Léarscáil uasdátaithe de Ghaeltacht Mhaigh Eo foilsithe

Tá cáil ar EastWest Mapping as an aird a thugann siad ar logainmneacha ar a gcuid léarscáileanna

Léarscáil uasdátaithe de Ghaeltacht Mhaigh Eo foilsithe

Tá leagan nua dá léarscáil de Ghaeltacht Mhaigh Eo foilsithe ag an gcomhlacht aitheanta léarscáilíochta EastWest Mapping. Foilsíodh an chéad leagan den léarscáil deich mbliana ó shin, agus seo é an chéad uasdátú atá déanta ag an léarscáilí Barry Dalby, ar leis EastWest Mapping, ar an mbileog ó shin.

Tá Acaill, an Corrán, Acaill Bheag, Mala Raithní, agus Cliara le feiceáil ar an léarscáil nua – idir cheantair Ghaeltachta agus cheantair Ghalltachta. Is í Acaill féin atá ar an taobh deisil agus na ceantair eile ar an taobh tuathail.

Is ar an bpáipéar uiscedhíonach Polyart atá an léarscáil nua clóite, murab ionann agus an leagan a foilsíodh in 2016, agus deir Dalby go bhfuil uasdátú déanta aige ar na sonraí atá le feiceáil uirthi – idir fhoirgnimh, logainmneacha, na comhrianta, agus an t-eolas siamsaíochta.

Sula ndearnadh an obair uasdátaithe ar an léarscáil seo, rinne Barry Dalby athbhreithniú ar úsáid na gcomhrianta ar a chuid léarscáileanna. Go dtí seo, is comhrianta 5m a bhí in úsáid go coitianta ar fhormhór na léarscáileanna a fhoilsíonn EastWest Mapping.

Lorg Dalby aiseolas ó lucht úsáide na léarscáileanna faoin bhfigiúir agus cé acu arbh fhearr nó nárbh fhearr leo comhrianta 10m in áit na gcomhrianta 5m. Is é an buntáiste a bhaineann le comhrianta 5m ná go léirítear níos mó eolais agus sonraí faoin talamh don té a bheadh a’ léamh na léarscáile. Feileann a leithéid do dhaoine a bhíonn ag rásaíocht sna sléibhte nó a bhfuil suim ar leith acu i mionghnéithe den tírdhreach. Ar na buntáistí a luaitear leis na comhrianta 10m, tá soiléire na léarscáileanna agus áisiúlacht don treoraíocht ghinearálta.

Tar éis dó dul i gcomhairle le lucht ceannaigh na léarscáileanna chinn Dalby imeacht ón nós a bhí aige go dtí seo agus comhrianta 10m a úsáid ar an leagan uasdátaithe den léarscáil. Dúirt sé go raibh 60% de lucht freagartha a shuirbhé i bhfách leis an gcinneadh sin.

Tá roinnt mhaith léarscáileanna déanta ag Barry Dalby de cheantair Ghaeltachta na hÉireann. Ba iad an dá léarscáil a d’fhoilsigh sé anuraidh de cheantair Ghaeltachta Dhún na nGall na cinn ba dheireanaí óna cheárta. Tá léarscáileanna eile aige de shléibhte Chonamara agus de shléibhte Chorca Dhuibhne.

Tá spéis ar leith ag Dalby i gceist na logainmneacha agus cuireann sé dua air féin leaganacha áitiúla de mhionlogainmneacha a chur ar a chuid léarscáileanna an oiread agus is féidir leis. Ar an léarscáil is deireanaí seo d’Acaill tá logainmneacha Gaeilge aige ar chuanta beaga ar fud chósta an oileáin – leithéidí ‘Uaich a’ Mhaoláin’, ‘Uaich na Maistí’ agus ‘Uaichín a’ tSeabhaic’.

Tá costas €19.50 ar an léarscáil nua, ach deir Dalby go bhfuil roinnt cóipeanna den tseanléarscáil, a bhfuil comhrianta 5m uirthi ar fáil go fóill agus costas €23.95 orthu sin. Is féidir leagan fillte nó leagan gan filleadh – a d’fheilfeadh do fhráma – a ordú.

Fág freagra ar 'Léarscáil uasdátaithe de Ghaeltacht Mhaigh Eo foilsithe'