Tá mé cinnte go mbeidh díol rí de bhéile i gcónaí ag Séarlas Shasana a tháinig i gcoróin an lá faoi dheireadh. Sin le rá go mbeidh fuílleach de scoth na beatha aige.
Is é rí na bhfear é a déarfaí faoi fhear a bheifí a mholadh.
Níl rí ar bith leis ag déanamh bréag a déarfaí faoi dhuine nach n-inseodh an fhírinne.
Tugtar ainmneacha éagsúla ar Dhia: Rí na bhFeart, Rí na Reann, Rí na Cruinne.
Na Trí Ríthe a tháinig chuig Críost nuair a bhí sé sa mainséar.
Is mór i gceist i litríocht na nGael rí Teamhrach agus rí na Féinne.
Is é an dreoilín rí na n-éan.
Deirtear gurb é an rón rí na farraige.
Ní bheadh a fhios agat cén rí a bheadh ar Éirinn an uair sin, a deireadh m’athair faoi rud a d’fhéadfadh tarlú san am a bhí le theacht.
Bóthar an rí a thugtaí ar an mbóthar mór.
Ní imreodh rí na méaracán air a déarfaí faoi dhuine fíorghlic.
Tá seanscéal cáiliúil ann ar a dtugtar Rí na gCat.
I ndomhan na ndall is rí fear aon súile.
Tá feithidín bheag ann ar a dtugtar an rí rua. Bíonn dath chomh buí leis an ór uirthi agus faoi sheanleachtaí cloch a d’fheicfeá í.
‘Ó’s a Rí na glóire gile
Tabhair ar ais an oíche aréir.’
Sin é a dúradh in amhrán.
Antóin
Ciallaíonn rí rua fosta pingin a bhfuil cloigeann rí uirthi. Ní fiú rí rua é a deirtear faoi rud atá gan mhaith. (Foinse: Cnuasach focal as Teileann)
Seosamh Ó Cuaig
Go raibh maith agat, a Antóin. Is cosúil gur rí rua an Ghaeilge atá ar an éan an chaffinch freisin.