‘Bhí laethanta an-dorcha againn ó 2012’ – mná Chiarraí agus Louise Ní Mhuircheartaigh ar thairseach ré nua 

Labhair laoch peile na Ríochta, Louise Ní Mhuircheartaigh ar an teacht aniar atá déanta ag foireann Chiarraí le blianta beaga anuas agus iad ar ais i gcluiche ceannais na hÉireann den chéad uair le deich mbliana 

‘Bhí laethanta an-dorcha againn ó 2012’ – mná Chiarraí agus Louise Ní Mhuircheartaigh ar thairseach ré nua 

Cé go bhfuil fir Chiarraí ag iarraidh deireadh a chur an deireadh seachtaine seo leis an ‘feitheamh fada’ ocht mbliana le Corn Mhig Uidhir, beidh mná an chontae ag iarraidh deireadh a chur le bearna níos faide nuair a imreoidh siad i gcluiche ceannais na hÉireann in aghaidh na Mí seachtain ón Domhnach.

Bhuaigh mná Chiarraí deich gcinn de Chraobhacha Uile-Éireann idir 1982 agus 1990 ach níl craobh shinsir na hÉireann buaite acu ó 1993 agus tá sé deich mbliana ó d’imir siad i gcluiche ceannais.

Is beag imreoir atá fós ag treabhadh leis an bhfoireann ó shin i leith ach duine acu í Louise Ní Mhuircheartaigh, laoch na foirne. Agus í ag labhairt ar an gclár An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inné, labhair bean Ard na Caithne, atá ag imirt le Ciarraí ó 2008, ar na dúshláin a bhain leis na blianta sin sa bhfásach agus ar an teacht aniar atá déanta ag an bhfoireann le blianta beaga anuas.

“Bhí sé deacair,” ar sí, ag trácht ar na deich mbliana atá caite ó bhí siad i bPáirc an Chrócaigh ar an lá mór. “Chuamar go dtí cluiche ceannais na hÉireann in 2012. Chailleamar amach, go mór mór in 2013, bhuaigh Corcaigh orainn sa chluiche leathcheannais, thugadar Juliet Murphy thar n-ais. Chailleamar amach i gcúpla cluiche leathcheannais ina dhiaidh sin. 

“Is dócha go bhfuil bóthar crua curtha isteach ag cuid againn ach, táimid sa chluiche ceannais faoi cheann seachtain go leith. Bhí laethanta ana-dheacair againn, laethanta ana-dhorcha ó 2012 go dtí anois ach, le trí bliana anuas tá rudaí athraithe agus tá muid ag dul sa treo ceart agus, le cúnamh Dé, tá 60 nóiméad den chéad scoth ionainn don lá mór.”

Deir Ní Mhuircheartaigh nach féidir aon chúis amháin a thabhairt leis an meath a tháinig ar Chiarraí le linn na tréimhse sin ach deir sí go mbíodh sé deacair i gcónaí imreoirí a choinneáil ar an bhfoireann agus nach raibh an traenáil i gcónaí ag dul go maith. Deir sí go bhfuil athrú mór tagtha ar chúrsaí ó tháinig na comhbhainisteoirí Darragh Long agus Declan Quill isteach ag tús 2020.

“Ní fhéadfainn an milleán a chur ar aon duine ach ní raibh rudaí ag dul go maith i gCiarraí go dtí, is dócha, go dtáinig Darragh agus Declan isteach agus ansan…An difríocht atá déanta acusan, tá sé dochreidte. Ní dóigh liom go mbeadh cuid againn fós ag imirt mura mbeidís san tagtha isteach,” a dúirt Ní Mhuircheartaigh.

“Bhíomar ag cailliúint cailíní na haon bhliain. Chailleamar cailíní arís tar éis na bliana anuraidh agus chailleamar cúpla cailín ansin tar éis na sraithe ach, an grúpa atá againn anois, tá sé dochreidte. Tá nasc mínádúrtha againn, tá sé dobhriste an nasc atá againn. Tá na haon duine againn sásta a bheith i dteannta a chéile…teastaíonn uainn a bheith le chéile an t-am ar fad.”

Agus cúig bliana déag caite ag Louise ag imirt le foireann shinsir Chiarraí, ní haon iontas é go bhfuil sí ar dhuine de cheannairí na foirne. Bíonn ualach breise uirthi chomh maith mar dhuine de na tosaithe is fearr sa tír, cé go ndéanann sí beag is fiú den ualach sin.

“Is dócha go bhfuil brú faoi leith ann, táim ann ar feadh tamaillín, ach ní chuireann aon duine an brú san orm ach mé fhéinig. Tá foireann iontach againn. Na cailíní óga, ní bhíonn aon bhrú orthusan, is cuma leo. Téann siad amach agus déanann siad a gcuid.”

Níor cheil sí an tábhacht a bheadh le Corn Bhreandáin Uí Mháirtín a bhuachan den chéad uair riamh, áfach.

“Thosnóinn ag gol anois dá dtosnóinn ag caint [ar an bhfonn atá uirthi Craobh na hÉireann a bhuachan].

“Seo é an corn a theastaigh uainn ar feadh na mblianta. Dhéanfadh ceann an cúram anois,” a dúirt Ní Mhuircheartaigh. Ní raibh aon aird aici ar aon chaint go n-éireodh sí as an imirt dá mbuafadh Ciarraí. 

Is amhlaidh a deir sí go bhfuil sí dírithe go hiomlán ar chluiche ceannais na seachtaine seo chugainn ar dtús.

Dúirt Ní Mhuircheartaigh, atá ina múinteoir Gaeilge agus corpoideachais, go raibh súil aici go dtabharfaí tacaíocht mhór do mhná Chiarraí sa chluiche ceannais, go háirithe agus an fuadar atá sa chontae roimh chluiche ceannais na bhfear.

“Tá súil agam go mbeidh. Tá an-chuid fleaigí in airde do na fearaibh agus fanfaidh siad in airde dúinne. Tá súil againn go mbeidh an bús céanna ann,” a dúirt sí.

“Is dóigh liom go bhfuil rudaí ag dul sa treo ceart ó thaobh fearaibh agus mná agus an chothromaíocht san. Táimid fós saghas ag fanacht leis ach is dóigh liom go bhfuil sé ag dul sa treo ceart.”

In agallaimh mí Bealtaine, dúirt Ní Mhuircheartaigh gur údar frustrachais a bhí ann di nach raibh teacht i gcónaí ag mná Chiarraí ar na háiseanna ag ionad barr feabhais CLG Chiarraí sna Coirríní, go háirithe nuair a bhí pictiúr dise crochta taobh amuigh den fhoirgneamh.

Dúirt Ní Mhuircheartaigh inné go raibh foireann ban Chiarraí in ann a bheith ag traenáil ann níos minice le roinnt seachtainí anuas ach dúirt sí go raibh tuilleadh gnímh ag teastáil chun aitheantas cuí a thabhairt d’fhoirne na mban ar fud Chumann Lúthchleas Gael.

“Tá sé thar am [go mbeadh siad ag traenáil sna Coirríní]. Thángthas amach agus dúirt é cúpla seachtain ó shin agus rinneadh scéal mór de. Dos na cailíní óga é chomh maith, nach mbeidh an fhadhb chéanna acu agus a bhí againne ach tá sé ag dul sa threo ceart. Caithfidh na cumainn teacht le chéile anois agus, ar deireadh thiar, na haon rud a chur in aon chumann amháin.”

Ghuigh Ní Mhuircheartaigh gach rath ar fhir Chiarraí i gcluiche ceannais na hÉireann in aghaidh na Gaillimhe Dé Domhnaigh, go háirithe le fear na Gaeltachta, Brian Ó Beaglaoich na Carraige. Ach ní bheidh sise ná a comhimreoirí i bPáirc an Chrócaigh ag an deireadh seachtaine agus a gcuid ullmhúchán féin le déanamh acu.

“Bheadh sé deas a bheith ann ach, is dóigh, táim i bhfad níos sásta nach mbeidh mé ag imeacht agus go mbeimis ar fad ag traenáil le chéile.”

Fág freagra ar '‘Bhí laethanta an-dorcha againn ó 2012’ – mná Chiarraí agus Louise Ní Mhuircheartaigh ar thairseach ré nua '