NACH DEAS É?: Shílfeá gur as buidéilín gloine a tháinig tú…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É?: Shílfeá gur as buidéilín gloine a tháinig tú…

Sin é a deirtí le cailín a bheadh  an-ghléasta.  Éadach galánta a bheadh uirthi. Bheadh sí pioctha cóirithe, í  chomh gléasta le cuach.  D’fhéadfá a rá freisin go mbeadh sí gléasta go péacach.  Bruinnilín phéacach a thabharfadh cuid de na daoine uirthi, mar a tugadh ar an gcailín a bhí san amhrán. Go deimhin b’ionann péacóg agus bean óg a mbíodh an-tóir aici ar  éadaí feiceálacha. Bhíodh a leithéid de bhean an-phráinniúil aisti féin dá réir.

D’fhéadfadh rudaí neamhbheo a bheith gléasta chomh maith – cabhlach gléasta,  mar shampla.  Is deas an féirín gafa gléasta Cúirt an tSrutháin Bhuí,  a dúirt Colm De Bhailís san amhrán molta a chum seisean. Ní raibh Solamh féin faoi iomlán a mhaise chomh gléasta le haon lile acu seo, a dúirt Críost.

Shílfeá gur as buidéilín gloine a tháinig tú. Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É?: Shílfeá gur as buidéilín gloine a tháinig tú…'