Deimhníonn urlabhraí Gaeilge Chomhaontas Glas nach bhfuil sé ina bhall d’ISIS! Scéalta ón gcamchuairt toghchánaíochta…

MEASCRA TOGHCHÁIN: Fáilte go dtí meascra toghcháin Tuairisc.ie, mar a mbeidh gach cineál iontais agus neamhiontais againn ó Olltoghchán 2020

Deimhníonn urlabhraí Gaeilge Chomhaontas Glas nach bhfuil sé ina bhall d’ISIS! Scéalta ón gcamchuairt toghchánaíochta…

An Ghaeilge i bhfeachtas Olltoghchán 2020…

Amach anseo uair éigin, is dócha, a fheicfear an t-aistriúchán Gaeilge ar mhana toghcháin Fhine Gael ‘A future to Look Forward to’.

‘Éire do Chách’ an t-aistriúchán atá ag Fianna Fáil ar a mana siúd, ‘An Ireland for all’. Inniu a chonaiceamar an t-aistriúchán sin den chéad uair. Bhuel den chéad uair ó 2016 nuair a bhí an mana céanna acu.

Lena gceart a thabhairt d’Fhine Gael ní dhearna siad dearmad ar fad ar an teanga agus an fógra mór á dhéanamh ag an Taoiseach agus labhair Leo Varadkar i nGaeilge agus i mBéarla agus a chinneadh á fhógairt aige.

Cuireadh leathleagan Gaeilge de ráiteas tosaigh toghcháin Leo Varadkar ar fáil taobh leis an leagan Béarla ar leathanach baile a suímh.

Faraor, is cosúil gur bhain an t-aistritheoir Gaeilge a chuóta amach don lá, nó go bhfuair sé jab sa Bhruiséil.

705 focal atá sa ráiteas Béarla agus 238 focal atá sa ráiteas Gaeilge, nó 235 má chuirtear san áireamh gur fhág an t-aistritheoir ‘House of Commons’ mar a bhí.

Coimeádfaimid súil ar an scéal seo ar eagla go n-éireodh leo an t-aistritheoir a bhíogadh arís.

Mar atá á rá ag Fine Gael faoi Brexit ó thús an fheachtais, b’fhéidir nach bhfuil ann ach ‘half-time’.


Logainmneacha Leo

Bhí seans le Bill Clinton gur rugadh é in áit darb ainm ‘Hope’, rud a mheabhraigh sé féin agus a lucht bolscaireachta go minic dúinn.

Ní raibh Leo Varadkar chomh hámharach céanna.

Sa Rotunda ar Chearnóg Parnell a rugadh Varadkar ach níor chuir sé sin aon bhac air féin ná Paschal Donohoe dul ag taoscadh as tobar an dóchais. Go dtí Ascaill an Dóchais, nó Hope Avenue, san ardchathair a chuaigh an bheirt acu chun físeán lán siúcra toghcháin a dhéanamh mar thús lena bhfeachtas.

Ní raibh rógaire amháin ar Twitter ró-thógtha leis an dteachtaireacht dóchais agus mheabhraigh sé logainm eile san ardchathair dóibh beirt…


Níl Peter Kavanagh ina bhall d’ISIS!

Tá séanta ag Peter Kavanagh, an cainteoir Gaeilge aitheanta atá ag seasamh do Chomhaontas Glas i mBaile Átha Cliath Thiar Meán, go bhfuil sé ina bhall de ISIS!

Tharraing pleidhce ar Twitter aird ar phictiúr toghcháin den Chaomhánach, urlabhraí Gaeilge a pháirtí, agus méar sínte san aer aige, comhartha a bhíonn ag baill ISIS, de réir dealraimh.

Dheimhnigh an t-iarrthóir féin do Mheascra Toghcháin nach raibh “baint ar bith aige le ISIS ná le haon bhuíon sceimhlitheoireachta eile” ach dúirt sé nár mhiste leis go mbeadh daoine “ag spochadh as”.

Ba mhaith leis chomh maith, a dúirt sé, na ceannlínte a chumfadh na nuachtáin faoina leithéid de scéal a fheiceáil. Bhí freagra air sin ag an gcraoltóir le RnaG agus colúnaí le Tuairisc.ie Dáithí de Mórdha.


Haischlib na nGael?

Is minic na Gaeil agus gach duine acu agus a haischlib féin aige aimsir na dtoghchán agus na reifreann. Na hiriseoirí is measa. Tá #Togh20 molta ag Eagarthóir Nós mar haischlib do Ghaeil Twitter an babhta seo. Bainfimid féin úsáid aisti chomh maith féachaint an éireoidh léi. #Togh20, #Ahaischlibforall, #Ahaischlibyoucanlookforwardto.

Fág freagra ar 'Deimhníonn urlabhraí Gaeilge Chomhaontas Glas nach bhfuil sé ina bhall d’ISIS! Scéalta ón gcamchuairt toghchánaíochta…'