An chéad rud a chonaic mé nuair a tháinig mé den traein i gcathair Bheirlín i lár na seachtaine seo caite ná bratach tuar ceatha. Péire, le bheith fírinneach. Iad crochta amach as dhá fhuinneog in aice lena chéile i dtúr árasán díreach os comhair stáisiún traenach Berlin-Spandau.
An dara rud a chonaic mé i gcathair Bheirlín ná baic agus péint dhearg agus bhán orthu ar na cosáin, agus idir na cosáin agus an tsráid, d’fhonn ionsaithe sceimhlitheoireachta a chosc. Gan amhras níl ann ach mí go leith ó dhúnmharaigh an Moslamach radacaithe, Abdul B. bean in ionsaí le mionbhus ar lucht na féile Bród. Leon sé 29 duine eile.
An tríú rud a chonaic mé i gcathair Bheirlín ná bus dhá urlár agus an mana Krach gegen Nazis (‘Buille i gcoinne na Naitsithe’) clóite air. Seift bholscaireachta de chuid pháirtí lucht oibre na Gearmáine (SPD) a bhí sa bhus sin agus is maith go dtuigim gur ‘i gcoinne’ a chiallaíonn an réamhfhocal Gearmáinise gegen, ach bhain sé siar asam agus go deimhin chuir sé masmas orm an tríú focal sa mhana úd a fheiceáil scríofa i litreacha ollmhóra in, thar aon áit eile, Beirlín. Ní fhéadfadh sé go bhfuil cúrsaí chomh dona sin dáiríre, an bhféadfadh?
An ceathrú rud a chonaic mé i gcathair Beirlín ná slám comharthaí toghcháin gorma de chuid Alternative für Deutschland (AfD), páirtí atá an-, an-fhada amach ar an eite dheis agus ar bhain a mbua ollmhór i dtoghchán an stáit Sachsen-Anhalt i dtús na míosa seo creathadh as an nGearmáin agus go deimhin as go leor daoine taobh amuigh di.
Cé nach gcuirfeadh na manaí ar chomharthaí toghcháin AfD fonn múisce ort ar an gcéad radharc (‘Beirlín a dhéanamh sábháilte’, clíchés patuara den chineál sin), ná déanaimis dearmad gur dream iad seo ar mhaith leo páistí iarrthóirí tearmainn a ruaigeadh as gnáthranganna na scoileanna agus cosc a chur ar bhratach tuar ceatha ag scoileanna agus ag foirgnimh stáit.
Agus níl ansin ach a thús. Ba mhaith le AfD oll-ionaid d’iarrthóirí tearmainn a bhunú i bhfad ó na cathracha móra, campaí ina gcuirfí iallach ar iarrthóirí tearmainn obair éigeantach a dhéanamh. Tomhais cá bhfuair siad an smaoineamh sin?
Dé Domhnaigh beag seo beidh toghchán stáit i mBeirlín (stát atá i mBeirlín, chomh maith le hardchathair na Gearmáine.) Beidh toghchán freisin in Mecklenburg-Vorpommern, stát eile a bhí faoin gcumannachas idir 1945 agus 1990.
Cé nach bhfuil bua chomh mór céanna á thuar do AfD i dtoghchán Beirlín agus an bua a bhí acu béal dorais i Sachsen-Anhalt i dtús na míosa, de réir na bpobalbhreitheanna deireanacha tacóidh 18 faoin gcéad de vótóirí Bheirlín leo, rud a fhágann AfD gob ar ghob le Daonlathaigh Chríostaí an CDU (20% sna pobalbhreitheanna) agus páirtí de chuid na heite fíorchlé, Die Linke (19%).
Ní hionann agus Sachsen-Anhalt, mar ar bhain AfD nach mór 44% den vóta amach, beidh neart roghanna ag na páirtithe eile chun comhrialtas a chur i dtoll a chéile i mBeirlín. Ach droch-chomhartha ceart do mhionlaigh sa Ghearmáin agus go deimhin don daonlathas sa tír sin a bheadh ann dá n-éireodh le páirtí ar geall le páirtí faisisteach é bua mór a bhaint amach sa chathair a bhreathnaíonn uirthi féin mar an chathair is liobrálaí san Eoraip.
An cúigiú rud a chonaic mé i gcathair Bheirlín ná féile sráide Folsom, an t-aonach feitise is mó san Eoraip agus, dar leis na cairde a thug ann mé, ‘iontas a chaithfidh chuile fhear aerach a fheiceáil ar a laghad uair amháin sa saol’. (Samhlaigh mórchuid fear agus gannchuid éadaí orthu ag diúl ar currywurst agus tuigfidh tú céard atá i gceist.)
Sa Regenbogenkiez, ceantar iomráiteach LADT+ Bheirlín, díreach taobh ó dheas de stáisiún meitreo Nollendorfplatz, a eagraítear an fhéile sin. Tharla go mbíodh cónaí sa cheantar céanna ar go leor de na daoine aeracha agus leispiacha (níorbh ann do na giorrúcháin fhada chasta sna laethanta úd) a dhúnmharaigh na Naitsithe i ndeireadh na 1930idí agus sa chéad leath de na 1940idí.
An séú rud a chonaic mé i gcathair Bheirlín ná triantán bunoscionn déanta as cloch eibhir bhándearg ar bhalla stáisiún meitreo Nollendorfplatz, leac chuimhneacháin do na daoine neamh-heitrighnéasacha a dúnmharaíodh sa Tríú Reich. ‘Totgeschlagen, totgeschwiegen’ an mana uirthi, ‘Buaileadh chun báis iad agus bhí marbhthost ina dtaobh ina dhiaidh’.
Bhí triantán lofa dubh díreach faoi bhun an triantáin eibhir, lorg mhún na gcéadta fear ar ghaineamhchloch bhalla an stáisiúin.
‘Ní fhoghlaimeoidh muintir na Gearmáine go brách,’ a dúirt cara Gearmánach, oibrí deonach ag féile Folsom, nuair a cheistigh mé é maidir le toghchán thús na míosa seo in Sachsen-Anhalt agus an toghchán atá ar na bacáin i mBeirlín an Domhnach beag seo.
Fág freagra ar 'Sé rud a chonaic mé i mBeirlín seachtain i ndiaidh bhua ollmhór na heite fíordheise sa Ghearmáin'