaving Cert’ – goa, tá siad ar fad cloiste agam anois!
Fergus na Foghraíochta
“La littérature irlandaise est l’une des plus prolifiques du monde anglo-saxon.”
Wikipedia.fr
Mártan Ó Ciardha
Alt agus ábhar thar a bheith spéisiúil.
Tá mo bhundún amuigh ag cáineadh an chaoi gur ar na focail agus nach ar bhrí na habairte a dhéantar aistriú i go leor de na hiarrachtaí a fheicim (Béarla go Gaeilge) go háirithe i gcáipéisí, fógraí, nathanna cainte etc. “Ó mo Dhia”. “Cad é mar scór”. “An Siopa Feola”. etc
Níor scríobh mé líne filíochta gur fiú trácht air ariamh i mo shaol. Mar sin féin tá sé de dhánaíocht ionam a cheapadh gur fánach ag aon duine seachas ag an bhfile féin a s(h)aothar a aistriú. Céard a déarfaí le péintéirí agus ar dhealbhadóirí a thabharfadh faoina leagan féin de shaothair na máistrí a chur ar fáil ?
Seán Ó hAodha
Is é an deacracht a bhaineann le filí comhaimseartha na Gaeilge ná go gcaitear leo mar cuid d’aguisín faoin lipéad “Anglo-Irish Poetry” seachas mar bhrainse seanbhunaithe d’fhilíocht na hEorpa. Mar shampla, mura mbeadh iarrtha ag Peter Fallon (Gallery Books) ar an bhfile iomráiteach Paul Muldoon (Faber & Faber, Ollscoil Princeton, Ollscoil Oxford, eagarthóir filíochta an New Yorker) dánta Nuala Ní Dhomhailla a aistriú, an mbeadh an leibhéal céanna aitheantais bainte amach aici?
Faraor, tá praghas le n-íoc ag filí a scríobhann i nGaeilge chun cead isteach a fháil i bhféilte filíochta an Bhéarla; bíonn ar na filí seo leaganacha Béarla dá gcuid dánta a léamh amach (fiú ar thlamh na hÉireann) agus go minic is filí “aitheanta” nach scríobhann ach i mBéarla amháin a scríobh na leaganacha seo. Chonaic mé cúpla cás mar sin ag an bhféile Cúirt i nGaillimh.
Ar bhealach má aistríonn file a dhánta féin go Béarla éiríonn an leagan Béarla chomh húdarásach leis an mbundán a scríobh siad i nGaeilge. An toradh ar sin ná go núsáidfidh aistritheoirí Spáinnise srl. nach bhfuil Gaeilge acu an t-aistriúchán Béarla agus cúis mhaith acu. Tá an seasamh atá ag Biddy Jenkinson go gceadaíonn sí a cuid dánta a aistriú go teanga ar bith seachas Béarla le moladh.
Tá praghas le híoc ar cheachtar rogha.
Dáithí Mac Cárthaigh
Caithfimid féin meas a éileamh.
Ní foláir éirí as ‘mionteanga’ (mini-language) a thabhairt ar an nGaeilge. Is teanga mhionlaithe í.
Ná glacaimis ach oiread le Béarlóir ag tabhairt ‘gaeilgeoirí’ orainn seachas ‘Irish speakers’.
Indrek
Dochreidte ar fad. Is bocht an scéal é nach raibh meas ar bith ag na hirisí sin ar obair an scríbhneora ná an aistritheora… Tá mé cinnte go mbeidh foilseacháin eile ann a chaithfeas ar bhealach níos measúla leat!
Anna Heussaff
Alt spéisiúil cinnte & cúis mhaith ag Laoighseach a bheith míshásta le meon cuma liom na n-irisí úd. Cá bhfios, áfach, nach mar a chéile a chaitheann siad le scríbhneoirí Béarla? Ní bheadh an dua aistriúcháin i gceist, ar ndóigh, agus mór an méid é sin; ach seans nár rith sé leo i gcás na Gaeilge más nós leo gan bacadh focal a chur chuig scríbhneoirí eile ar iarr siad a saothar orthu & gan é a fhoilsiú.
Is cinnte go bhfuil a lán filí Béarla in Éirinn nach mbaineann amach aitheantas; & ní dhéantar léirmheas sna mórmheáin ar na céadta saothar nua Bearla a fhoilsítear gach bliain & fiúntas le go leor acu. I mo thaithí féin mar scríbhneoir, fuair mé aird léirmheastóirí Gaeilge ar gach leabhar de mo chuid nach bhfuair roinnt scríbhneoirí Béarla a casadh orm ar cheann dá laghad dá gcuid leabhar.
Nílim ag easaontú leis na ceisteanna a tógadh san alt, ach ag cur leis sin nach bhfaigheann ach mionlach beag scríbhneoirí & filí Béarla aitheantas agus ioncam suntasach, agus iad ag plé le saol foilsitheoireachta a bhfuil iomaíocht fhíochmhar phoiblíochta ag gabhàil le coda de. Leanaimis ag seasamh le scríbhneoirí Gaeilge – pé acu an roghnaímid nó an mbíonn deiseanna aistriúcháin againn – ach ná ceapaimis go bhfuil saol bog ag formhór na scríbhneoirí Béarla ach oiread, ná ag na scríbhneoirí a shaothraíonn sa dá theanga.
Agus aontaím gur teanga mhionlaithe atá againn seachas mionteanga!
Colette
Seachas do bheith ag braith ar irisí filíóchta an Bhéarla b’fhearr iris filíochta ar líne a bhunú ina mbeadh bundhánta i nGaeilge agus aistriúcháin go Gaeilge ar dánta i dteangacha eile. Ar an mbealach sin ní bheadh filí na Gaeilge faoi míbhuntáiste ar imill an tábla Angla-Mheiriceánaigh. Iris bliaintúil ar líne – meascán idir INNTI agus an sraith aistiriúcháin File ar Fhile a d’fhoillsigh Cois Life. Tá neart eiseamláir freisin ar an mór roinn ar nós Versopolis, Transpoesie, Atelierpoesia, Das Gedicht, Poëziekrant, Strophe agus araile.
Sibéal
Tá aistriúcháin ábhair i nGaeilge go Béarla go maith le haghaidh foghlaimeoirí. Is maith ann iad.
Ach an dtuigeann fílí na Gaeilge agus iad ag aithris aistriúcháín Bhéarla ar a gcuid dánta gur ísliú céime don teanga atá ann; go háirithe más in Éirinn atá siad? Sa Ghearmáin ní iarrfaí ar file Spáinneach aistriúcháin Gearmáinise ar a chuid dánta a aithris ag féile chultúrtha.
An fiú an tairbhe an trioblóid do bheith ag scríobh filíocht i nGaeilge mura bhfuil de rogha ag filí na Gaeilge ach géilleadh don dátheangachas éigeantach nach bhfuil sa deireadh ach ag tabhairt tús áite don Bhéarla?
Laoighseach
A chairde, is mór agam bhur smaointe agus bhur dtuairimí uilig ar an alt seo.
Tá sibh tar éis pointí spéisiúla a ardú freisin – an bhfuil rudaí chomh deacair céanna (ar bhealach difriúil) do scríbhneoirí an Bhéarla? Mionteanga nó teanga mhionlaithe? Ar cheart dúinn iris ar líne a bhunú d’fhilíocht na Gaeilge amháin? agus araile.
Go raibh míle maith agaibh as cur leis an phlé seo. Is deas an rud é nach bhfuil muid ar aon fhocal leis seo!
Laoighseach