Níl mé ag fáil aon suaimhneas ó na leaganacha nua cainte seo. Is mór an mí-ádh iad:
- Chomh cinnte is go mbeidh Sharon Shannon ag meangaireacht gháire.
- Chomh hannamh le sioc sa samhradh.
- Chuir sé go High Wickham le cic é.
- Phréachfadh sé Tom Crean.
- Bíonn blas ar an spaigití ach is deacair an píotsa a bhualadh.
- An fear saibhir ag breathnú síos ar an bhfear bocht mar a bheadh caróg ar chuaille teileagraif.
- Is dona an mada nach fiú Pedigree Chum a thabhairt dhó.
- Chomh gorm le léine Eoin Uí Dhufaigh.
Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Phréachfadh sé Tom Crean…'