LÉAMHTHUISCINT: Méadú? Meileann muilte an Aontais Eorpaigh go mall…

Thíos tá ábhar ón gcnuasach Láithreach Bonn mar aon le gníomhaíochtaí don seomra ranga

LÉAMHTHUISCINT: Méadú? Meileann muilte an Aontais Eorpaigh go mall…

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna tuisceana agus léirthuisceana

  • Cén fáth ar deineadh an mhír seo?
  • “Meileann muilte an Aontais Eorpaigh go mall.” Céard is brí leis an bhfrása sin?
  • An féidir leat teacht ar sheanfhocal a bhfuil na focail sin ann. Féach ar teanglann.ie
  • Cé mhéad ballstát atá san AE?
  • Cén fáth a luaitear 2014?
  • Céard é an rud cinniúnach a tharla ó shin?
  • Cén fáth a bhfuil tábhacht le méadú an AE?
  • Cé mhéad tír atá ag iarraidh ballraíocht san AE a bhaint amach.
  • An féidir leat ainmneacha na dtíortha sin a scríobh síos.
  • Luaigh ceann de na critéir atá le comhlíonadh.
  • Dé ghnáth, cé chomh fada a thógann sé ar thír ballraíocht a bhaint amach?

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh Léitheoireachta

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Leanaigí oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Úsáid an uirlis fuaime i teanglann.ie nó abair.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.

Gníomhaíocht 3 – Nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs.
  • Déan iarracht na cinn seo a chur in abairt ó bhéal leis an duine atá in aice leat.
    • Fadálach
    • Cumhacht
    • Idir an dá linn
    • Ó shin
    • Faoi láthair
  • Déan iarracht na cinn seo a chur in abairt scríofa.
    • Próiseas
    • Caimiléireacht
    • A chinntiú
    • Le comhlíonadh
    • Is mian
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 4 – Bí ag scríobh agus ag caint

  • Tá deich dtír ag iarraidh ballraíocht a bhaint amach.
  • Déan taighde ar líne faoi thír amháin acu sin.
  • Déan 5-7 bpointe a scríobh.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Ansin, léigh na pointí atá scríofa ag do pháirtí agus déanaigí iad a phlé. Aon aontaíonn tú leis/léi?

Gníomhaíocht  5 – Nasc ábhartha eile

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Méadú? Meileann muilte an Aontais Eorpaigh go mall…'