Sin é a deirtí le cailín a bheadh an-ghléasta. Éadach galánta a bheadh uirthi. Bheadh sí pioctha cóirithe, í chomh gléasta le cuach. D’fhéadfá a rá freisin go mbeadh sí gléasta go péacach. Bruinnilín phéacach a thabharfadh cuid de na daoine uirthi, mar a tugadh ar an gcailín a bhí san amhrán. Go deimhin b’ionann péacóg agus bean óg a mbíodh an-tóir aici ar éadaí feiceálacha. Bhíodh a leithéid de bhean an-phráinniúil aisti féin dá réir.
D’fhéadfadh rudaí neamhbheo a bheith gléasta chomh maith – cabhlach gléasta, mar shampla. Is deas an féirín gafa gléasta Cúirt an tSrutháin Bhuí, a dúirt Colm De Bhailís san amhrán molta a chum seisean. Ní raibh Solamh féin faoi iomlán a mhaise chomh gléasta le haon lile acu seo, a dúirt Críost.
Shílfeá gur as buidéilín gloine a tháinig tú. Nach deas é?
Fág freagra ar 'NACH DEAS É?: Shílfeá gur as buidéilín gloine a tháinig tú…'