LÉAMHTHUISCINT: Amaidí agus uafás na cogaíochta i 1917

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Amaidí agus uafás na cogaíochta i 1917

1. Cé nach bhfuil ach naoi gcinn d’fhadscannáin stiúrtha ag Sam Mendes is saothair bhreátha a bhformhór mór leithéidí American Beauty (1999), Road to Perdition (2002) agus Revolutionary Road (2008), go háirithe. Go deimhin d’éirigh leis an gcéad cheann acu sin duaiseanna Oscar a ghnóthú sa bhliain 2000.

Seo an chéad uair ag an stiúrthóir Sam Mendes tabhairt faoi script agus is iad scéalta a shin-seanathar, an Leascheannaire Alfred H. Mendes, a spreag é le dul i mbun pinn. Níl na heachtraí faoi leith a tharlaíonn sa scannán seo fíor ach baineann siad macalla as codanna de scéalta eile atá. Lena chois sin tá an scéal neadaithe i bhfíricí an Chéad Chogaidh Dhomhanda.

2. Ón gcéad luí súl is fuirist a thuiscint canathaobh a bhfuil deich n-ainmniúchán faighte ag an saothar seo do na Gradaim Oscar, gradaim atá á mbronnadh ag Acadamh Ealaín agus Eolaíochtaí na Scannán ó 1929.

Ar ndóigh sna trinsí míchlúiteacha inar tharla cuid mhór den ár le linn an chogaidh mhóir atá an scannán suite agus ag tús an scannáin feicimid na leascheannairí Blake (Chapman) agus Schofield (McKay) ag ligean a scíthe faoi scáth crainn i bpáirc sa Fhrainc ar an 6 Aibreán 1917. Fógraítear dóibh go bhfuil duine de na ginearáil (Colin Firth) ag iarraidh labhairt leo.

3. Tá an bheirt chomrádaithe ag cur díobh fad is atá siad ag siúl i dtreo an chruinnithe. I ngan fhios dúinn nach mór tá gach coiscéim de chuid na saighdiúirí á dtabhairt níos gaire d’ainnise agus gruaim na dtrinsí. Cruthaítear atmaisféar tuarúil atá lán teannais, atmaisféar a fhanann linn go ceann scríbe.

Is cumhachtach agus is ealaíonta an radharc é. Samhlaíodh dom nach raibh aon ghá le caint, go deimhin measaim gur bhain sí ó chumhacht na cineamatagrafaíochta. Is amhlaidh an cás níos déanaí sa scannán nuair a bhíonn ár mbeirt laochra ag déanamh a slí tríd na trinsí

Seanscéal is meirg air is ea ábhar an chruinnithe úd leis an nginearál, áfach: an misean dainséarach atá geall le bheith dodhéanta. Tá na Gearmánaigh tar éis cúlú óna dtrinsí féin ach ní ag teitheadh atá siad ach ag iarraidh líne chosanta níos láidre a thógáil. Ní thuigeann buíon 1,600 saighdiúir Sasanach é sin agus déanfar luíochán orthu mura dtabharfaidh Blake agus Schofield scéala chucu anonn trí láthair an áir. Le cur leis an scéal insítear dúinn go bhfuil deartháir le Blake i measc na bhfear atá i mbaol a mbáis.

4. Tugann an bheirt faoin dúshlán. Sa chéad chuid den scannán déantar sinn a thumadh i gcruatan na dtrinsí. An mhídhaonnacht, an chrógacht agus an éigiall fite fuaite ina chéile. Faighimid radharc iontach ar an mbeirt ag déanamh a slí trasna láthair an áir. Cuirtear sceirdiúlacht agus uafás na háite os ár gcomhair go han-phaiteanta ar fad. Pluda, francaigh agus coirp atá ag lobhadh.

Cé go bhfuil an cliar breac le piardaí móra aisteoireachta (Colin Firth, Richard Madden, Benedict Cumberbatch agus Andrew Scott na hÉireann) níl ach rólanna beaga tánaisteacha acu ar geall le caimeonna iad. Ní hin le rá nach n-éiríonn leo téagar a chur sna carachtair atá idir lámha acu.

Is iad Dean-Charles Chapman agus George McKay, go háirithe, a dhéanann an scannán a iompar. Cé gur chuir an truflais chainte a bhí eatarthu pip orm ar uairibh éiríonn leo carachtair thathagacha dhaonna gheanúla a chur os ár gcomhair. Ábhar iontais dom nach bhfuair McKay ainmniúchán Oscar.

5. Cé go bhfuil rian den bhuaileam sciath anseo is ansiúd, daonnacht agus calmacht an duine aonair agus é sáinnithe in amaidí agus uafás na cogaíochta príomhthéama an tsaothair ar leith seo.

Ar ndóigh táid ann a déarfadh gurb í ardteicneolaíocht na cineamatagrafaíochta atá á comóradh sa scannán seo seachas na fir bhochta a ndearnadh sléacht orthu agus iad sáinnithe i bpuiteach bréan na dtrinsí agus iad ag troid i gcogadh nárbh eol dóibh a údar.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana

  1. Cén scannán de chuid Sam Mendes a bhuaigh Gradam Oscar in 2000? (alt 1)
  2. Céard a spreag an t-údar chun an scéal seo a scríobh? (alt 1)
  3. An mó bliain na Gradaim Oscar ar an bhfód? (alt 2)
  4. Cén fáth, dar leat, go ndeir an léirmheastóir go raibh na trinsí ‘míchlúiteach’? (alt 2)
  5. Céard a chuaigh i bhfeidhm go mór ar an údar in alt 3?
  6. Cén t-éacht a bhí le déanamh ag an mbeirt saighdiúirí? (alt 3)
  7. Cén cur síos scanrúil a fhaighimid ar na trinsí sa bhFrainc in 2017? (alt 3)
  8. Cén  ‘piarda mór’ de na haisteoirí a luaitear is fearr leat féin? Cén scannán a bhfaca tú ann é?
  9. Cén t-aisteoir is mó a chuaigh i bhfeidhm ar an léirmheastóir? (alt 4)
  10. Cén locht is mó a fuair an léirmheastóir ar an scannán seo? (alt 5)

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine atá in aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Leanaigí oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna arís agus déanaigí na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid lena chéile.

Gníomhaíocht 3 – Deis taifeadta:

  • Taifead thú féin ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leat féin.
  • Éist leis an taifeadadh a rinne daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – Nathanna cainte: bígí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairtí ó bhéal leis an duine atá in aice leat.
  • Déan cuid eile acu a chur in abairtí scríofa.

Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 5 – Cúinne na Gramadaí

  1. Aimsigh aidiacht san uimhir iolra sa chéad alt.
  2. Aimsigh sampla d’ainmfhocal a bhfuil tréaniolra aige sa chéad alt.
  3. Aimsigh forainm sa dara halt.
  4. Aimsigh aidiacht bhriathartha sa chéad alt.
  5. Sracfhéachaint ar an Tuiseal Ginideach:
  • Brúidiúlacht (an chogaíocht) is láidre sa scannán.
  • Saighdiúirí an chéad (cogadh mór) a d’íoc as an aisling.
  • Boladh (an láib bhréan) ba mheasa ann.
  • Gairm (an aisteoireacht) atá á moladh.
  • Ní aontaím le tuairimí (an léirmheastóir) faoin scannán.

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:

Léigh an chéad alt os ard don duine atá in aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Leanaigí oraibh mar sin go deireadh an ailt.
Léigh na ceisteanna arís agus déanaigí na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid lena chéile.

Gníomhaíocht 3 – Deis taifeadta:

Taifead thú féin ag léamh ceann de na hailt.
Éist siar leat féin.
Éist leis an taifeadadh a rinne daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – Nathanna cainte: bígí ag caint agus ag scríobh:

Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairtí ó bhéal leis an duine atá in aice leat.
Déan cuid eile acu a chur in abairtí scríofa.

Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna seo thíos:

  • An dóigh leat go gcuidíonn scannáin linn chun tuiscint a fháil ar an saol?
  • An bhfaca tú féin aon scannán cogaíochta a chuaigh i bhfeidhm ort?
  • Déan iarracht na nathanna seo a úsáid – bhain sé macalla as, tá an saol breac le, i mbun pinn, seanscéal is meirg air, fite fuaite ina chéile, páirc an áir, go paiteanta, ag cur díom..
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Tuairimí a chur in iúl, measúnú a dhéanamh, cur síos ar ábhar a chonaic tú.
  • Féadfaidh tú thú féin a thaifeadadh agus tú ag cur do thuairimí in iúl.

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Amaidí agus uafás na cogaíochta i 1917'