I gcuimhne ar Gabriel Rosenstock: ‘Thug sé an domhan mór isteach sa Ghaeilge’

Roinneann cuid de chairde agus de chomhghleacaithe Gabriel a gcuimhní linn

I gcuimhne ar Gabriel Rosenstock: ‘Thug sé an domhan mór isteach sa Ghaeilge’

Gabriel Rosenstock

D’imigh Gabriel Rosenstock, duine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge agus file ‘idirnáisiúnta’, ar shlí na fírinne an tseachtain seo.

Scríbhneoir agus aistritheoir bisiúil ildánach ab ea é, a bhí lárnach sa ghrúpa ceannródaíoch filí Innti, agus i bhforbairt seánraí éagsúla sa Ghaeilge. Roinneann cuid dá chairde agus dá chomhghleacaithe a gcuimhní linn anseo.

Alan Titley

Tá ráite ag daoine go raibh Gabriel ar dhuine de na filí ba bhisiúla dá raibh againn. Ní fíor sin in aon chor. Ba é an file ba bhisiúla é go mór is go fada gan bhréag. Ach ní ar iomadúlacht a chuid scríbhneoireachta is cóir é a mheas, ná ar a héagsúlacht, ach ar a feabhas, ar a ceardúlacht, ar a snastacht, ar a caitliceachas. Nuair a bhí filí eile na Gaeilge ag féachaint ar an Eoraip nó siar thar na tonnta go Meiriceá, d’imigh Gabriel soir le blaiseadh d’iontais an oirthir. Má scríobh sé leabhar dar teideal Ólann mo Mhiúil as an nGainséis, b’fhíor a rá gur ól sé féin den uisce céanna. Shiúil sé bóithre le Rumi, le Basho, le saoithe nach raibh ainm againn orthu ó dhomhan aineoil, nó ó dhomhan aineoil go dtí gur nocht sé dúinn é.

Ar an gcuma chéanna chuir sé Gaeilge ar fhilí eile gurbh ar éigean go mbeimis á léamh, agus mar chuid den sprid neamhchoitianta diabhlaíochta a bhí ann ach lándáiríre ag an am céanna, chuir sé Gaeilge ar Seamus Heaney mar ghníomh athghabhála.

Ba eisean faoi dear, nó ba chiontach, leis an haiku a thabhairt isteach sa teanga. Chonaic sé an ceangal meoin a bhí idir an fhoirm sin agus scríobhaithe na sean-Ghaeilge a bhreac na liricí greanta sin ar imeall na lámhscríbhinní mar gheall ar lon dubh ag feadaíl thar Loch Lao nó Lochlannaigh ar an bhfarraige. D’oir an ghontacht sin go binn dó féin toisc go raibh an oiread sin le rá aige.

Ba dhóigh leat air go raibh an fhilíocht ag pléascadh amach as gach lá ina caisí, agus ba dhóigh leat sin toisc go raibh. Beidh tamall fada sula dtiocfaimid suas leis i gceart, má thagann choíche.

Pádraic Breathnach

Mar mhac léinn i gColáiste Charraig an Tobair, Caiseal, Co. Thiobraid Árann, is sia siar a ghabhann mo chuimhníse ar Ghabriel Rosenstock. Bhíos-sa féin ag múineadh ar feadh bliana, 1965-1966, sa choláiste céanna. Cé nach raibh sé mar scoláire de mo chuid bhí aithne cháile agam air sa mhéid is go raibh clú an t-am sin féin air mar fhear óg a bhí an-tógtha leis na healaíona, go háirid an scríbhneoireacht.

Bhí mórán seánraí ar na bacáin aige, idir fhilíocht, dhrámaíocht is phrós. Bhí múinteoir Rúisise ar an bhfoireann, an tAth. Ó Cathmhaoil, a raibh iarrachtaí drámaíochta ar siúl aige féin, a mheas go mba mhacaomh é Gabriel a dhéanfadh cúis. B’amhlaidh do mhúinteoir eile, múinteoir le Béarla, ar dhrámadóir freisin é, Antón Ó hAilpín.

Ach thar aon ní eile i dtaca le Gabriel Rosenstock is éard is mó a gcuimhnímse air ná a shuim sa dúlra. Tá loch i ngar don choláiste agus ba mhinic Gabriel ar a ghogaide le hais chladaí an locha sin ag dearcadh ar na lachain fhiáine ag snámh chuige trí ghiolcacha an uisce. Ba mhéanar dó an chabaireacht chainte a dhéanadh na héanacha sin leis ag tíocht i ngaobhar an bhruach talúna dóibh.

Chomh maith céanna bhíodh Gabriel ag coisíocht i measc na gcrann buacach feá ar an taobh eile den chosán ón loch; urlár an gharráin sin – dá dtabharfaí ‘garrán’ ar chor ar bith air – brataithe le fearbán, sabhaircíní is caim an ime; iora rua a bhíodh ag spraoi ar stoc agus ar ghéaga ceann de na crainnte agus é, ar ndóigh, amanta, ar an talamh ag ithe an mheasa cnónna a bhí tite.

Bhí cáil na conspóide freisin ar Ghabriel. Is sna ranganna arda meánscoile a bhí sé nuair a tháinig sé go dtí Coláiste Charraig an Tobair, ar choláiste de chuid an Spioraid Naoimh é, ón gcoláiste Proinsiasach i Rinn Mhic Ghormáin i gCo. na Mí. Bhí sé ráite i gcogar chomh maith go dtéadh sé ag fálróid gan chead – trí na páirceanna – an cúpla míle bealaigh, ón gcoláiste chomh fada le Caiseal.

Ba dhuine é Gabriel nár hob dúshláin. Ba dhuine neamhspleách é. B’fhear misniúil é.

Cé go mb’annamh le fada a chastaí ar a chéile sinn ba dhuine tábhachtach i gcónaí i mo shaol é, ba dhuine é a chuidigh liom agus airím uaigneas anois.

Gabriel Rosenstock

Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Is boichte go mór sinn agus Gabriel Rosenstock imithe uainn. Is é a bhí fial, flaithiúil lena chuid buanna. Thug sé an domhan mór isteach sa Ghaeilge agus shaibhrigh sé ár litríocht le haistriúcháin ó chultúir éagsúla na cruinne.

Ba mhinic an éachaint ar sceabha ina chuid filíochta, ach is í an oscailteacht is mó a shamhlaím lena shaothar. Spreag sé an chuid eile againn raon ár radhairc a leathnú.

Bhíos an-cheanúil air; chuaigh a chineáltas i bhfeidhm go mór orm. Táim ag cuimhneamh ar a chéile ionúin Eithne, a chlann agus a gharchlann – chailleadar fear uasal.

Micheál Ó Conghaile

Rosenstock – ar bhealach éicint bhí sé ann riamh domsa. Le mo linnse. Is ní fhéadfá gan suntas a thabhairt dá ainm nuair a thiocfá ar dhán leis i leabhar scoile. Agus ní dhéanfá dearmad ar an ainm úd. Ná ní dhéanfar.

Bhuail mé ar dtús leis agus é mar mholtóir ar chomórtas filíochta Shlógadh a bhíodh ag Gael Linn i Leisureland i nGaillimh. Sna 1970idí. Bheinnse sa dara nó sa tríú bliain i gColáiste Éinde i nGaillimh ag an am. Is cé nár mhol sé aon duais a thabhairt dom luaigh sé go raibh ‘fuinneamh iontach’ i ndán de mo chuid. Ach ba dhuais domsa bualadh leis-sean an lá úd. Ainm mór a bhí ann i gcúrsaí filíochta fiú chomh fada sin siar, leathchéad bliain ó shin anois.

Nuair a bunaíodh Cló Iar-Chonnacht (CIC) sa mbliain 1985 bhí sé roinnt blianta sul má bhí ar ár gcumas eagarthóir lán-aimseartha a fhostú agus ba é Gabriel ba mhó a bhíodh ag cur leabhar in eagar dúinn. Seachas rud ar bith eile bhí luas agus faobhar faoi, bíodh sé i mbun eagarthóireachta, i mbun aistriúcháin nó ag scríobh a chuid filíochta féin. Is bhí sé thar barr ag scríobh blurbaí do chlúdaigh leabhar, ealaín ann féin, dar ndóigh.

Is bhíodh sé lán de shamhlaíocht – samhlaíocht bhuile scaití b’fhéidir – is de phleananna. Ní shílim gur thuig sé cúrsaí airgid. Chuirfeadh sé plean nó togra mór éicint os mo chomhair … ba mhinic a dúirt mé leis dá mbeadh sé i mbun CIC go mbeadh an comhlacht bancbhriste taobh istigh de thrí mhí! Is ní dhéanfadh sé ach gáire.

Bhí a chóras smaointeoireachta féin aige, é ar leibhéal eile ar fad – idirnáisiúnta, idirchultúrtha, is é ar foluain idir seánraí éagsúla ealaíne. Níor thuig sé teorainneacha ach é i gcónaí ag tógáil droichid – ag nascadh na filíochta leis an gceol nó leis an drámaíocht, ag cumadh véarsaí mar chompánaigh – nó mar léamh – ar ghrianghrafanna, ag athinsint scéalta béaloidis ón Domhan Thoir i nGaeilge nádúrtha do pháistí. Aon domhan amháin uilig a bhí ionainn in intinn is i súile Rosenstock.

Cuirfidh scoláire bocht cráite éicint a leabharliosta iomlán – suas le 400 teideal – i dtoll a chéile lá breá éicint is ní gan cuardach is taighde. Is beidh a rogha féin ag gach léitheoir ón óige go dtí an t-aosach. Ar na leabhair faoi leith dá chuid a thaithin go mór liomsa bhí agus tá Dánta Duitse, Fear na bPéistíní, Rogha Rosenstock, Rogha Dánta / Selected Poems, Bróg Khruschev agus Ólann mo Mhiúil as an nGainséis.

Go raibh maith agat, a Ghabriel, slán agus suaimhneas síoraí fileata.

Máire Ní Fhinneadha  

Murach go raibh sé d’ádh orainne Gaeil gur tharla Gabriel a bheith comhaimseartha linn chaithfeadh muid é a chruthú le hanam, meabhair agus aislingí a shamhlú linn fhéin mar chine. Mheabhraigh Gabriel dúinn gur áit an-mhór agus an-spéisiúil í an chruinne seo agus nach é ár n-imleacán fhéin an rud is iontaí dár cruthaíodh riamh.

Thuig sé do mheon soineanta an linbh a aithníonn agus a chumann míorúiltí seasta síoraí agus chruthaigh sé litríocht dóibh a chothaigh an cumas sin iontusan agus a mheabhraigh dá dtuismitheoirí nach peaca scaoileadh leis an tsamhlaíocht.

Fealsamh a bhí i nGabriel nár lig don táire shaolta buarach bréan a chur ar uaisleacht is iontais na cruinne.

A chumas mar aistritheoir is mó a chuir mise faoi dhraíocht – bhí sé in ann meon agus smior an bhunsaothair a chur ar fáil dúinn faoi chóta nua glan amhail is gurbh é sin an bunsaothar. An greim sin a bhí aige ar anam is glór an fhriotail is fíorghann é agus eisean a thug leis an svae. Níl againn anois ach a ghabháil ag ól as an nGainséis saothair a bhronn sé orainn. Aireoimid uainn a shoiscéal agus a léargas uathúil ach aireoidh a mhuintir agus a chairde uathu an fear agus an t-athair geanúil.

Gabriel Rosenstock lena nia Mario

Paddy Bushe

Bhí Gabriel Rosenstock glan as a mheabhair, gan pioc céille ag baint le cuid mhór dár thug sé faoi ina shaol cruthaitheach. An saol mór – go háirithe an Meán-Oirthear, an India agus an Cian-Oirthear – a tharraingt isteach i litríocht na Gaeilge agus iachall a chur ar an nGaeilge glacadh leis sin dá deoin nó dá hainneoin? Haiku Gaeilge? Saothar in aisce, snámh in aghaidh easa …. siar sna naoi déag seachtóidí ní raibh dealramh na réadúlachta ar an easpa céille seo.

Agus Búdachas? Hiondúchas? Athionchollú? Miúileanna ag ól as an nGainséis? Ach féach, an rud a bhí fáidhiúil an t-am sin, an t-idirnáisiúnachas filíochta a shantaigh sé, is cuid de litríocht na Gaeilge anois é, faoiseamh ón gcaol-náisiúnachas a raibh an litríocht sin rómhinic faoina chuing. Fís ainglí – fiú Ardainglí – a bhí ag an bhfile gan chiall ó Luimneach.

Aithne phroifisiúnta seachas aithne phearsanta a bhí agamsa ar Ghabriel (cé gur chaitheas tréimhsí ardtaithneamhacha ina theannta sa Ghearmáin agus san India).

Bhí sé de phribhléid agam aistriúcháin Bhéarla a dhéanamh do Rogha Dánta agus Margadh na Míol in Valparaíso.

Im thuairimse is nuair is gníomh ómóis é an t-aistriúchán is ea is fearr a oibríonn sé. Agus go deimhin, ba ghníomhartha ómóis agam an chuid is mó ar fad dos na haistriúcháin a dheineas. Bhí rudaí tábhachtacha le rá os ard ag Gabriel, agus dhein sé é sin le fonn is le fuinneamh. Ach nuair a d’aistríos go Gaeilge na dánta in Boy / Garsún (Arlen House, 2023), chonac taobh eile de Gabriel, taobh leochaileach, so-ghonta.

Gura fada buan thú, Gabriel, pé ré, aimsir nó láithreacht ina bhfuil, ina mbeidh nó ina raibh tú, anois nó riamh, de réir do rogha féin. Mairfidh do chuid filíochta id dhiaidh, agus romhat.

Cathal Ó Searcaigh

Ag cuimhneamh ar Ghabriel – Ag Slógadh Náisiúnta i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach i 1972 a casadh Gabriel orm den chéad uair. Ba eisean moltóir na filíochta an bhliain sin agus bhronn sé Craobh na hÉigse orm. Sin breis agus leathchéad bliain ó shin. Agus thar na blianta is i mbuaine a chuaigh ár ndáimh. Cuimhním ar na babhtaí rapsóideacha cainte a bhíodh againn, inar phléigh muid an saol is an tsíoraíocht. Agus corruair, “chastaí ar a chéile sinn ar aiste eadar-réaltaí”, mar atá ráite aige féin i ndán dá chuid. Nach tapaidh a théann an duine ó óige go neart is as sin go haois. Tá Gabriel imithe uainn ar bhealach úd na rún. Guím suáilce shíoraí dó ar a aistear buan.

Blianta ó shin is cuimhneach liom gur fhoilsigh An tUltach alt le Risteard Ó Glaisne ina ndearn sé scagadh ar luath-shaothar de mo chuid: ‘Cathal Ó Searcaigh, Colambas d’Fhile’ an teideal mórchúiseach a tugadh ar an aiste. Gan mhoill ina dhiaidh sin, sheol Gabriel leabhar chugam mar bhronntanas, cnuasach dánta ón tSeapáin, agus é sínithe, “Do Chríostóir Colambas ó Yuri Gagarin” (Gagarin, ab ainm don chéad spásaire Rúiseach a chuaigh in airde i bhfirmimintí an aeir). Níor imigh brí ná greann glic an tiomnaithe sin orm.

Tá an mhórchuid againn, filí na Gaeilge atá á mhaíomh agam, sáinnithe ar an talamh ag lorg an Oileáin Úir, ach bhí Gabriel amuigh ansiúd idir neamh agus talamh ag fionnachtain sna firmimintí. Ba eisean Xolotl, seáman na spéire, ag grinniú ár ndomhan drúchtsoilseach ó cheartlár na cruinne.

Is maith a thuig Gabriel focail ghlé an Ríordánaigh: “Níl áit ar fud na cruinne nach ann a saolaíodh sinne.” Mar a deireadh an seandream anseo i dTír Chonaill, “bhí suaithníocht aige ar adhastar na humhlaíochta”. Bhí Gabriel foscailte i gcónaí ina mheon agus ina mhachnamh. “Dúisíonn nithe go moch anois mé,” a deir sé linn i ndán eile dá chuid, “éan maidine, an chamhaoir, cluas”.

Airdeallaí a bhí ann. Ár ndraoi dúisithe. Bhí sé fairsing ina dhaonnacht agus fial ina dháimh. I bhfianaise air sin tugtar ceart agus cothrom ina shaothar do gach dúil de dhúile Dé:

Blátha i vása –

Siúlann cat,

Trí gharraí lom.

Tá cúram agus comhbhá le feiceáil sa haikú sin. Sin tréithe nach dtéann amú i bhfilíocht Ghabriel. Bhí spiorad na fiontraíochta agus spiorad na fiosrachta go smior ann. Thug sé aíocht na haigne do na Diamhra, d’fháiltigh sé roimh na Mistéirí. “Bogfaidh mise, bogfaidh tusa is bogfaidh muid le chéile,” a deir an t-amhrán. B’in a mhana saoil, a alt creidimh, a bhriathar beo. D’fhódaigh sé a fhís bheannaithe féin i bhfriotal na Gaeilge. Chruthaigh sé a dhomhan sainiúil féin i gCosmas na Cruthaitheachta.

Níor saolaíodh é riamh, mar a dúirt sé le déanaí san agallamh lena mhac Tristan. Bhí sé ann riamh agus beidh go brách, cuid d’anáil bhithbheo na Síoraíochta. Soraidh slán leat, a chara dhil. Tiocfaidh mé ort, amach anseo i margadh na míol in Valparaíso nó ag ithe luibheanna íce leis an Yeití sna Himiléithe.

Liam Carson

Bhuail mise le Gabriel den chéad uair siar in 2004, nuair a bunaíodh IMRAM – agus ba eisean a bhaist an t-ainm sin ar an bhféile, focal a chiallaíonn aistear draíochta. Agus b’aistear draíochta a shaol agus a shaothar. D’aontaigh sé céad faoi gcéad le Walt Whitman: ’The poet’s art is not to chart but to voyage’. Ar bhealach, d’fhéadfá a rá gurbh í an fhilíocht creideamh inar aimsigh sé áilleacht, daonnacht agus naofacht.

Bhí ról lárnach aige thar na blianta i ngort na héigse in Éirinn. Ó thaobh amháin de, tharraing sé as tobar an traidisiúin, ach ag an am céanna, chreid sé go raibh sé de dhualgas ar an bhfile briseadh ón traidisiún agus ‘an teanga a shíneadh, na foirmeacha a lúbadh’. Ba mháistir den haiku é, agus é ag scríobh faoi na haiku ina leabhar Tabhair Dom Do Lámh bhí seo le rá aige: ‘baineann siad le leochaileacht an domhain. Rud leochaileach is ea teanga chomh maith. Fúinne atá sé ní hamháin an timpeallacht a chosaint ach ár dteanga shinseartha a chosaint chomh maith’.

Uair amháin, d’fhiafraigh mé de cén próiseas a bhí aige agus é ag tabhairt faoi Ghaeilge a chur ar liricí le Bob Dylan. ‘Próiseas?’ a d’fhreagair sé, ‘níl aon phróiseas ann, seachas na púcaí i mo cheann!’

Más rud é go raibh púcaí i gceann Ghabriel, púcaí na cruinne (ní as Éirinn amháin) a bhí i gceist. Taobh istigh de chloigeann Ghabriel, mhair mórfhilí ar nós Matsuo Bashō, Yosa Buson, Rabindranath Tagore, Georg Trakl, Lí Hè, agus na céadta eile, iad uilig beo arís faoi chló Gaelach.

Focal scoir. Cé go bhfuil sé imithe ar shlí na fírinne, tá croí is anam Ghabriel linn go fóill – sna 400 leabhar a d’fhoilsigh sé, iad uilig ag pléascadh le púcaíocht agus samhlaíocht (agus daonnacht thar aon ní eile). Léigh iad.

Fág freagra ar 'I gcuimhne ar Gabriel Rosenstock: ‘Thug sé an domhan mór isteach sa Ghaeilge’'