‘An bhfuil tú cinnte?’ a d’fhiafraigh mé de bhean an bhácúis.
Ní raibh ach €1.75 ar leathbhuilín donn, an leathbhuilín donn céanna a n-íocainn €1.90 air ó thosaigh mé ag taobhú an bhácúis áirithe sin leathbhliain ó shin.
‘Níl neart agam air,’ a dúirt sí, a lámha á n-ardú i dtreo na bhFlaitheas aici, ‘sin é atá sa chóras!’
Ach ní raibh fabht sa chóras ná ní raibh an Rúis tar éis scipéad an airgid a haiceáil ach oiread – bhuel, bhí ar bhealach. Ach ní ar an gcaoi sin.
De réir Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO), den chéad uair ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin breis agus ceithre bliana ó shin, tháinig titim an mhí seo caite ar phraghsanna an bhia ar fud an domhain, go háirithe ar phraghsanna an arbhair (titim 4.5% i gcomparáid le mí Mheán Fómhair, agus titim 12.6% i gcomparáid le mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite.)
Is iad an Rúis agus an Úcráin an dá thír is mó ar domhan a easpórtálann arbhar. Chuir an cogadh, go háirithe na hionsaithe ar longa ar an Muir Dhubh, as go mór don ghnó sin le ceithre bliana anuas agus bhí ardú ar fud an domhain ar na phraghsanna dá bharr.
Ach anois agus an Rúis, an Úcráin agus na Stáit Aontaithe ag suí síos le chéile in Abú Daibí is cosúil go bhfuil tionchar aige sin láithreach ar phraghsanna an arbhair, sa bhácús a gceannaímse mo chuid aráin ann, pé scéal é.
Ach an dea-scéal é sin? Sin í an cheist.
Ar an ardán X an lá cheana, thug Volodymyr Zelensky rabhadh do mhuintir na hEorpa maidir leis an idirbheartaíocht atá ar siúl in Abú Daibí an tseachtain seo.
‘Tá sé seo contúirteach dúinn ar fad, tá cónaí orainn go léir san Eoraip. Níl an dara Yalta uainn.’
Ag tagairt a bhí uachtarán na hÚcráine do Chomhdháil Yalta, thiar sa bhliain 1945, agus an dara cogadh domhanda ag druidim chun deiridh. An t-am sin, shuigh na Stáit Aontaithe, an tAontas Sóivéadach agus an Ríocht Aontaithe síos le chéile sa bhaile sin cois trá i ndeisceart na Crimé, agus rinne siad cinntí ollmhóra faoi thodhchaí na hEorpa gan an chuid is mó de thíortha na hEorpa i láthair. Roinneadh mór-roinn na hEorpa ina dhá leath: an tIarthar, a bheadh spleách ar Mheiriceá, agus an tOirthear, a bheadh faoi smacht na Rúise.
Gan dabht tá bunús le tuairim Zelensky. Tá an Úcráin féin i láthair in Abú Daibí, ach tá plean oibrithe amach roimh ré ag na Stáit Aontaithe agus ag an Rúis de réir cosúlachta. Agus cé go bhfuil toscaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh tar éis taisteal go Abú Daibí, ní léir go fóill an mbeidh ról gníomhach acu sin san idirbheartaíocht nó an mbeidh áit ar an taobhlíne ag an AE.
Is léir go bhfuil an domhan ar fad dubh dóite den chogadh sin a thosaigh an Rúis in 2022. Muintir na hÚcráine sa chéad áit ar ndóigh, atá ag fulaingt go géar ach ag seasamh an fhóid go misniúil le breis agus ceithre bliana anuas. Saighdiúirí na Rúise, atá ag fáil bháis ina sluaite. Agus ansin – ar ndóigh ní féidir seo a chur i gcomparáid leis an bhfulaingt a bhaineann le buamáil agus ár, ach mar sin féin – an chuid eile againn, saoránaigh na hEorpa, Mheiriceá Thuaidh agus Theas, na hAfraice, na hÁise agus na hAigéine atá ag íoc go daor as ár gcuid builíní aráin le ceithre bliana anuas.
Ní hionann agus muintir na Rúise a bhfuil cónaí orthu i mbréagdhaonlathas faraor, tá vóta ag muintir na Stát Aontaithe agus d’úsáid siad é an tseachtain seo caite chun greadadh ceart a thabhairt dá n-uachtarán, Trump. An t-ardú atá tagtha ar chostas na maireachtála an phríomhchúis a bhí leis sin, agus gan amhras tá brú ollmhór ar an Trumpach anois rud éigin a dhéanamh faoi sin.
Tá mearbhall orm féin go mbíonn tionchar chomh suntasach agus chomh ar an bpointe boise sin ag cruinniú mullaigh nach fios go fóill cén toradh a bheidh air (agus nach mbeidh ann gach seans ach céim amháin ar bhóthar fada) ar phraghsanna an bhia – ach sin é go díreach a tharla, de réir Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe.
Ach cad is fiú titim 15 cent ar phraghas leathbhuilín donn? An ag ardú ár lámha i dtreo na bhFlaitheas a bheidh muid agus an ‘ní raibh neart againn air’ an port a bheidh againn, mar Eorpaigh, má shocraíonn Meiriceá agus an Rúis ár mór-roinn a roinnt eatarthu in athuair?
Fág freagra ar 'Cad is fiú titim 15 cent ar phraghas leathbhuilín donn má roinntear ár mór-roinn in athuair?'