A Naidhgilín Farage, beggin’ yir pardon, Sor, ach an chluas bhodhar a gheobhair anseo…

Faoi mar is dual dá leithéid, samhlaíonn Nigel Farage gur caidreamh aonbhealaigh atá sa chaidreamh idir Éirinn agus Sasana

A Naidhgilín Farage, beggin’ yir pardon, Sor, ach an chluas bhodhar a gheobhair anseo…

Á, a Naidhgilín. Is diail an fear tú gan aon agó. Tá coráiste agat ambaiste. Is cosúil, ó do chuid scríbhneoireachta, go bhfuil tú chomh mór le hÉirinn is a bheadh bó le coca féir. Tánn tú ag faire amach dúinn, agus ba chóir dúinn do threoir féin a leanúint maidir lenár gcaidreamh leis an Aontas Eorpach. Deir tú linn gur chóir dúinn cuimhneamh agus smaoineamh ar ‘ár bhfíorchairde’, agus déanaim amach gur ort féin agus ar an mBreatain atá tú ag trácht.

Ach, a Nigel Farage. Ní gá dom a rá leat, is dócha, gur ar mhaithe leis féin a bhíonn an cat ag crónán. Ní gá dom a mhíniú duit, ó táir chomh heolgaiseach sin ar ár dtír, gur naimhdeas seachas cairdeas a léirigh do thír-se lenár dtír-ne formhór mór ár staire. Nach sinne an choilíneacht is faide a bhí ag an impireacht úd go bhfuileann tú chomh ceanúil san uirthi? Nár lean do thír-se polasaithe cogaíochta, plandála agus cinedhíothaithe sa tír seo? Más cairdeas é sin, gaid heilp os. 

Ach ná bac san. Tá an lá san imithe. Táimid i ngiúmar níos fearr libh na laethanta seo, agus táimid ag réiteach go diail lena chéile.

Ach ná ceap ar feadh leathshoicind go ngéillfimid dod’ thuairimí agus dod’ pholaitíocht. Feicimidne an dallamullóg a chuiris ar chosmhuintir Shasana le linn fheachtas an Bhreatimeachta. Feictear dúinn an ciníochas thall ina arm chun eagla agus sceon a chur ar dhaoine. Feictear dúinn seantuiscintí na himpireachta agus Rule Britiannia ina ndúiseacht arís. Is maith a thuigtear anseo an cogadh a bhí á chaitheamh agatsa agus do leithéid thall. Breatimeacht bunaithe ar bhréaga bunúsacha a fuair tú, agus is iad an chosmhuintir, an lucht oibre, na hiascairí agus na feirmeoirí a bheidh thíos leis.

Ach is cuma leatsa agus do leithéid fúthu san. D’úsáidís iad faoi mar a d’úsáid lucht rachmais agus a bprócadóirí an chosmhuintir riamh – féachaigí, sin Bratach na Ríochta, déanaigí bhur ndualgas agus cosain ár n-oileáinín!

Is iad do leithéidse, agus caint dá leithéid, a sheol na milliúin d’fhearaibh d’ísealaicme na n-oileán seo go dtí an Somme.

Gabh ár leithscéal, mar sin, mura ngéillimid duit.

Admhaím go bhfuil scata de shliocht na hÉireann thall a chreid tú agus a chaith vóta ar son an Bhreatimeachta. Ach dár bhformhór thall agus abhus, tuigimid an cúram seo go rímhaith. Is cuimhin linn na comharthaí No Blacks, No Dogs, No Irish i gcaogaidí an chéid seo caite.

Tuigimid chomh maith, nach bhfuil san eagla seo atá a cothú maidir le pobail imirceacha ach leagan na linne seo de na feachtais frith-Ghiúdacha, frith-Éireannacha, Frith-Afracach, Frith-Áiseach, Frith-Gach-Aon-Duine-ach-an-Briotanach-Geal-Bán atá á dtroid thall i Sasana leis na cianta.

Tá ár bhfadhbanna féin againn leis an Aontas Eorpach. Ach is sinne a réiteoidh iad. Ní tusa.

Tá tú ag caint ar cé chomh deas a bhí an Bhreatain linn nuair a thugadar iasacht dúinn nuair a bhí an poll tite as an ngeilleagar anseo nuair nach raibh an tráithnín féin againn. Deir tú linn gur cheart dúinn sibh a leanúint, ós rud é go bhfuil geilleagar na Breataine chomh tábhachtach san dúinne. Ach tá margadh na hÉireann ríthábhachtach daoibhse chomh maith, cé go ndéanann tú dearúd air sin. Faoi mar is dual dod’ leithéid, samhlaíonn tú gur caidreamh aonbhealaigh atá sa chaidreamh idir an dá náisiún – sinne lenár gcaipín inár lámha againn, cuma an ocrais agus na hainnise orainn, ag bualadh ar dhoras an tí mhóir ag lorg déirce oraibhse.

Tá tú ansan ag tabhairt seanmóir dúinn. Yis Sor. Beggin’ yir pardon, Sor. As you wish, Sor.

Ní lia duine ná tuairim, a Naidhgilín. Go raibh míle maith agat as an t-am a thógaint chun a rá linn cad ba cheart dúinn a dhéanamh.

Ach féadfaidh tú do thuairim a tharrac aniar as do bhosca.

Fág freagra ar 'A Naidhgilín Farage, beggin’ yir pardon, Sor, ach an chluas bhodhar a gheobhair anseo…'

  • Eoghan Mac Gearailt

    Ba ar mhaithe le hÉirí Amach 1916 a chomóradh ar vótáil lucht ná Ríochta Aontaithe de réir Farage ina alt san Irish Times – chun an neamhspleáchas a chomóradh céad bliain ina dhiaidh. Tarraing an ceann eile, Farage!

  • Stiofáin Ó Maoilriain

    A Dhaithi, tá mé ag foghlaim Gaeilge – is feidir leat a mhinigh orm “Is diail an fear tú gan aon agó.” – “You’re a devil of a man, there is no doubt”? GRMA!

  • D

    Hi a Stiofáin, is diail an fear tú = you are a great man

    Beir Bua

    D