Géarchéim CO2 – feirmeoirí beostoic le ceannach amach go héigeantach san Ísiltír

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Tá rialtas na hÍsiltíre chun na céadta feirmeoir beostoic a cheannach amach d’fhonn dul i ngleic le géarchéim na n-astúchán CO2

Géarchéim CO2 – feirmeoirí beostoic le ceannach amach go héigeantach san Ísiltír

Feirmeoirí a dhíshealbhú: de réir mar atá á thuairisciú ag na meáin i dtír dhúchais an tSaoithín Aeráide an tseachtain seo, sin é an réiteach a bheidh ag rialtas na hÍsiltíre ar ghéarchéim na n-astúchán CO2 sa tír sin.

Ceart go leor, mar is dual dó, tá an Saoithín Aeráide ag dul rud beag thar fóir. Le ceannach amach a bheidh na céadta feirmeoir beostoic dáiríre, agus suim 26 bhilliún euro luaite leis an scéim. Ach ós rud é nach iad cearta táirgthe na bhfeirmeoirí amháin a bheidh i gceist leis an gceannach éigeantach ach a gcuid talún freisin, is mar dhíshealbhú a bhreathnóidh cuid mhaith feirmeoirí ar an scéal – agus is léir cheana féin go mbeidh tionchar mór aige sin ar chúrsaí polaitíochta san Ísiltír.

Cúlra an scéil ar dtús. Ar ndóigh tá géarchéim astúchán CO2 i nach mór chuile thír ar chlár na cruinne, ach tá géarchéim ar leith san Ísiltír ó chinn Cúirt Uachtarach na tíre sin sa bhliain 2015 go bhfuil dualgas dlíthiúil ar an rialtas an pobal a chosaint ó athrú aeráide, agus ó chinn Comhairle an Stáit sa bhliain 2019 nach féidir dul ar aghaidh le pleananna móra infreastruchtúrtha – tithe a thógáil a bhfuil géarghá leo, mar shampla – mura mbeidh laghdú 25 faoin gcéad ar na hastúcháin CO2 sa tír faoin mbliain 2020 i gcomparáid leis an mbliain 1990. Níor baineadh amach an sprioc sin, agus tá earnáil na feirmeoireachta beostoic ar cheann de na cúiseanna is mó atá leis na hastúcháin CO2.

Cás ar leith é cás na hÍsiltíre toisc gurb í an t-aon tír ar domhan í faoi láthair ina mbeifear in ann pionós a ghearradh ar pholaiteoirí amach anseo mura dtógann siad céimeanna anois chun an pobal a chosaint ar an ngéarchéim aeráide. Rogha an dá dhíogha atá ag polaiteoirí na tíre, mar sin: príosún amach anseo nó fearg na bhfeirmeoirí anois.

Más aon fhianaise iad na hagóidí móra agus go deimhin foréigneacha a tharla ó 2015 anuas, ní go fonnmhar a ghlacfaidh feirmeoirí beostoic na hÍsiltíre leis na horduithe ceannaigh éigeantaigh nuair a eiseofar iad. Beidh tionchar mór ag an scéal ar chúrsaí polaitíochta freisin: léiríonn na pobalbhreitheanna is déanaí go ndéanfaí slad ar pháirtí traidisiúnta na tuaithe, daonlathaigh Chríostaí an CDA atá páirteach sa chomhrialtas sealadach reatha, agus go mbeadh fás mór ar pháirtí radacach nua, an BoerBurgerBeweging (BBB, ‘Gluaiseacht na bhFeirmeoirí agus na Saoránach’), dá mbeadh olltoghchán ann anois. Rud nach féidir a chur as an áireamh: bhí olltoghchán ann i lár an Mhárta ach leathbhliain níos déanaí níl aon radharc ar chomhrialtas nua fós.

Fág freagra ar 'Géarchéim CO2 – feirmeoirí beostoic le ceannach amach go héigeantach san Ísiltír'

  • Brendan Keane

    Bhí sé an céanna san CCCP: dhíshealbhú & ceannaigh éigeantaigh d’fhonn an phobal a tharratháil. Bheadh Parnell díomhá a fheiceáil na daoine ag chuir an athghabhála bun os cinn.