Uaisleacht ag baint le leabhar tábhachtach faoi bhéaloideas Chorca Dhuibhne

Tá éacht déanta ag údar agus foilsitheoir ‘Leabhar Sheáin na Cille’, leabhar léiríonn an dua a caitheadh leis an mbéaloideas agus an seanchas a bhailiú i gCorca Dhuibhne

Uaisleacht ag baint le leabhar tábhachtach faoi bhéaloideas Chorca Dhuibhne

Leabhar Sheáin na Cille
Seán Mac an tSionnaigh
Oidhreacht Chorca Dhuibhne, 2026
€25.00

Is saothar mór tábhachtach é seo.

Léirítear dúinn go beacht an obair a deineadh i gCorca Dhuibhne, le linn na mblianta 1935 – 1955 go háirithe, chun an béaloideas agus an seanchas a bhailiú agus a chaomhnú san áit. Mar sheanchaí agus mar fhoinse scéalaíochta, ghlac Seán Mac Criomhthain ó Chill Maoilchéadair ról mór sa phróiseas seo.

Ba iad na bailitheoirí Seán Ó Dubhda ón gCoill Mhór i bparóiste an Bhaile Dhuibh sa Leitriúch ó dhúchas agus Seosamh Ó Dálaigh ó Bhaile Bhiocáire i nDún Chaoin a bhí chuige ar bhonn rialta sna blianta thuasluaite. Mar a dúirt Éamonn Ó hÓgáin san aitheasc a thug sé ag uaigh Joe, ‘Tharrtháil sé ó dhíchuimhne na huaighe cuid an-mhór de shibhialtacht ár muintire.’ Ar ndóigh, d’fhéadfaí a rá go raibh an t-ádh dearg ar an Dubhdach agus ar an Dálach go raibh foinsí tarrthála mar Sheán na Cille acu chun an obair seo a chur i gcrích.

Chun filleadh ar an gCriomhthaineach, ba léir go mb’fhear éirimiúil agus ceardaí oilte slachtmhar é. An Ghaeilge, an scéalaíocht agus an béaloideas ar a thoil aige agus é sásta iad a roinnt orthu siúd a tháinig faoina dhéin, an bheirt atá luaite thuas ach go háirithe. Ba léir go raibh tuiscint dhomhain agus bá faoi leith aige orthu siúd a tháinig roimhe. ‘Uaisleacht’ an focal a ritheann liom agus mé ag léamh an leabhair seo. Seasann gach éinne, idir bhailitheoirí agus scéalaithe, amach ar uaisleacht a dtréithe agus ar an uaisleacht ó nádúr a bhí iontu. Bhíodar díograiseach agus gafa go huile is go hiomlán leis an tasc a bhí idir lámha acu.

Ní raibh aon mhór is fiú i gceist. Bhraitheas go raibh údar an leabhair seo mar an gcéanna agus ar an ábhar sin is leabhar breá amach is amach atá ann.

Baineadh stangadh uafásach asam nuair a fuaireas amach go bhfuil gaol gairid (go leor!) agam féin le Seán na Cille. Phós Seana-Sheán Mac Criomhthain (athair Sheáin) Máire Ní Chonchubhair ón bhFaiche sa Chlochán agus phós Jim Ó Ruairc (mo shin-seanathair agus laoch caide) ó Thaobh a’ Chnoic, Murorgán, Caitríona, deirfiúr le Máire. Nuair a bhíos an-óg ar fad bhíodh daoine ó Chill Maoilchéadair chugainn ó thráth go chéile. Níor soiléiríodh an scéal riamh dom, is oth liom a rá.

Oibrí dian dícheallach ab ea Seán ach cé go raibh cúram mór air chuir sé am i leataobh i gcónaí do chuairteanna an Dubhdaigh agus an Dálaigh. Chomh maith leis sin de bharr na sárthuisceana a bhí aige ar ainmhithe, d’fheidhmigh sé go minic mar ‘tréadlí tuathach’ dá chomharsana. Cailliúint mhór do gach éinne nuair a cailleadh é i Nollaig na bliana 1955.

Tá rannógú cuimsitheach déanta ag an údar ar an ábhar go léir a bailíodh ó Sheán. Ní bheadh an spás agam sa léirmheas seo chun an t-ábhar a phlé go mion nó chun codanna de a chur os comhair an léitheora. Is leor a rá go bhfuil gach gné den mbéaloideas agus den seanchas clúdaithe go beacht ann – an t-osnádúr, an nádúr, féilte agus institiúidí sóisialta, leigheasanna agus orthaí, cúrsaí oibre, nósanna agus paidreacha, stairsheanchas, filíocht agus seanchas na n-amhrán, seanscéalta agus tuilleadh nach iad.

Seo thíos sampla beag amháin as an leabhar:

Leigheas i bhfiacal capaill:

Á mbeadh tinneas fiacaile ort, fiacal capaill a dh’fháil agus í a chuir i bpóca dhuine eile gan fhios do, dh’imeodh an tinneas fiacaile dhíot féin. Ó, níor chuala riamh go dtiocfadh sé ar an bhfear eile. Nó, á gcuirfeá seamróg na gceithre gcluas i bpóca dhuine eile i gan fhios do, bheadh bua agat ar a lán slite.

Caithfidh mé triall a bhaint as an leigheas áirithe sin mé féin am éigin!

Is leabhar iontach é seo. Molaim go mór é. Tréaslaím a shaothar le Seaghan Mac an tSionnaigh. Tá éacht déanta aige. Táimid go mór faoi chomaoin aigesean agus ag an bhfoilsitheoir, Oidhreacht Chorca Dhuibhne, as a chuid dian-oibre chomh maith.

Fág freagra ar 'Uaisleacht ag baint le leabhar tábhachtach faoi bhéaloideas Chorca Dhuibhne'