Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna tuisceana agus léirthuisceana
- Cén fáth ar deineadh an mhír seo?
- Dar leat céard is brí leis an bhfrása “neadaithe san Eoraip”?
- Cén ghairm a luaitear le Gearóid Ó Tuathaigh?
- Cén tuairim a bhí ag na saineolaithe ag an am?
- Céard is brí le “cleithiúnas eacnamaíochta” dar leat? Úsáid focloir.ie má bhíonn tú i bponc.
- Cad a rinne an Bhreatain nuair a tháinig an euro?
- Cad a tharla in 2016?
- Cad a tharla do ról na hÉireann san Aontas Eorpach le himeacht na mblianta?
- Cé mhéad tír atá san Aontas Eorpach anois?
- Cén dúshlán atá ann d’Éirinn agus an tAontas ag méadú?
Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh Léitheoireachta
- Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Leanaigí oraibh mar sin go deireadh an ailt.
- Úsáid an uirlis fuaime i teanglann.ie nó abair.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.
Gníomhaíocht 3 – Nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh
- Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs.
- Déan iarracht na cinn seo a chur in abairt ó bhéal leis an duine atá in aice leat.
- Dara rogha
- Saineolaí
- In ainneoin
- Cur agus cúiteamh
- Tionchar
- Déan iarracht na cinn seo a chur in abairt scríofa.
- Ballraíocht
- Bheartaigh
- Cuimsitheach
- Díograis
- Bascadh
- Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.
Gníomhaíocht 4 – Bí ag scríobh agus ag caint
- An féidir leat tíortha an Aontais Eorpaigh a scríobh síos as Gaeilge. Bí cinnte an t-alt (an) a chur rompu.
- Má tá tú i bponc déan iad a chuardach ar www.teanglann.ie. www.tearma.ie agus www.focloir.ie.
- Déan do liosta a chur i gcomparáid le liosta do pháirtí.
- Tá ainmneacha na dtíortha agus eolas fúthu ar fáil anseo.
Gníomhaíocht 5 – Nasc ábhartha eile
- Seo nasc chuig suíomh idirlín faoin AE.
- Léigh é agus déan cúig phointe eolais a aimsiú.
- Déan iad a roinnt le do pháirtí.
Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: 50 bliain san Aontas Eorpach — an maireann an dóchas?'