Cruinneas phobalbhreitheanna TG4 agus mana Gaeilge Fhine Gael

Fáilte go dtí Meascra Toghcháin Tuairisc.ie, mar a mbíonn gach cineál iontais agus neamhiontais againn ó Olltoghchán 2020

Cruinneas phobalbhreitheanna TG4 agus mana Gaeilge Fhine Gael

Pobalbhreitheanna TG4

‘Pinches of salt needed as polls can tell porkies’ an cheannlíne a bhí ar mhír san eagrán is déanaí den Connacht Tribune faoi phobalbhreitheanna TG4.

“TG4 has commissioned an opinion poll for the Galway West constituency; let’s hope it’s more accurate than its last one,” arsa údar na míre go seanbhlastúil.

“Pinches of salt at the ready!” an chomhairle a bhí ag an údar.

Ach cé chomh cruinn, nó míchruinn, is a bhí pobalbhreitheanna dáilcheantair TG4 in 2016?

Chothaigh na trí phobalbhreith a rinneadh ceithre bliana ó shin cuid mhaith cainte.

Dúirt Toiréasa Ferris, an t-iarchomhairleoir contae de chuid Shinn Féin gur “cic sa tóin” dá páirtí a bhí sa phobalbhreith a rinneadh i gCiarraí, cic so tóin a bhí ag teastáil, dar léi.

Ach bhí John Connolly, Fianna Fáil, oiriúnach le ceangal faoin lorg, dar leis, a d’fhág pobalbhreith Gaillimh-Thiar ar an toghchán.

Bíonn cead cainte ag fear caillte na himeartha, is dócha, ach an raibh cuid den cheart aige?

Deimhníonn urlabhraí Gaeilge Chomhaontas Glas nach bhfuil sé ina bhall d’ISIS! Scéalta ón gcamchuairt toghchánaíochta…

Ba í pobalbhreith Dhún na nGall an ceann ba ghaire do thoradh an toghcháin agus ba í an phobalbhreith a rinne TG4 i nGaillimh Thiar an ceann ab fhaide ó mharc. Bhí torthaí na pobalbhreithe i gCiarraí réasúnta cruinn. 

Tugadh le fios i bpobalbhreith Dhún na nGall in 2016 go mbeadh dhá shuíochán ag Fianna Fáil agus go mbeadh jab ag Pádraig Mac Lochlainn an dara suíochán a fháil do Shinn Féin. Mar sin a tharla.

Rinneadh pobalbhreith Chiarraí agus é díreach fógartha go mbeadh Danny Healy-Rae ag dul san iomaíocht i dteannta a dhearthár, Michael, agus bhain figiúirí TG4 siar as gach duine agus an chuma ar an scéal go mbeadh dhá shuíochán ag muintir Chill Gharbháin.

Gan dabht dhein muintir Healy-Rae an beart agus vóta níos airde acu in 2016 fiú ná mar a tugadh le fios sa phobalbhreith.

Bhí an phobalbhreith as alt, áfach, maidir le vóta Fhine Gael agus fuair an páirtí vóta níos lú ná mar a bhí á thuar i gCiarraí. A mhalairt a bhí i gceist i gcás Shinn Féin agus vóta níos airde ag Martin Ferris ná mar a tugadh le fios sa phobalbhreith.

I gcás Ghaillimh Thiar ceithre bliana ó shin, fuair an neamhspleách Noel Grealish vóta i bhfad níos airde ná mar a tugadh le fios sa phobalbhreith agus bhí vóta Sheáin Kyne (FG) cuid mhaith níos ísle ná mar a bhí sa phobalbhreith.

Ba é móide nó lúide 4% an lamháil earráide a bhí i gceist sna pobalbhreitheanna ag TG4.

Bhí cuid mhaith den éagsúlacht idir figiúirí na bpobalbhreitheanna agus figiúirí an toghcháin laistigh den lamháil earráide sin, agus ar ndóigh d’fhéadfadh go raibh na pobalbhreitheanna 100% cruinn nuair a rinneadh iad.

Pé rud a deir fear an Connacht Tribune nó aon duine eile, is cinnte go mbeidh spéis mhór i dtorthaí phobalbhreith TG4 ó Ghaillimh Thiar a bheidh á gcraoladh anocht ar Vóta 2020.

Tá Meascra Toghcháin den tuairim go bhféadfadh Sinn Féin agus Comhaontas Glas siar a bhaint as daoine i nGaillimh Thiar agus beidh suim againn féachaint an bhfuil aon bhunús leis an tuairimíocht sin i bhfigiúirí TG4.

Cuirfimid suim ar leith freisin i gcás aire stáit na Gaeltachta Seán Kyne agus caint cloiste againn i mbólaí áirithe go bhféadfadh sé a bheith i mbaol agus a leathbhádóir, Hildegarde Naughton, ag déanamh níos fearr ná é sa chathair.

Ar ndóigh níor cheart aon chaint mar sin, bíodh sé bunaithe ar phobalbhreith nó ná bíodh, a shlogadh gan chogaint.

An Ghaeilge sa toghchán…

Bítear ag súil lena laghad sin i dtaobh na Gaeilge ó na páirtithe anois nach mbíonn aon chasaoid ag lucht na teanga faoi ábhar toghcháin a bheith á chur ar fáil i mBéarla amháin.

Leagan Gaeilge d’fhorógra toghcháin? Coinnigh guaim ort féin, a chailín!

Bileoga páirtí i nGaeilge sa Ghaeltacht? Cuimhnigh ort féin, a mhac!

Leaganacha Gaeilge de mhanaí na bpáirtithe a bheith le feiceáil ag preasocáidí? Bíodh trí splaideog agaibh, a chairde!

Maidir le leagan Gaeilge dá mana a bheith le feiceáil, Fianna Fáil is fearr atá ag cruthú agus ‘Éire do Chách’ acu ar phóstaeir, ag preasocáidí agus fiú ar ábhar brandáilte.

Tá leagan Gaeilge dá mana curtha ar fáil chomh maith ag Fine Gael – ‘Todhchaí gur fiú a bheith ag Tnúth léi’.

Nuair nach raibh feicthe againn ach an leagan Béarla den mhana sin ‘A future to look Forward To’, bhí trua againn d’aon aistritheoir a leagfaí an cúram orthu Gaeilge a chur ar a leithéid.

Mair a chapaill agus gheobhaidh tú féar, a mhol aistritheoir amháin dúinn ach í den tuairim nach bhfaigheadh a hiarracht beannacht fhócasghrúpaí Fhine Gael.

Seanfhocal eile a mhol aistritheoir eile ar ár n-aithne a éiríonn go moch ar maidin.

‘Tnúth a threabhas’ a bhí aige sin agus a theanga ina leathbhéal aige.

Chuireamar an leagan ag Fine Gael féin faoi bhráid na beirte aistritheoirí a luaithe is a dhúisigh siad ar maidin féachaint cad déarfaidís leis.

Freagra ar bith ní bhfuaireamar fós, ach bí cinnte gur freagra é gur fiú a bheith ag tnúth leis…

Gheallfaidís a léine duit…

Bíodh is go bhfuil an Ghaeilge tearc go maith sa toghchán seo, tá cuid mhaith geallúintí á ndéanamh ina leith ag na páirtithe, i bhfad níos mó ná mar a bhíonn de ghnáth. Comhartha cinnte go bhfuil polaitíocht an cheant chugainn athuair, má bhí sí imithe riamh.

‘Nuair a bhíd ag lorg guth bíd ana-áiféiseach ina gcuid geallúintí,’ a dúirt Seán a’ Chóta, fear ar léir ar a bhailiúchán focal é a bheith chomh soiniciúil linn féin faoi chleas na polaitíochta.

‘Bheadh mo mhuinín agam as an té a gheallfadh dom go dteipfeadh sé orm,’ a dúirt an fear céanna.

Sin agat anois mana do chách aimsir thoghcháin.

Fág freagra ar 'Cruinneas phobalbhreitheanna TG4 agus mana Gaeilge Fhine Gael'