Dúshlán ollmhór roimh na Muimhnigh agus iad i gcoinne Clermont sa bhFrainc

Rinneadh neart cainte faoi chur chuige agus sár-iarracht na gcúigí ar fad an tseachtain seo caite

Dúshlán ollmhór roimh na Muimhnigh agus iad i gcoinne Clermont sa bhFrainc

Fiú má theip ar dhá chúige i mBabhta 1 de Chorn na gCuradh an deireadh seachtaine seo caite, bhí neart cainte maidir le cur chuige agus sár-iarracht na gcúigí ar fad sna cluichí sin. Níl aon dabht ach go raibh an-mhí-ádh ar Chúige Uladh agus ar na Connachtaigh nár éirigh leo croitheadh a bhaint as an dá fhoireann is cumhachtaí sa bhFrainc agus san Eoraip fiú.

Níor éirigh leis na hUltaigh leas a bhaint as a bheith ag imirt sa mbaile agus iadsan i gcoinne Toulouse ach léirigh siad sprid agus dea-imirt nach bhfaca muid uathu le fada an lá. Bhain na Connachtaigh agus iad as baile i gcoinne Racing 92 geit as foireann Pháras agus as domhan an rugbaí chomh maith. Bhí na geallghlacadóirí ag tuar go mbeadh farasbarr os cionn ocht bpointe dhéag ag Racing. Ceithre phointe a bhí ann ag a dheireadh.

An cheist ná an mbeidh ar chumas na gcúigí imirt chomh maith céanna an deireadh seachtaine seo? San RDS a bhí Cúige Laighean, foireann a bhí dochreidte i mBabhta 1, iad as baile i gcoinne Montpellier agus gan mórán dá gcéad rogha imreoirí ar an bpáirc acu. Ní sé éasca teacht ar aon duine atá ag tabhairt seans inniu do Northampton, foireann a chaill sa mbaile i mBabhta 1. Bua éasca eile d’fhoireann Leo Cullen déarfainn.

Tá mise ag tabhairt seans do Chúige Uladh agus iad ag imirt i nGloucester in aghaidh foireann a chaill a gcluiche 44 pointe i mBabhta 1. Má thugann na hUltaigh cur chuige Bhabhta 1 leo sall is cinnte go mbeidh rás fhoireann Shasana, dream atá sa naoú háit sa bPremiership, rite.

Beidh dúshlán ollmhór roimh na Muimhnigh agus iad i gcoinne Clermont sa bhFrainc. Seans gurb é seo coimhlint an deireadh seachtaine. Dhá fhoireann iad a bhíonn thar a bheith iomaíoch agus fisiciúil. Bhí bua i mBabhta 1 ag an dá fhoireann ach is as baile a bhí Clermont. Ní ábhar iontais dá bhrí sin gurb iad rogha na coitiantachta do chluiche na hoíche anocht.

Dá mbeadh cead ag lucht féachana freastal ar chluichí bheadh sé dodhéanta ticéad a fháil do chluiche an lae amárach ar an mBóthar Beag idir Cúige Chonnacht agus Bristol. Is cinnte go mbeadh na mílte ag iarraidh fáilte abhaile a chur roimh Pat Lam agus John Muldoon atá mar phríomhchóitseálaí agus cóitseálaí tosaithe ag Bristol.

Cuimhnigh go raibh Lam mar chóitseálaí agus Muldoon mar chaptaen nuair a fuair Cúige Chonnacht greim ar an bPro 12 in 2016. Ach seanscéal é sin anois agus beidh na Connachtaigh ag iarraidh bua baile eile a aimsiú, rud nach mbeidh éasca. Chaill an dá fhoireann seo i mBabhta 1 agus beidh deireadh le pé foireann a chailleann amárach. Tá mise ag tuar bua ar éigean do na Connachtaigh agus sin bunaithe orthu a bheith ag imirt sa mbaile.

Fág freagra ar 'Dúshlán ollmhór roimh na Muimhnigh agus iad i gcoinne Clermont sa bhFrainc'